Skip to content

Oidhreacht Éireann

Buaicphointí Reilig Mheigiliteach Loch Craobh (4)

  1. Dreap na Cairn

    Dreap na Cairn

    Is coimpléasc de thuamaí pasáiste atá 5,000 bliain d’aois iad cairn Loch Craobh, agus is cuid de na séadchomharthaí is sine sa tír iad. ‘S iad na gnéithe ba shuntasaí sa tírdhreach taobh ó dheas den Seanchaisleán iad leis na mílte bliain anuas agus is féidir iad a fheiceáil i bhfad uathu. Is é Cairn T, ar shliabh Carn Bán Thoir, an carn is cáiliúla agus is mó a dtugtar cuairt air.

    Ní rud éasca é dreapadh go mullach an Chairn Bháin Thoir ach ní thógann sé ach thart ar 15 nóiméad, fiú má stopann tú le taitneamh a bhaint as an radharc agus tú ar do bhealach suas. Tóg do chuid ama agus tú ag dul suas, agus cuimhnigh go bhfuil tú ag leannacht lorg na ndaoine a dhreap na cnoic seo thar na mílte bliain.

  2. Éist le Treoirí

    Éist le Treoirí

    Nuair a shroicheann tú barr an chnoic, glac leis an gcuireadh dul ar turas treoraithe. Míneoidh do threoraí duit conas atá a fhois againn an méid atá ar eolas againn faoi na háiteanna diamhra seo. Fiosraigh seandálaíocht, miotaseolaíocht agus ealaín, agus cloisfidh tú cuid de na scéalta a d’inis daoine faoi na séadchomharthaí seo, agus iad ag déanamh iarracht tuiscint a fháil ar an dream a thóg iad.

    Mar shampla, de réir an finscéal, chruthaigh bean feasa nó cailleach an carn nuair a léim sí ó chnoc amháin go dtí an chéad chnoc eile, agus clocha ag titim óna naprún. Agus í ag déanamh iarracht an cnoc deireanach a bhaint amach, thit sí agus fuair sí bás. Deirtear go bhfuil sí curtha san áit ar thit sí, ar thaobh Chnoc Bhaile Phádraig.

  3. Spléachadh den Réamhstair

    Spléachadh den Réamhstair

    Breathnaigh taobh istigh de thuama pasáiste agus beidh tú ag breathnú ar an réamhstair. Bí ag faire amach do na clocha snoite sa phasáiste. Samhlaigh bheith i láthair ar an gcnoc seo agus an ghrian ag ardú ar maidin na cónochta agus an seomra laistigh á lasadh suas aige. Samhlaigh na searmanais a bhí ar siúl ar an láthair seo na mílte bliain ó shin.

  4. Bain taitneamh as an Radharc

    Bain taitneamh as an Radharc

    Agus tú ag smaoineamh ar an am atá thart, ná déan dearmad féachaint timpeall ar na radhairc iontacha. Deirtear gur féidir 18 gcontae a fheiceáil ó bharr an chnoic seo. Nuair a fhágann tú chun dul ar ais síos, d’fhéadfadh go mbeadh do chorp tuirseach ón dreapadh, ach beidh do cheann lán le scéalta. Is cinnte go gcuimhneoidh tú ar an eispéireas seo ar feadh tréimhse an-fhada.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.