Skip to content

Oidhreacht Éireann

Buaicphointí Teamhair (11)

  1. An tIonad Cuairteoirí

    An tIonad Cuairteoirí

    Is mór is fiú bualadh isteach san ionad cuairteoirí agus tús á chur agat le do chuairt ar Theamhair, ceanncheathrú Ardríthe na hÉireann. Tá an t-ionad cuairteoirí taobh istigh den Séipéal ar an gCnoc ón naoú haois déag, ina bhfuil fuinneog ghloine dhaite álainn leis an ealaíontóir iomráiteach Evie Hone agus an Chincís á léiriú uirthi. Tá dhá ghallán sa reilig ansin. Bí ag faire amach do ghreanadh síonchaite ar an gceann is airde díobh, a gceaptar gur Síle na gcíoch atá ann.

  2. Taispeántas Closamhairc

    Taispeántas Closamhairc

    Bain taitneamh as an léiriú closamhairc a mhaireann fiche nóiméad, a bhfuil radharcanna iontacha ón aer den mhórbhailiúchán seo de shéadchomharthaí ársa san áireamh ann. Téigh ar thuras tríd an stair, ón uair a thosaigh an ghníomhaíocht ag an láthair ársa ríoga seo go dtí an lá atá inniu ann. Tá píosa scannánaíochta ann freisin a rinneadh nuair a bhí an suíomh á thochailt, agus tugann sé léargas dúinn ar an obair iontach casta a dhéanann seandálaithe.

  3. Téigh ar Thuras

    Téigh ar Thuras

    I ndiaidh an taispeántais closamhairc, cén fáth nach rachfá ar thuras treoraithe ar an gcnoc? Déanfaidh duine dár dtreoraithe díograiseacha tú a thionlacan chuig na príomh-shéadchomharthaí atá i ngar dá chéile timpeall ar mhullach an chnoic, agus míneofar an stair agus an mhiotaseolaíocht a bhaineann leo ar an mbealach.

  4. Teach Míochuarta

    Teach Míochuarta

    Tabhair cuairt ar an teach míochuarta mór a tógadh i ré Chormaic Mhic Airt, a bhfuil múrtha comhthreomhara cré atá 200 méadar ar fad mar fhianaise air anois. Deirtear gur san áit seo a bhíodh féasta mór na Teamhrach ar siúl sna seanlaethanta. Mar sin féin, creideann na seandálaithe gur dóichí gur iarsmaí de chabhsa searmanais iad a bhí ag dul i dtreo an chnoic, agus a ceapadh chun go mbeadh an bealach isteach chuig Teamhair thar a bheith suntasach. Má leanann tú an bealach seo chuig an mullach, d’fhéadfadh sé go mbeifeá nach mór ag siúl an chosáin chéanna a shiúil na ríthe fadó.

  5. Ráth na Seanadh

    Ráth na Seanadh

    Is sa séadchomhartha sin atá ceann de na scéalta is suimiúla a bhaineann le Teamhair suite. Ag deireadh an naoú haois déag, cheap Iosraeilítigh na Breataine go raibh Áirc an Chonartha curtha sa séadchomhartha sin. Thochail siad é agus scrios siad mórán den suíomh agus iad á dhéanamh sin.

  6. Dumha na nGiall

    Dumha na nGiall

    Cinntigh go dtabharfaidh tú cuairt ar Dhumha na nGiall, an séadchomhartha is sine atá le feiceáil ar Theamhair. Is tuama pasáiste é atá 5,0000 bliain d’aois inar cuireadh taisí daonna. Tharla an dara tréimhse adhlactha ann le na Cré-umhaoise. Tá an bealach isteach chuig an seomra ar an taobh thoir. Féach isteach ann agus feicfidh tú cloch ar a bhfuil ealaín álainn mheigiliteach.

  7. Ráth na Ríogh

    Ráth na Ríogh

    Is é seo an t-imfhálú is mó ar Theamhair. Tá an t-imlíne ciliméadar iomlán ar fad. Timpeallaíonn sé mullach an chnoic agus tá díog inmheánach agus múr seachtrach á imlíniú. Creideann seandálaithe gur tógadh é chun mullach na Teamhrach a mharcáil agus a chur i leataobh mar ionad diaga. Baineann sé leis an Iarannaois, 2,000 bliain ó shin.

  8. An Forradh agus Teach Chormaic

    An Forradh agus Teach Chormaic

    Tá dhá shuíomh ar an gcuid is airde de Theamhair, agus iad cosúil le huimhir a hocht nuair a fheictear ón aer iad. Tá siad nasctha go fisiceach, ach creideann seandálaithe gur dócha gur tógadh iad ag amanna éagsúla agus go raibh feidhmeanna éagsúla acu. Ceaptar gur tulach nó dumha adhlactha é an Forradh agus go dtéann sé siar go dtí an Chré-umhaois nó go dtí tús na hIarannaoise, agus go raibh sé mar dhumha oirnithe ag na ríthe ina dhiaidh sin. Ceaptar gur lios nó áit chónaithe a bhí i dTeach Chormaic agus go bhféadfadh sé gur tógadh é idir an t-ochtú agus an deichiú haois AD. Is dócha gur chuir na daoine a thóg Teach Chormaic an Forradh ina n-áit chónaithe féin in aon turas chun a thaispeáint go raibh an dumha oirnithe, croílár na háite tábhachtaí seo, faoina smacht féin anois.

  9. Lia Fáil

    Lia Fáil

    Tá an gallán garbh eibhir seo suite ar bharr an tséadchomhartha ar a dtugtar an Forradh, agus deirtear go raibh sé mar chloch oirnithe ag na ríthe. Leag do lámh uirthi, ach bíodh a fhios agat go mbeidh tú ag baint triail as do chinniúint má dhéanann tú é sin. De réir an tseanchais, ligeann an chloch scread aisti nuair a leagann an fíor-rí a lámh uirthi.

    Faigh amach conas a bhí baint ag an áit ársa seo le himeachtaí eile sa stair ina dhiaidh sin. Tá leacht cuimhneacháin nua-aoiseach, a dhéanann comóradh ar Éirí Amach 1798 le hais na cloiche, leacht a tógadh chun comóradh 140 bliain a dhéanamh ar Chath na Teamhrach, a troideadh ar an 26 Bealtaine 1798. Tá leacht cuimhneacháin eile in áit eile ar an gcnoc, cros bheag Cheilteach déanta as eibhear, a tógadh in 1948 chun comóradh 150 bliain a dhéanamh ar an gcath céanna.

  10. Radhairc Shuntasacha

    Radhairc Shuntasacha

    Gheobhaidh tú radhairc lánléargais ar an taobh tíre máguaird ó mhullach an chnoic. Mothaíonn sé ard, cé nach bhfuil Teamhair ach 155 méadar os cionn leibhéal na farraige. Má tá an lá go breá, beidh radharc agat ar fud mhachaire láir na hÉireann, ó Bheanna Boirche agus Sléibhte Chuaille san oirthuaisceart go dtí Sliabh Bladhma san iardheisceart agus Sléibhte Chill Mhantáin sa deisceart.

  11. Dealbh Naomh Pádraig

    Dealbh Naomh Pádraig

    Bí ag faire amach don dealbh a dhéanann comóradh ar Naomh Pádraig, éarlamh na hÉireann. De réir an tseanchais, las Naomh Pádraig Tine na Cásca ar Mhullach Bhaile Shláine in aghaidh an Rí Laoghaire. De réir an tseanchais freisin, tharla achrann mór i dTeamhair idir Pádraig agus na draoithe págánacha.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.