Mainistir Phroinsiasach Ros Eirc
Ceann de na mainistreacha is fearr caomhnaithe ón meánaois in Éirinn
Unguided sitesAccess available during daylight hours
Áiseanna
- Carrchlós
Srianta
- Níl aon leithreas
Ceann de na mainistreacha is fearr caomhnaithe ón meánaois in Éirinn
Unguided sitesAccess available during daylight hours
Séadchomhartha Náisiúnta saor in aisce é Mainistir Phroinsiasach Ros Eirc atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
Suite ar chladaí áille Chuan Chill Eala atá scoite amach ón saol, ar bhruacha na Muaidhe, tá ceann de na mainistreacha Proinsiasacha is fearr caomhnaithe sa tír. Tá an suaimhneas fós le brath sa mhainistir inniu.
Bunaíodh Mainistir Ros Eirc thart ar na 1440idí do mhanaigh Tríú Ord Naomh Proinsias.
Chuir Sir Richard Bingham, Gobharnóir Chonnacht, an mhainistir trí thine in 1590, le linn d’Eilís I a bheith i réim.
Dearadh an mhainistir i stíl dhéanach Ghotach na hÉireann, agus gnéithe bunaidh na tréimhse fós le fáil sna fothracha, ina measc an linn ionnalta dúbailte ornáideach (ascaill ina bhfuil báisín cloiche chun na soithí beannaithe a ní le linn an Aifrinn), agus snoiteán de thúr cruinn ar cheann de na colúin, é bunaithe is dóigh ar an túr atá fós i gCill Ala inniu.
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá cosaint ag an séadchomhartha náisiúnta seo de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
An séadchomhartha Clochaoise is fairsing ar domhan
Timpeall 25.4 km ón Mainistir Phroinsiasach Ros Eirc
Na tuamaí meigiliteacha is sine in Éirinn suite i dtírdhreach drámatúil neoiliteach
Timpeall 41.5 km ón Mainistir Phroinsiasach Ros Eirc
Áit a mbaintear macalla as paidreacha na mbráithre i measc na bhfothrach
Timpeall 45.1 km ón Mainistir Phroinsiasach Ros Eirc
Mainistir atá suite ar shlí oilithreachta thábhachtach
Timpeall 49.9 km ón Mainistir Phroinsiasach Ros Eirc
Fothracha Mainistreach Agaistíní faoi scáil Chruach Phádraig
Timpeall 54.1 km ón Mainistir Phroinsiasach Ros Eirc
Fothracha breátha na Mainistreach Proinsiasaí deiridh a bunaíodh in Éirinn
Timpeall 54.6 km ón Mainistir Phroinsiasach Ros Eirc