Oidhreacht Éireann

Crannlann agus Páirc Chuimhneacháin JFK

Crannlann atá ar mhéid uachtaránachta

10:00 – 18:30

Amanna oscailte go léir

Crannlann agus Páirc Chuimhneacháin JFK

Crannlann atá ar mhéid uachtaránachta

10:00 – 18:30

See all opening times

Rochtain laghdaithe

Tá an príomhbhealach sa chrannlann oscailte, ach tá cuid de na mionbhealaí dúnta.
Cead isteach saor in aisce.
Turais Threoraithe: Taobh amuigh amháin 12:00 agus 15:00 (deichniúr ar a mhéad)
leithris dúnta le glanadh 13:30 - 14:30
Cosc ar rothaíocht, bogshodar agus clárscátáil.

Cead isteach

Duine Fásta: €5.00
Grúp-Ráta & Daoine Scothaosta: €4.00
Páiste/Mac Léinn: €3.00
Ráta Clainne: €13.00

Getting here

Crannlann agus Pairc Chuimhneachain JFK ,
Ros Mhic Thriúin,
Co. Loch Garman
Y34 KA48

Get Directions

Trip Advisor

4.5

Follow us

Crannlann agus Páirc Chuimhneacháin JFK

Ba i gcuimhne ar John F. Kennedy, ar rugadh a shin-sheanathair, Patrick, i mBaile Uí Dhonnagáin in aice láimhe, a tionscnaíodh an chrannlann seo in aice le Ros Mhic Triúin, Contae Loch Garman. Tá bailiúchán plandaí ann atá ar mhéid uachtaránachta.

Clúdaíonn an chrannlann achar ollmhór de 252 heictéar ar mhullach agus ar shleasa Shliabh Coiltir agus tá 4,500 cineál crainn agus toir ann ó gach réigiún measartha ar domhan. Tá 200 plota foraoise ann agus iad i ngrúpaí de réir mór-roinne. Tugtar suntas ar leith don ghairdín eiriceach ina bhfuil 500 róslabhras éagsúil agus mórán cineálacha asáilia agus fraoigh, mionbhuaircínigh agus plandaí dreaptha.

D’fhéadfadh sé gurb é an loch an chuid is gleoite den chrannlann, agus is tearmann é d’éanlaith uisce. Tá radhairc iontacha lánléargais ó mhullach an chnoic, 271 méadar os cionn leibhéal na farraige. Tá taispeántais shuimiúla maidir le JFK agus leis an gCrannlann féin san ionad cuairteoirí.

Uaireanta Oscailte

Ar oscailt an bhliain ar fad

Cead isteach deireanach 45 nóiméad roimh am dúnta

Meánfhad Cuairte: 1.5 uair

Uaireanta Oscailte Séasúracha

Deireadh Fómhair - Márta

Gach lá 10:00 – 17:00 (Príomh Chrannlann)

Aibreán

Gach lá 10:00 – 18:30

Bealtaine – Lúnasa

Gach lá 09:00 – 20:00

Mean Fómhair

Gach lá 10:00 – 18:30

Turais Threoraithe

Aibreán – Deireadh Fómhair
12:00 & 15:00
Buail le chéile ag Ionad na gCuairteoirí

Is féidir turas a chur in áirithint roimh ré.

Chun Turais Threoraithe a chur in áirithe, déan teagmháil le (046) 942 6070

Teagmháil

Crannlann agus Pairc Chuimhneachain JFK ,
Ros Mhic Thriúin,
Co. Loch Garman
Y34 KA48

046 9426090

Tabhair cuairt anseo

12 km ó theas ó Ros Mhic Thriúin (gar don R733)

Roghnaigh modh taistil

Áiseanna

  • Bealach Rothar
  • Caifé
  • Carrchlós
  • Taispeántas
  • Turais threoraithe
  • Taispeántas léirmhínitheach
  • Limistéar Picnice
  • Clós Súgartha
  • Leithris
  • Bealach siúil
  • Tá rochtain éasca ag cathaoireacha rothaí air
  • Leithreas inrochtana

Srianta

  • Siúlóidí míchothrom

Súimh cóngarach chun cuairt a thabhairt

B’fhéidir gur mhaith leat freisin

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.

Seol