Skip to content

Oidhreacht Éireann

Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce agus Caisleán Bhaile an Ásaigh

Seoid mheánaoiseach athaimsithe agus a diméin

Amanna oscailte go léir

Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce agus Caisleán Bhaile an Ásaigh

Seoid mheánaoiseach athaimsithe agus a diméin

See all opening times

Cead isteach

Saor in aisce

Getting here

Páirc an Fhionnuisce
Baile Átha Cliath 8
Contae Bhaile Átha Cliath
D08 Y304

Get Directions

Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce agus Caisleán Bhaile an Ásaigh

Is túrtheach é Caisleán Bhaile an Ásaigh agus ceaptar gur tógadh sa seachtú haois déag é, ach d’fhéadfadh sé gur tógadh chomh fada siar leis an gcúigiú haois déag é.

Bhí sé i bhfolach ar feadh na mblianta laistigh de bhallaí tí mhóir Sheoirsigh, a mbíodh fo-rúnaí na hÉireann ina chónaí ann tráth dá raibh. Nuair a leagadh an teach sin go déanach sna 1980idí, thángthas ar an gcaisleán. Rinneadh é a athchóiriú go hiomlán ó shin agus cuirtear fáilte roimh chuairteoirí anois ann.

Timpeall ar an gcaisleán tá Diméin Bhaile an Ásaigh, a bhfuil flúirse de nithe spéisiúla ann. Ina measc tá an garraí daingean cistine, a rinneadh a athchóiriú go hálainn sa leagan amach Victeoiriach a bhí ann ag an tús. Tá siúlóidí coillearnaí ann, chomh maith le limistéir phicnice agus clós súgartha le rochtain do chách.

In Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce, atá taobh leis an gcaisleán, tá taispeántas suimiúil de stair na páirce ó 3500 RCh suas go dtí an lá atá inniu ann. Tá bialann ghleoite ar thailte ionad na gcuairteoirí.

Uaireanta Oscailte

Ar oscailt an bhliain ar fad 

Tá Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce dúnta Dé Luain agus Dé Máirt ó Eanáir go Lár Aibreán. 09:30- 18:00

Cead isteach deireanach 1 uair roimh am dúnta.

Meánfhad Cuairte: 1 uair

Cead isteach deireanach 1 uair roimh am dúnta.

Tá an Gairdín Múrtha Cistine Victeoiriach, in aice leis an Ionad Cuairteoirí,  ar oscailt don phobal go laethúil ó 10:00 go 16:00

Fógra

Tabhair do d’aire go bhféadfadh sé nach mbeadh cead isteach ag an bpobal chuig an
suíomh ar gearrfhógra. Gabhaigí ár leithscéal as aon mhíchaothúlacht.

Teagmháil

Páirc an Fhionnuisce
Baile Átha Cliath 8
D08 Y304

01 6770095

Tabhair cuairt anseo

4km ó lár Bhaile Átha Cliath; i bPáirc an Fhionnuisce, comharthaí eolais crochta ag an séadchomhartha, An Féinics.

Oscail suíomh i Google Maps

Roghnaigh modh taistil

Áiseanna

  • Ealaín
  • Cur síos Fuaime
  • Seó Closamhairc
  • Seó Closamhairc
  • Seomra Gléasta Páiste
  • Bealach Rothar
  • Siopa Leabhar
  • Bróisiúr
  • Caifé
  • Carrchlós
  • Taispeántais ag athrú
  • Páirceáil cóiste
  • Taispeántas
  • Leithris Teaghlaigh
  • Turais threoraithe
  • Taispeántas léirmhínitheach
  • Ardaitheoir
  • Limistéar Picnice
  • Clós Súgartha
  • Tá rochtain éasca ag cathaoireacha rothaí air
  • Leithreas inrochtana

Srianta

  • Coisbheart oiriúnach
  • Madraí ar iall

Achmhainní

Treoir Shóisialta

Íoslódáil, priontáil agus léigh ár dtreoir shóisialta (PDF) faoi chuairt a thabhairt ar Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce - Caisleán Bhaile an Ásaigh. Cuideoidh sé seo le cuairteoirí céaduaire, teaghlaigh agus daoine faoi mhíchumas forbartha agus foghlama ullmhú le haghaidh cuairte ar Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce - Caisleán Bhaile an Ásaigh.

Íoslódáil an Treoir Shóisialta

Suíomhanna cóngarach

B’fhéidir gur mhaith leat freisin

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.