Skip to content

Oidhreacht Éireann

Buaicphointí An Casino, Marino (3)

  1. Stair Threoraithe

    Stair Threoraithe

    Bain sult as turas faoi stiúir ár dtreoraithe cairdiúil gairmiúla. Faigh amach faoi stair fhada spéisiúil an fhoirgnimh uathúil seo. Faigh amach faoina bhunús mar theach pléisiúir do James Caulfeild, an chéad iarla de Charlemont, atá suite sa tírdhreach lánléargais ina raibh a theach, Teach Marino, a bhí mar chúlchríoch thuaithe chathair Bhaile Átha Cliath ag an am sin.

  2. Rúin Ailtireachta

    Rúin Ailtireachta

    Cuir iontas ort féin leis an sárshaothar ailtireachta seo, ina bhfuil gach cineál pleananna rúnda ann, chomh maith le cleasanna glic ionchorpraithe ina dhearadh cliste. Cé gur cosúil gur foirgneamh aon seomra é seo tá 16 seomra ar thrí urlár ann. Foghlaim faoi na seachmaill radhairc a fhágann go bhfuil an ‘teach beag’ seo ar cheann de na seoda atá i bhfolach i mBaile Átha Cliath chomh maith le ceann de na teampaill nuachlasaiceacha is fearr atá le feiceáil san Eoraip.

  3. Ról san Éirí Amach

    Ról san Éirí Amach

    Faigh amach faoin tábhacht a bhí ag an bhfoirgneamh seo le linn imeachtaí suntasacha i stair na hÉireann. Mar shampla, foghlaim conas a d’úsáid réabhlóidithe na hÉireann, lena n-áirítear Michael Collins, na tolláin rúnda sa Casino mar raon lámhaigh sna blianta suaite na 1920idí.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.