Skip to content

Oidhreacht Éireann

Buaicphointí Caisleán Achadh na nIúr (5)

  1. Siúlóid Cois Abhann

    Siúlóid Cois Abhann

    Tá na radharcanna áille ar an mbealach chuig Caisleán Achadh na nIúr ar cheann de bhuaicphointí na cuairte ar an láithreán seo. Siúil feadh bhruacha duilleacha an Droimín faoi cheannbhrat fuinseoige, coill agus sceach gheal agus í ag lúbadh go réidh i dtreo theach geata an chaisleáin. Is féidir leat sult a bhaint anseo as timpeallacht uathúil nádúrtha atá i bhfad ó ruaille buaille an tsaoil nua-aimseartha. Tum tú féin sa nádúr ina bhfuil a lán speiceas flóra agus fána ina gcónaí cois abhann.

  2. Tóg Turas Treoraithe

    Tóg Turas Treoraithe

    Lig dár dtreoraithe saineolacha  tú a threorútríd an mheánaois Ghaelach agus faigh amach faoi thuras na bhFlaitheartach agus iad ag déanamh ríthe, agus níos déanaí  tiarnaí trodacha dóibh fhéin, le linn tréimhse inar tháinig go leor athruithe ar Éirinn. Tá scéal na bhFlaitheartach ar cheann de go leor scéalta faoi chlanna ceannasacha Gaelacha in Éirinn, iad ag iarradh theacht slán le linn tréimhse ina raibh an pholaitíocht ina gcíor thuathail.  Sa chúlra i gcónaí bhí  cogaíocht agus éirí amach ina mbaile uchtaitheIarchonnachta, agus is as seo a bhí an phríomhpháirt ag na Flaitheartaigh, gan staonadh agus iad ag iarraidh a módh maireachtála ársa a chaomhnú. Téigh siar sna blianta go ham ina raibhtáin bó, píoráideacht agus mionchogaíocht, de réir mar a thaispeánann an turas treoraithe an tseoid is luachmhaire d’oidhreacht thógála na bhFlaitheartach, is é sin Caisleán Achadh na nIúr.

  3. Turas Féin-Threoraithe

    Turas Féin-Threoraithe

    Tum tú féin sna scéalta éagsúla faoi shaol caisleáin mheánaoisigh Ghaelaigh agus faigh amach conas a rialaigh na Flaitheartaigh a ríocht ollmhór ó ballaí an dúnmórthaibhseach seo. Tá roinnt painéal faisnéise ar gach urlár a threoróidh tú tríd an bhfoirgneamh ar do luas féin. Inseoidh na painéil eolacha, ildaite seo, i mBéarla agus i nGaeilge, scéal Chaisleán Achadh na nIúr duit, scéal na bhFlaitheartach agus scéal an mheánaoise Ghaelach.   Tá Billeoga Eolais, i roinnt teangacha difriúila ar díol freisin ag an deasc fáiltithe. Tá céad fáilte romhat  breathnú thart ar na dtailte ar do shuaimhneas féin, ag féachaint ar radharcanna agus fuaimeanna tuaithe na hÉireann atá thart timpeall ort. Tá cosán breá ag dul thart ar an suíomh, le freastal ar cuairteoirí faoi bheagluaineacht agus bíonn treoraithe ar fáil i gcónaí chun aon cheisteanna a fhreagairt.

  4. Cosaintí Marfacha

    Cosaintí Marfacha

    Breathnaigh thart ar gach ceann den cheithre leibhéal sa túrtheach seo lena shraith shíoraí de chosaintí marfacha agus ábhair iontais, lena dtugtar léargas uathúil ar fheidhmiú gnáthchaisleáin Ghaelaigh. Faigh amach faoin gcaoi ar chosain poll an uafáis an caisleán le fórsa marfach agus faoin áit ar cuireadh naimhde na bhFlaitheartach i bpríosún sa seomra rúnda.

  5. Ailtireacht Den Scoth

    Ailtireacht Den Scoth

    Féach thart ar iarsmaí mórthaibhseacha an halla féasta lena fhuinneoga atá snoite go hálainn, a chuirfeadh ré fhéastaíochta agus tionóil deasghnáthaíoch i gcuimhne duit.  Déan iontas ar na ballaí cloiche láidre agus ar na túir  lena taobh, a thug tearmann don chlann i dtréimhse chreachadóireachta agus chogaidh agus iad go léir suite ag bruacha áille an Droimín.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.