Skip to content

Oidhreacht Éireann

Buaicphointí Caisleán agus Gairdíní Phort Omna (8)

  1. Bain sásamh as an mBealach Isteach

    Bain sásamh as an mBealach Isteach

    Tá diméin an chaisleáin suite go hiontach ar chladaí Loch Deirgeirt ar bhruach na Sionainne i mbaile gleoite Phort Omna. Ar an mbealach chuige, bainfidh tú taitneamh as na radhairc chrannacha agus ailtireachta.  Téitear trí shraith de thrí gheata mhórthaibhseacha ar an mbealach isteach. Ar Geata Morrison, atá deartha le móitífeanna duille darach agus dearcáin, léirítear sean-bhrí Phort Omna – ‘áit tuirlingthe na darach’. Tá crainn fhuinseoige agus silíní i líne ar gach taobh den ascaill, chomh maith le heiseamail iontacha d’fheá rua agus plána Londan. Féach an féidir leat aon iora rua a fheiceáil ar do bhealach. Taobh amuigh den gheata lár agus de na lóistíní, tá sean-armas an chlann de Búrca ar Gheata stíl Tuscánach Iodálach

  2. Ailtireacht Cheannródaíoch

    Ailtireacht Cheannródaíoch

    Breathnaigh ar chosaintí ailtireachta marfacha an chaisleáin, mar shampla poill mhuscaeid, lúbanna gunnaí agus poll lámhaigh ornáideach as ar caitheadh diúracáin. Tá go leor gnéithe suimiúla eile ann freisin, ar nós iarsmaí geata greille iarainn ar a dtugtar yett/geata sparraí iarainn, a chosnódh an príomhdhoras isteach. Tógadh Caisleán Phort Omna le dearadh ceannródaíoch, faoi thionchar ailtireacht Athbheochanna hEorpa, agus tá sé ar cheann de na mainéir leath-dhaingnithe is luaithe in Éirinn. Leis an simléar agus an díon curtha ar ais mar a bhí, fágtar go bhfuil an foirgneamh chomh maorga agus chomh hiontach agus a bhí sé riamh.

  3. Faigh amach Stair Chlainne

    Faigh amach Stair Chlainne

    Lig dár dtreoraithe tú a thabhairt siar 800 bliain le stair na clainne de Búrca agus a sinsear, de Burgo. Bhunaigh na de Burgo iad féin i gConnacht trí dheontais agus trí choncais agus choinnigh siad an chumhacht le cleamhnais agus chomhghuaillíochtaí chomh maith le fórsa arm. Bhí carachtair spéisiúla iomadúla ann. Ina measc bhí Uillic na gCeann, an chéad iarla Chlann Riocaird; Risteárd, an cheathrú iarla, agus a bhean chéile, Frances Walsingham inmholta agus toiliúil, a thóg Caisleán Phort Omna le chéile; agus Hubert, an ‘tIarla Sprionlóra’, carachtar áirid a raibh aige agus bhí cáil air mar gheall go raibh sé sprionlaithe, agus labhraítear faoin tréith sin, fiú sa lá atá inniu ann.  Faigh amach faoi chrann ginealaigh a bhfuil a bhrainsí fite fuaite le ríochas agus cumhacht pholaitiúil.

  4. Gairdíní Foirmiúla Áille

    Gairdíní Foirmiúla Áille

    Is eispéireas aoibhinn iad na gairdíní foirmiúla ag Port Omna do dhíograiseoirí garraíodóireachta agus taiscéalaithe ócáideacha araon.

    Bhí gairdíncistine múrtha mar lardrús don teach, ina raibh glasraí agus luibheanna ag fás. Deartha de réir faisin na hAthbheochana i bplean geoiméadrach agus siméadrach, tá na hathruithe séasúracha léirithe go hiontach sa ghairdín. Is féidir leat glasraí agus luibheanna a fháil atá fós ag fás anseo, taobh le bláthanna, crainn agus toir thorthaí  Tá an gairdín tírdhreachaithe ar bhealach atá báúil ó thaobh na héiceolaíochta de agus féadfaidh siúil trí limistéar a thacaíonn le pailneoirí.

    Tá draíocht speisialta i ngairdín foirmiúil na hAthbheochana ar a dtugtar Gairdín na mBan, go háirithe i mí an Mheithimh agus go luath i mí Iúil, nuair a bhíonn rósanna an seachtú haois déag faoi bhláth. Ar lá aoibhinn, i measc cumhráin na rósanna, níl sé deacair tú féin a shamhlú mar dhuine de mhná an tí, nó mar chuairteoir, ag comhrá agus ag ól tae as cupáin phoircealláin bhreátha sa suíomh galánta seo.

    Tar éis siúlóide timpeall na ngairdíní, suigh síos agus lig do scíth sna suíocháin iomadúla agus lig d’atmaisféar an seachtú haois déag do chuid céadfaí a ghabháil.

  5. Seomra Tae

    Seomra Tae

    Lean ar aghaidh le d’eispéireas agus tabhair cuairt ar an seomra tae. Tá an bhéim anseo ar lón cothaitheach, d’ardchaighdeáin, chomh maith le caifé, tae agus milseogra speisialta. Tá an t-atmaisféar cairdiúil agus fáilteach, rud a fhágann gur áit shuaimhneach é an seomra tae chun bualadh le teaghlaigh agus le cairde nó chun taitneamh a bhaint as roinnt ama síothúil.

  6. Daoine Óga agus Teaghlaigh

    Daoine Óga agus Teaghlaigh

    Cuirimid turais ar fáil do scoileanna, oiriúnaithe chun freastal ar aoisghrúpaí difriúla. Cuideoidh na heispéiris bhríomhara, spéisiúla seo le daoine óga stair an cheantair a thuiscint.

    Féadfaidh teaghlaigh le leanaí go leor taitnimh a bhaint anseo freisin. Tá Caisleán Phort Omna lán le scéalta aisteach nach ndéanfar dearmad orthu  – scéal an mhadra bhig, Fury, mar shampla, a tharrtháil cailín ón mbás uair amháin. Is féidir leat grianghraf teaghlaigh a thógáil sna stoic agus rith timpeall sa chathair ghríobháin sailí i ngairdín cistine an seachtú haois déag. Tá clár fichille ollmhór le fáil sa seomra tae. Tá tráth na gceist spraíúil ann freisin, ar bhealach iontach é do leanaí roinnt stair áitiúla fhoghlaim.

  7. Siúlóidí Fóillíochta

    Siúlóidí Fóillíochta

    Má tá fonn ort siúl, is ceann scríbe iontach é Caisleán agus Gairdíní Phort Omna. Téigh ar do shuaimhneas trí na painéil léirmhíniúcháin atá ar urlár talún an chaisleán. Tabharfaidh siad seo léargas ar stair an teaghlaigh, ar ailtireacht an chaisleáin agus ar na hoibreacha athchóirithe. Beidh cuimhne go deo agat ar do shiúlóid timpeall gairdíní ón seachtú haois déag. Taobh amuigh den chaisleán, laistigh de shiúlóid dhá nóiméad, tá fothracha an mainistreachDoiminiceach , a théann ina dhiaidh sin chuig Cuan an Chaisleáin agus áiseanna páirceála do veain champála. Ón áit sin is féidir leat an iliomad cosán siúlóide agus rothaíochta i bPáirc Fhoraoise Phort Omna a thógáil. Is áit iontach í an fhoraois le haghaidh picnic cois locha a bheith agat.

    Ar an taobh eile den bhaile, laistigh de shiúlóid dheich nóiméad, tá Ionad Teach na mBocht, a insíonn scéal iontach-suimiúl faoin nGorta Mór.

  8. Visitors should check Portumna Castle's facebook and Instagram for current exhibitions

    Visitors should check Portumna Castle's facebook and Instagram for current exhibitions

    Ba cheart do chuairteoirí facebook agus Instagram Chaisleán Phort Omna a sheiceáil le haghaidh taispeántais reatha

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.