Skip to content

Oidhreacht Éireann

Buaicphointí Caisleán Chill Chainnigh (6)

  1. An Turas Treoraithe

    An Turas Treoraithe

    Téigh le ball dár bhfoireann eolach ar thuras treoraithe agus foghlaim faoin gcaoi a raibh an rath céanna ar Chaisleán Chill Chainnigh agus a bhí ar mhuintir de Bhuitléir thar na blianta. Samhlaigh saol mhuintir de Buitléir agus iad ina gcónaí laistigh de na ballaí seo, agus éist le scéal a theacht chun suantais, toradh ar an dlúth-bhaint a bhí acu leis an teaghlach ríoga le linn réanna na dTudaraigh agus na Stiobhartaigh

  2. An Seomra Meánaoiseach

    An Seomra Meánaoiseach

    Glac suíochán sa Seomra Meánaoiseach, atá 800 bliain d’aois, agus lig dár scannán tú a iompar siar sna blianta. Féach ar an gcaoi ar thosaigh an caisleán a shaol mar dhaingean Normannach, agus an forbairt a tháinig air thar na céadta bliain go dtí gur déanadh teach sómasach maorga na Buitléirigh cumhachtach dó. Laistigh de dheich nóiméad, nochtar stair ocht gcéad bliain.

  3. Talamh Páirce nach bhfuil a sárú ann

    Talamh Páirce nach bhfuil a sárú ann

    Tá os cionn 50 acra le taitneamh a bhaint as i bPáirc Chaisleán Chill Chainnigh. Glac páirt i Rith na Páirce agus téigh ag bogshodar nó ag siúl thar cúrsa 5 km ar an Satharn, úsáid ceann dár gceithre chúrsa treodóireachta, lean an cosán go dtí an lochán agus buail lenár dtréad lachan agus cearc uisce, aimsigh an bealach isteach chuig tollán na seirbhíseach nó téigh ar ais chuig d’óige agus roll síos an cnoc de dhéantús an duine. Tá go leor bealaí spreagúla ann chun an pháirc álainn seo a fhiosrú.

  4. Gairdín na Rósanna

    Gairdín na Rósanna

    Éalaigh ó ruaille buaille lár na cathrach agus lig do scíth inár ngairdín róis suaimhneach. Seas taobh thiar den scairdeán i measc boladh na rósanna faoi bhláth agus bain sásamh as radharc Chaisleán Chill Chainnigh i mbarr a réime.

  5. An Tochailt Seandálaíochta

    An Tochailt Seandálaíochta

    Tabhair cuairt ar an suíomh tochailte thar a bheith suimiúil ag Caisleán Chill Chainnigh. Faigh amach faoi theach geata meánaoiseach William Marshall, féach cad atá fágtha de bhalla theas an chaisleáin daingnithe ón tríú haois déag agus samhlaigh cén chuma a bhí ar an mbunstruchtúr cloiche, a thóg an ‘ridire b’iontaí a bhí ann riamh’.

  6. An Gailearaí Pictiúr

    An Gailearaí Pictiúr

    Is é an Gailearaí Pictiúr an dara seomra is faide in Éirinn agus cinnte i measc na seomraí is maorga. Anseo is féidir breathnú ar an díon iontach de stíl mheánaoiseach, a rinne John Hungerford Pollen gailearaí fíor uathúil de nuair a phéinteáil sé é i sraith eicléictiúil de stíleanna sna 1860idí.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.