Buaicphointí Caisleán Dhún na nGall (5)
An Saol Meánaoiseach
Ba é Caisleán Dhún na nGall daingean pearsanta Aodh Ruadh Ó Domhnaill, tiarna Thír Conaill. Tabhair cuairt ar an túrtheach athchóirithe agus faigh amach conas a mhair muintir Uí Dhomhnaill, ceann de na clanna Gaelacha is cumhachtaí sa tír.
Cuardaigh Taisce
Tá go leor le déanamh ag leanaí i gCaisleán Dhún na nGall. Beidh do thaiscéalaithe beaga faoi gheasa ag Tóraíocht Taisce na bPictiúr – agus cuir geall leis go bhfoghlaimeoidh siad go leor ar an mbealach.
Tóg Turas Treoraithe
Lig dár dtreoraithe iontacha tú a thabhairt siar i stair an chaisleáin mhóir seo, ó aimsir na dtiarnaí Gaelacha, tríd thréimhse an phlandáil agus blianta fada mar fhothrach, suas go dtí an t-athchóiriú a rinneadh le déanaí a thug an foirgneamh iontach seo ar ais go barr a réime.
Aimsigh do Shinsear
An as sliocht uasal nó ragaígh a síolraíodh thú? Bíocuntaí nó bacaigh? Tá foinse mhór d’fhaisnéis ghinealais faoin gceantar ag ár dtreoraithe ar a ndeis. Lig dúinn do thuras taighde a dhéanamh beagán níos éasca agus cabhrú leat na mionsonraí a bhaineann le stair do mhuintir a fhiosrú.
Caith súil ar na Painéil
I sraith tharraingteach de phainéil taispeántais, tugtar léargas ar stair an chaisleáin agus an cheantair, lena n-áirítear an mhainistir Phroinsiasach in aice láimhe, áit a raibh an Bráthair Mícheál Ó Cléirigh ina chónaí agus é ag obair ar Annála Ríoghachta Éireann, ceann de na cáipéisí stairiúla is suntasaí in Éirinn.