Skip to content

Oidhreacht Éireann

Buaicphointí Caisleán Dhún na nGall (5)

  1. An Saol Meánaoiseach

    An Saol Meánaoiseach

    Ba é Caisleán Dhún na nGall daingean pearsanta Aodh Ruadh Ó Domhnaill, tiarna Thír Conaill. Tabhair cuairt ar an túrtheach athchóirithe agus faigh amach conas a mhair muintir Uí Dhomhnaill, ceann de na clanna Gaelacha is cumhachtaí sa tír.

  2. Cuardaigh Taisce

    Cuardaigh Taisce

    Tá go leor le déanamh ag leanaí i gCaisleán Dhún na nGall. Beidh do thaiscéalaithe beaga faoi gheasa ag Tóraíocht Taisce na bPictiúr – agus cuir geall leis go bhfoghlaimeoidh siad go leor ar an mbealach.

  3. Tóg Turas Treoraithe

    Tóg Turas Treoraithe

    Lig dár dtreoraithe iontacha tú a thabhairt siar i stair an chaisleáin mhóir seo, ó aimsir na dtiarnaí Gaelacha, tríd thréimhse an phlandáil agus blianta fada mar fhothrach, suas go dtí an t-athchóiriú a rinneadh le déanaí a thug an foirgneamh iontach seo ar ais go barr a réime.

  4. Aimsigh do Shinsear

    Aimsigh do Shinsear

    An as sliocht uasal nó ragaígh a síolraíodh thú? Bíocuntaí nó bacaigh? Tá foinse mhór d’fhaisnéis ghinealais faoin gceantar ag ár dtreoraithe ar a ndeis. Lig dúinn do thuras taighde a dhéanamh beagán níos éasca agus cabhrú leat na mionsonraí a bhaineann le stair do mhuintir a fhiosrú.

  5. Caith súil ar na Painéil

    Caith súil ar na Painéil

    I sraith tharraingteach de phainéil taispeántais, tugtar léargas ar stair an chaisleáin agus an cheantair, lena n-áirítear an mhainistir Phroinsiasach in aice láimhe, áit a raibh an Bráthair Mícheál Ó Cléirigh  ina chónaí agus é ag obair ar Annála Ríoghachta Éireann, ceann de na cáipéisí stairiúla is suntasaí in Éirinn.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.