Skip to content

Oidhreacht Éireann

Buaicphointí Daingean Míleata Rinn Chorráin (5)

  1. Suíomh Spiagach

    Suíomh Spiagach

    Tá suíomh cois abhann Dhaingean Rinn Chorráin tarraingteach, gan amhras. Le rampair agus conair an dúin bhreá féadtar dul ar shiúlóidí taitneamhacha – bealach iontach chun baile gleoite Chionn tSáile a fheiceáil agus taitneamh a bhaint as an radharcra iontach ar an bhfarraige.

  2. Áilleacht Ailtireachta

    Áilleacht Ailtireachta

    Bain sult as áilleacht ailtireachta an daingean réalt-chruthach seo, arna spreagadh ag an t-innealtóir míleata Francach, Vauban. Leis na húrdhúnta, beairic, túiríní agus móta rachaidh tú siar go dtí an seachtú haois déag, ré a raibh suaite leis an gcogaíocht agus an léigear.

  3. Stair an Choncais

    Stair an Choncais

    Siúil i gcosáin na gceannasaithe míleata móra a raibh baint acu le Daingean Rinn Chorráin. Foghlaim faoi Chogadh an Dá Rí agus suaiteacht fhuilteach 1690. Faigh amach faoin gcaoi ar chuir John Churchill, chéad Diúc Marlborough, Daingean Rinn Chorráin faoi léigear ón talamh ard; agus faoin gcaoi ar sheas an garastún an fód ar feadh 13 lá sular ghéill sé d’fhórsaí an Rí Liam sa deireadh.

  4. Saol Saighdiúra

    Saol Saighdiúra

    Beairic de chuid Arm na Breataine a bhí i nDaingean Rinn Chorráin ar feadh 200 bliain. Tabhair cuairt ar ár n-ionad taispeántais ilmheán den scoth agus foghlaim faoin bhfírinne lom den saol i nDaingean Rinn Chorráin don saighdiúir liostáilte.  Faigh amach faoi na gnáthaimh laethúla i gceathrúna an tsaighdiúra phósta agus faoi shaol gan só na daoine a thug a saol don dualgais agus disciplín.

  5. Grá agus Tragóid

    Grá agus Tragóid

    Éist le finscéal uafásach Bhean Bhán Dhaingean Rinn Chorráin, a deirtear gur chaith sí í féin ó na huchtbhallaí oíche a bainise tar éis gur lámhnaíodh a fear céile nua, Sir Trevor Ashurst, as a bheith ina chodladh le linn a phost faire.

    Deirtear go siúlann an Bhean Bhán ar fhorbhallaí Dhaingean Rinn Chorráin lena triopall brídeoige ag snámh go scáfar taobh thiar di. An bhféadfá a bheith ar an gcéad duine eile chun sceiteadh súl a fháil uirthi?

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.