Skip to content

Oidhreacht Éireann

Ionad an Bhlascaoid

An scéal a bhaineann le pobal uathúil oileánda

Áirithint ar líne

07 Márta - 02 Samhain 2024
Amanna oscailte go léir

Ionad an Bhlascaoid

An scéal a bhaineann le pobal uathúil oileánda

BOOK ONLINE

07 Márta - 02 Samhain 2024

See all opening times

Cead isteach

Duine fásta: €5.00
Ball den Ghrúpa nó Saoránach Sinsearach: €4.00
Mac Léinn: €3.00
Teaghlach: €13.00
Faoi 12 – saor in aisce

Áirithint ar líne

Getting here

Dún Chaoin
Corca Dhuibhne
Co. Chiarraí
V92 TH73

Get Directions

Follow us

Ionad an Bhlascaoid

I nDún Chaoin, an paróiste is faide siar i leithinis Chorca Dhuibhne, tá ionad oidhreachta agus músaem uathúil. Insíonn Ionad an Bhlascaoid scéal na mBlascaodaí agus an phobail bhig Ghaelaigh a bhí ina gcónaí ann go dtí lár an 20ú haois. Píosa iontach ailtireachta atá san Ionad féin.

Deineadh uasghrádú iomlán ar Ionad an Bhlascaoid in 2022. Tugann na taispeántaisí nua agus idirghníomhach ann athinsint fhíorshamhailteach ar scéal na mBlascaodaí, a n-oidhreacht shaibhir agus a litríocht uathúil. Is Pointe Fionnachtana Shlí an Atlantaigh Fhiáin é láthair an Ionaid agus is buaicphointe é d’aon chuairt ar leithinis Chorca Dhuibhne. Tá ardán féachana ar bharr aille ar shuíomh an Ionaid as a bhfuil radharcanna iontacha ar oileánra na mBlascaodaí agus ar chósta an Atlantaigh a bhfuil teacht ag cách orthu.

Bhí an saol deacair ar na Blascaodaí. Mhair na daoine ar iascaireacht agus feirmeoireacht agus bhí streachailt in aghaidh na n-eilimintí i gceist gach lá. Tréigeadh an Bhlascaod Mór i 1953 mar thoradh ar mheath an phobail de bhárr eisimirce agus brú na nua-aoise sa chéad leath den 20ú haois.

Tá lorg cultúrtha ollmhór fágtha ag daonra Bhlascaoid Mhóir. Dhein údair an oileáin taifead ar shaol a bpobal i sraith leabhar atá ina dtaifid shóisialta luachmhara agus ina gclasaicí de litríocht na Gaeilge. Tugann siad léargas ar shaol atá imithe atá ina acmhainn iontach don lá atá inniu ann.

Tabhair cuairt ar Ionad an Bhlascaoid chun cuntas a fháil ar oidhreacht iontach mhuintir an Bhlascaoid Mhóir agus chun dul i ngleic le croílár chultúr, teanga agus stair na hÉireann.

Uaireanta Oscailte

07 Márta – 02 Samhain 2024

Go Laethúil 10:00- 18:00

Cead isteach deireanach 17:15

Fógra

Teagmháil

Dún Chaoin
Corca Dhuibhne
Co. Chiarraí
V92 TH73

066 915 6444 / 915 6371 / 087 629 9522

Tabhair cuairt anseo

Ag rinn Leithinise Chorca Dhuibhne, 16km ón Daingean (R559)

Oscail suíomh i Google Maps

Roghnaigh modh taistil

Áiseanna

  • Seó Closamhairc
  • Seomra Gléasta Páiste
  • Siopa Leabhar
  • Caifé
  • Card Accepted
  • Pointe amharc barr na haille
  • Taispeántas léirmhínitheach
  • Leithris
  • Ionad bainise
  • Tá rochtain éasca ag cathaoireacha rothaí air
  • Wi-Fi

Srianta

  • Madra treorach amháin

Suíomhanna cóngarach

B’fhéidir gur mhaith leat freisin

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.