Oidhreacht Éireann

Ionad an Bhlascaoid Mhóir

An scéal a bhaineann le pobal uathúil oileánda

Pointe féachana oscailte. .

Amanna oscailte go léir

Ionad an Bhlascaoid Mhóir

An scéal a bhaineann le pobal uathúil oileánda

Pointe féachana oscailte. .

See all opening times

Rochtain laghdaithe

Ionad Cuairteóirí dúnta le haghaidh athchóirithe.
Pointe féachana oscailte. .

Cead isteach

Saor  in aisce

Getting here

Dún Chaoin
Corca Dhuibhne
Co. Chiarraí
V92 TH73

Get Directions

Follow us

Ionad an Bhlascaoid Mhóir

Tá ionad oidhreachta agus músaem uathúil i nDún Chaoin, ar an ngob is faide siar de Chorca Dhuibhne. Píosa fíorálainn ailtireachta is ea Ionad an Bhlascaoid Mhóir féin, agus insíonn sé scéal na mBlascaodaí agus scéal an phobail a mhair ansin go dtí lár an fichiú haois, pobal beag Gaeilgeoirí a bhí an-bheag ach a raibh an-teacht aniar iontu.

Bhí an saol crua ar na Blascaodaí. Is ar an iascaireacht agus ar an bhfeirmeoireacht a mhair na daoine agus iad ag streachailt leis an aimsir lá i ndiaidh lae. De bharr na himirce agus an mheatha, tréigeadh an t-oileán uathúil seo go hiomlán in 1953.

D’fhág pobal an oileáin lorg ollmhór cultúrtha ina ndiaidh. Thaifead siad saol a bpobail i sraith leabhar atá thar a bheith luachmhar mar thaifid shóisialta agus is seoda iad i litríocht na Gaeilge. Tugann siad léargas dúinn ar an am atá caite agus is acmhainn iontach iad don lá atá inniu ann.

Tabhair cuairt ar Ionad an Bhlascaoid Mhóir, chun blaiseadh a fháil d’oidhreacht iontach mhuintir na mBlascaodaí agus déan tú féin a thumadh i gcroílár chultúr, theanga agus stair na hÉireann.

Uaireanta Oscailte

01 Márta – 06 Samhain 2022

Fógra

Teagmháil

Dún Chaoin
Corca Dhuibhne
Co. Chiarraí
V92 TH73

066 915 6444 / 915 6371 / 087 629 9522

Tabhair cuairt anseo

Ag rinn Leithinise Chorca Dhuibhne, 16km ón Daingean (R559)

Oscail suíomh i Google Maps

Roghnaigh modh taistil

Áiseanna

  • Seó Closamhairc
  • Seomra Gléasta Páiste
  • Siopa Leabhar
  • Caifé
  • Pointe amharc barr na haille
  • Taispeántas léirmhínitheach
  • Leithris
  • Ionad bainise
  • Tá rochtain éasca ag cathaoireacha rothaí air
  • Wi-Fi

Srianta

  • Madra treorach amháin

Suíomhanna cóngarach

B’fhéidir gur mhaith leat freisin

Cárta Oidhreachta

Níl an tsaoráid díolacháin ar líne don chárta oidhreachta ar fáil faoi láthair.

Bí ar ár liosta seoltaí

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.

Seol