Skip to content

Oidhreacht Éireann

Buaicphointí Láithreán Neoiliteach agus Ionad Cuairteoirí Achaidh Chéide (3)

  1. Taisteal Siar sna Blianta

    Taisteal Siar sna Blianta

    Lig dár dtreoraithe den scoth tú a iompar trí na mílte bliain agus iad ag insint scéal an séadchomhartha cloch-aoise is fairsinge ar domhain. Éist faoin talamh feirme iontaisithe is sine ar domhan. Déan iarracht an portach a fhiosrú chun balla cloiche Neoiliteach a aimsiú dhá mhéadar thíos faoi do chosa. Agus ná déan dearmad go bhfuil fionnachtana nua á ndéanamh anseo an t-am ar fad. Bí i measc na chéad daoine chun cloisteáil faoi thorthaí atá ar thús cadhnaíochta na heolaíochta seandálaíochta.

  2. Radharc na Farraige

    Radharc na Farraige

    Cuir féachaint ort féin ar ár n-ardán amhairc ar imeall na haille atá 110 méadar os cionn na farraige. Féach amach ar an Atlantach ollmhór nó breathnaigh taobh thiar díot, i dtreo cuid de na foirmíochtaí carraigeacha is drámatúla in Éirinn. Cibé bealach, tá an radharc gan sárú ann. Má bhíonn an aimsir ró-dhúshlánach le bheith amuigh faoin aer, féach ar an muirdhreach a bhíonn ag athrú an t-am ar fad ónár ndíon gloine.

  3. Éiceachóras Uathúil

    Éiceachóras Uathúil

    Tá carachtar éiceolaíoch dá gcuid féin ag bratphortaigh nádúrtha Achaidh Céide. Féach duit féin ar an bhfásra agus ar an bhfiadhúlra uathúil atá sa cheantar. Is iad an giorria, an frog agus fiú an laghairt sheachantach cuid de na hainmhithe a bhfuil cónaí orthu i measc an chórais páirceanna ársa seo. Féach an féidir leat iad a fheiceáil, agus tú ag coinneál cluas amach don fuiseog os do chionn. Féach go géar ar an bhfásra éagsúil ina bhfeicfidh tú caonach, fraoch, crotal agus féar. Is cuma cén t-am den bhliain é beidh rud éigin difriúil ann, ó na lusanna bainne bídeacha gorma agus bándearga san earrach, ceannbháin dhroimníneacha agus magairlíní meidhreacha go luath sa samhradh, drúchtíní a itheann feithidí agus na lusanna caisil oráiste sa samhradh agus ar aghaidh go dtí an fraoch corcra ag deireadh an tsamhraidh agus an chíb chopair agus órga san fhómhar.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.