Skip to content

Oidhreacht Éireann

Buildings

Tigh Mór Dhoire Fhionáin

Athchóirlú

Newly refurbished courtyard
Refurbished and landscaped yard, with new paved paths, ramps, steps, planting and lighting

Cúlra agus cuspóirí an tionscadail

Léiríodh roinnt ceisteanna maidir le hinrochtaineacht ar an láthair. Níorbh fhéidir le daoine ar éagumas gluaiseachta ach an bunurlár a rochtain, agus bhí easpa spáis i gcuid de na háiseanna, an fáiltiú san áireamh. Bhí céimeanna isteach chuig an seomra closamhairc agus chuig na leithris do chuairteoirí. Lasmuigh, ba dhúshlán é an dromchla féir agus cloiche do chuairteoirí nach raibh lúth na gcos go maith acu.

Anuas go 2006, bhí cuid den tigh in úsáid mar áit chónaithe feighlí. Nuair a tháinig an spás seo saor, bhí deis ann feidhm a bhaint as an gcuid seo den tigh le haghaidh cuairteoirí agus cóiríocht bhreise. Bhí príomhchuspóirí an tionscadail dírithe ar inrochtaineacht, chuig an tigh agus an láthair, agus ar na bailiúcháin trí léiriú agus léirmhíniú breise.

Library with new exhibition cases.
Daniel O’Connell’s Library and study, with new exhibition cases for display of the collections
Image of new reception area
New entrance area with reception desk, seating, exhibition, link to audio visual room, and access to new stairs and lift
New exhibition space

Cur síos ar na hoibreacha

Cruthaíodh bealach isteach nua inrochtaine do chuairteoirí agus láthair fáilte san áit ina raibh seomra na dtreoraithe agus áit chónaithe an fheighlí. Anseo freisin tá nasc chuig an seomra closamhairc, agus staighre agus ardaitheoir nua chuig spás taispeántais ar an urlár thuas; tá rampa chuig an parlús agus an leabharlann nach raibh teacht orthu ach ar staighre go dtí seo. Mar sin don chéad uair féadfaidh daoine le cathaoireacha rothaí agus naícharranna teacht ar an urlár thuas. Feabhsaíodh doirse agus urláir, chomh maith le soilsiú éigeandála agus na haláraim dóiteáin, de réir na gcaighdeán sábháilteachta dóiteáin is déanaí.

Léiríonn taispeántas nua an t-ábhar ar bhealach níos inrochtaine chuig pobal níos leithne; tá frámaí nua taispeántais, téacsanna agus treoirleabhair ilteangacha agus lúb ionduchtaithe do dhaoine ar éagumas éisteachta. Féadfar anois an tigh agus na bailiúcháin atá ann a fheiceáil ar an mbealach is fearr; tá cur síos leanúnach a thugann eolas ar Thigh Mór Dhoire Fhíonáin agus ar Dhónall Ó Conaill ar bhealach atá tarraingteach agus fíorúil.

Lasmuigh, sa chlós isteach agus i gclós an tseomra tae, leagadh síos dromchla nua inrochtaine le meascán cloiche agus gairbhéil scagach. Tá dhá charrchlós chomh maith le láthair tuirlingt, agus athraíodh na leibhéil sa chaoi go bhfuil teacht ar na doirsí ar fad ar aon leibhéal. Leathnaíodh na doirsí chun cathaoireacha rothaí a ligean isteach.

Inside the drawing room at Derrynane House
Dining Room at Derrynane House

Cur chuige deartha

Ba bheag an obair a ndearnadh as an nua. Díríodh ar an gcur isteach is lú a dhéanamh ar fhoirgneamh atá faoi chosaint, agus athúsáid a dhéanamh as spás a bhí ann cheana. Ar an dtaobh istigh, coinníodh struchtúr, fabraic agus bailchríoch chomh fada agus ab fhéidir, agus roghnaiodh ábhar nua a bheadh ag freagairt dóibh. Clárbhrat clochaoil agus dara atá in urláir nua nuair is ann dóibh. Cuireadh béim ar adhmadóireacht den scoth taobh istigh de chreatlach an fhoirgnimh, le láithreacha comhtháite suí agus taispeántais.

Bhí cur chuige na hoibre ag teacht leis an gcleachtas is fearr caomhantais – an cur isteach is lú, deisiú mar a chéile agus an cumas chun oibreacha nua a inaisathrú dá mba ghá é sin.

Chuir Fáilte Ireland maoiniú i bpáirt ar fáil don obair. Ba iad foirne ailtireachta, innealtóireachta, suirbhéireacht chainníochta agus bainistiú tionscadail Oifig na nOibreacha Poiblí a dhearaigh agus a stiúraigh an tionscadal, le cúnamh ó Sheirbhísí Oidhreachta OPW (Réadmhaoin Stairiúla agus Seirbhísí Chuairteoirí). Eamonn Costello (Kerry) Ltd ó Thrá Lí a dhein an obair thógála, a críochnaíodh i mBealtaine 2014 in am do shéasúr an tsamhraidh.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.