Comhairle maidir le hIarratas
Tá céim iarratais ár bpróisis earcaíochta deartha chun cabhrú leat do scileanna agus do thaithí a léiriú chun na critéir don ról a chomhlíonadh. Tá sé tábhachtach eolas cruinn a thabhairt agus a mhíniú cén fáth a mbeadh tú oiriúnach don ról.
Féach na treoirlínte thíos a chabhróidh leat d’iarratas a chur isteach:
- Déan Athbhreithniú ar Leabhrán Eolais an Chomórtais: Sula líonann tú an fhoirm iarratais isteach, déan athbhreithniú ar an Leabhrán Eolais le cinntiú go bhfuil riachtanais agus dualgais an róil léite agat agus go bhfuil tú incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar an bpost.
- Léigh an Fhoirm Iarratais: Léigh gach ceist ar an bhfoirm iarratais go cúramach agus bí cinnte go bhfreagraíonn tú gach ceist.
- Tabhair samplaí a bhaineann leis na hinniúlachtaí: Tá an fhoirm iarratais deartha le cinntiú gur féidir leat na scileanna agus an taithí atá agat a léiriú go soiléir. Tá sé tábhachtach eolas cruinn a thabhairt agus a mhíniú cén fáth a mbeadh tú oiriúnach
don ról. - Gearrliostú: D’fhéadfadh gearrliostú iarrthóirí a bheith bunaithe ar an eolas atá sna hiarratais. Mar sin, is chun do leasa féin é cuntas mionsonraithe agus cruinn a thabhairt ar do thaithí ar an bhfoirm iarratais.
- Infhaighteacht: D’fhéadfadh fad na fostaíochta séasúraí a bheith éagsúil, ag brath ar na riachtanais oibríochtúla áitiúla. Féadfaidh uaireanta, dátaí tosaithe agus dátaí críochnaithe an tséasúir a bheith éagsúil freisin ar na cúiseanna céanna. Bí cruinn le do thoil nuair a iontrálann tú do dhátaí infhaighteachta don bhliain atá le teacht mar d’fhéadfadh sé tionchar a chur ar d’iarratas a bheith á chur chun cinn dá mbeadh feidhm ag gearrliostú agus bunaithe ar riachtanais an chonartha do gach láithreán.
- Tabhair aird ar an dáta deiridh: Tá sé tábhachtach aird a bheith agat ar dháta deiridh an chomórtais agus dóthain ama a thabhairt duit féin chun an fhoirm iarratais a líonadh isteach. Ní ghlacfar ach amháin le hiarratais a chuirtear isteach go hiomlán ar líne sa chomórtas. Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an dáta deiridh.
- Sábháil do chuid oibre: Ní mór an fhoirm iarratais a líonadh isteach agus a chur isteach in aon seisiún amháin ar do bhrabhsálaí. Ná déan athnuachan ar do bhrabhsálaí agus ná bain úsáid as an gcnaipe siar sula seolann tú an fhoirm chomhlánaithe isteach mar ní shábhálfar aon sonraí a chuirtear isteach ag an bpointe sin.
Déan taifead ar na freagraí a thug tú ar gach ceist ar an bhfoirm iarratais. Beidh an t-agallamh bunaithe ar an doiciméad sin. Tabhair do d’aire, ní féidir d’fhoirm iarratais a shábháil agus ansin filleadh ar an leathanach gréasáin chun í a chríochnú sula gcuirtear isteach í.

