Comórtais Earcaíochta
Comórtas oscailte le haghaidh ceapachán mar Threoraí Séasúrach/Oifigeach Eolais ar Sceilg Mhichíl,
Réadmhaoin Oidhreachta Domhanda UNESCO
Tabhair do d’aire, le do thoil, nach dtairgfear fostaíocht shealadach ach d’iarrthóirí rathúla de bhun an chomórtais seo.
Ba chóir go mbeidís seo a leanas ag iarrthóirí ar spéis leo an obair seo:
- feasacht ar oidhreacht
- taithí bhainteach oibre
- scileanna maithe cumarsáide
- cumas maith oibriú mar chuid d’fhoireann
- líofacht sa Ghaeilge le haghaidh Láithreáin Ghaeltachta