Oifigeach Eolais um Treoraithe Séasúracha
- Suíomh
- An Casino, Marino
- Ráta pá
- €15.28 (Leibhéal Iontrála) – Tagair don leabharín don scála pá
- Cineál Poist
- Conarthaí Téarma Socraithe
Aighneachtaí: Dúnta
Cad a dhéanaimid
Is é an príomhchúram atá againn ná na foirgnimh stairiúla agus an oidhreacht is tábhachtaí in Éirinn a bhainistiú agus a chaomhnú. Tugaimid an-aire do na 780 láithreán oidhreachta atá faoinár gcúram. Anuas air sin, ag na 70 láithreán ina bhfuil seirbhísí do chuairteoirí ar fáil, oibrímid go dian chun iad a chur i láthair ar na caighdeáin is airde, ag cinntiú go dtugaimid an t-eispéireas is fearr is féidir linn do chuairteoirí ó Éirinn agus ó thíortha eile.
Ar mhaith leat oibriú chun ár láithreáin oidhreachta a chur chun cinn agus a chur i láthair don phobal? Tá Seirbhísí Cuairteoirí Oifig na nOibreacha Poiblí ag lorg daoine díograiseacha faoi láthair chun bheith mar chuid dá bhFoireann Treoraithe tiomnaithe.
Teistiméireachtaí
Is aghaidh phoiblí an OPW iad ár dTreoraithe, a chuireann suíomhanna oidhreachta is tábhachtaí na hÉireann os comhair an phobail. Tá ról ríthábhachtach ag an tSeirbhís Treorach maidir le caomhnú agus cur i láthair rogha suíomhanna, chomh maith le sábháilteacht agus sásamh na gcuairteoirí a chinntiú.
Tugann Treoraithe Oidhreachta taithí uathúil nach ndéanfá dearmad uirthi do chuairteoirí ó gach cearn den domhan. Is post é a mbainfeá sásamh agus sult as má thaitníonn sé leat do chuid saineolais agus díograise a roinnt le daoine eile.
Eolas Fúinn An Casino, Marino
Is foirgneamh suntasach é an Casino, ó thaobh na foirgníochta agus na staire de. Rinne Sir William Chambers é a dhearadh mar theach pléisiúir do James Caulfield, an chéad iarla Charlemont, in aice lena theach cónaithe, a bhí faoin tuath ag an am sin. Is seoid d’ailtireacht nuachlasaiceach ón ochtú haois déag é. Déanta na fírinne, tá sé ar cheann de na foirgnimh is breátha den stíl sin san Eoraip.
Ciallaíonn an téarma ‘casino’ sa chás seo ‘teach beag’, agus ón taobh amuigh tá an chosúlacht air gur teach beag atá ann. Ach, tá 16 sheomra ann, gach ceann díobh maisithe go galánta agus fíorálainn i ndearadh fíneálta neamhghnách. I Seomra na Stoidiaca, mar shampla, tá síleáil chruinneachánach ann a léiríonn an spéir le siombail astralaíochta múnlaithe timpeall an íochtair.
Tá an Casino lonnaithe ag Marino, trí mhíle ó thuaidh de lár chathair Bhaile Átha Cliath.

An Post
Áirithe i Ról an Treoraí Shéasúraigh/Oifigigh Eolas beidh:
Cosaint an láithreáin
• Cinntiú go gcloífear le pé rialacha atá ann do chuairteoirí.
• Bheith freagrach as slándáil agus sábháilteacht ag an láithreán.
• Maoirseacht a dhéanamh ar chuairteoirí ar mhaithe le smacht a choinneáil agus cur isteach ar an láithreán a chosc.
• Cuidiú le forbairt agus cur i bhfeidhm gníomhaíochtaí oideachais.
• Cuidiú le forbairt taispeántas agus imeachtaí a eagrú, más gá.
Fáiltiú na gCuairteoirí agus Ábhair Ghaolmhara
• Fáilte a chur roimh chuairteoirí chuig an láithreán
• Cuntas ar an láithreán agus na háiseanna a thabhairt do chuairteoirí
• Riarachán ticéad agus admhálacha
• Litríocht, cártaí poist agus póstaeir a dhíol
• Airgead a chomhaireamh agus admhálacha a réiteach
• Stoc a chomhaireamh
• An oifig fáiltithe agus áiseanna eile an láithreáin a choinneáil glan agus slachtmhar
• Trealamh closamhairc nó trealamh cuí eile a oibriú
• Déileáil le fiosrúcháin fóin
• Déileáil le háirithintí don láithreán
• Ag déileáil le fiosruithe faoin gceantar agus na háiseanna cuairteoirí a ghabhann leis
• Ag cuidiú leis an gcóras bainistithe áirithintí ar líne do dhaoine aonair agus do chuairteoirí gnó (Tionscnóirí Turas) araon – nuair is infheidhme
• Staitisticí ar líon na gcuairteoirí a chur i dtoll a chéile agus a chur ar fáil
Cur Chun Cinn agus Léirmhíniú an Láithreáin
• Cur amach ar gach gné de thábhacht agus cúlra an láithreáin
• Do thráchtaireacht turais féin a fhorbairt i gcomhairle leis an stiúrthóir agus na treoraithe eile
• Turais treoraithe a stiúradh
• Turas treoraithe a chur in oiriúint do ghrúpaí ar leith
• Déileáil le mionfhiosrúcháin faoi ghnéithe ar leith den láithreán
• Dualgais lasmuigh lena n-áirítear Maoirseacht Páirce ach gan a bheith teoranta dó
• Dualgais feitheoireachta
• Caithfidh sé a bheith ar chumas gach iarrthóra na dualgais ar fad a bhaineann leis an bpost a bhaint amach.
Ina theannta sin, beidh ar an sealbhóir poist aon dualgas a bhaineann leis an bpost, a thugtar dó/di ó am go chéile, a chomhlíonadh agus páirt a ghlacadh i bhforbairt an phoist agus sé/sí i seilbh oifige.
RIACHTANAIS
Ní mór d’iarratasóirí na nithe seo leanas a bheith acu:
- Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach
• Feasacht ar an Oidhreacht agus tuiscint agus spéis sa Stair
• Tuiscint ar réasúnaíocht stairiúil agus modheolaíocht taighde
• Cumas dul i dteagmháil le agus cláir a dhéanamh do lucht féachana éagsúil, daoine aonair agus pobail, ar an láthair agus ar line.
• Ní mór d’iarrthóirí a bheith 18 mbliana d’aois ar a laghad ar 1 Eanáir 2026. Tá scor éigeantach nuair a shroicheann siad 70 bliain d’aois. Ní mór d’iarrthóirí teastas breithe bunaidh nó Pas a sholáthar chun críocha fíoraithe aoise mar chuid den phróiseas réamhfhostaíochta. Ní dhéanfar aon cheapachán chuig an bpost do na hiarrthóirí sin nach gcomhlíonann na critéir aoise
Taithí oibre iomchuí
• An cumas oibriú mar chuid d’fhoireann agus idirghníomhú le comhghleacaithe, bainisteoirí agus leis an bpobal ar bhealach tuisceanach, cúirtéiseach agus gairmiúil.
• An cumas cur le spiorad maith foirne agus é a chothabháil
• Toilteanas glacadh le treoir
• Scileanna idirphearsanta agus cumarsáide den scoth lena n-áirítear muinín agus cumas cuir i láthair a dhéanamh do ghrúpaí
• Dea-bhreithiúnacht agus scileanna cinnteoireachta go háirithe i gcásanna éigeandála
• Suim i leith soiléireacht agus caighdeán oibre
• Taithí ar chóras agus nósanna imeachta TFC
• Feasacht iomlán ar nósanna imeachta sláinte agus sábháilteachta. Ní mór an Obair ar fad a chur i gcrích ar bhealach éifeachtach agus sábháilte, de réir threoracha an mhaoirseora/bainisteora, maidir leat féin, lena chomhghleacaithe agus leis an bpobal trí riachtanais Sláinte agus Sábháilteachta a thuiscint, a urramú agus a chur i bhfeidhm
• Feasacht ar ghá an láithreán a chaomhnú
• Tiomantas do Sheirbhísí do Chustaiméirí ar Ardchaighdeán
Is dócha go mbeidh agallaimh ar siúl go pearsanta i rith mhí na Samhna.
Beidh fad na gconarthaí éagsúil óna chéile ach mairfidh siad idir 3 agus 9 mí.
Ceisteanna Coitianta
Is féidir. Mura bhfuil tú sa tír ag am an agallaimh, is féidir linn agallamh ar líne a éascú duit má éiríonn le d’iarratas.
Déanfar teagmháil le gach iarrthóir trí ríomhphost laistigh de mhí amháin ón dáta deiridh agus tabharfar cuireadh duit chun agallaimh nó gheobhaidh tú litir chun a rá nár cuireadh d’iarratas ar an ngearrliosta le haghaidh agallaimh an uair seo.
Is féidir, caitear le gach comórtas ar leithligh, áfach. Má éiríonn le hiarrthóir i gcomórtas amháin agus má thairgtear post dóibh, ní féidir aon tairiscint eile a dhéanamh.