Skip to content

Oidhreacht Éireann

Oifigeach Eolais um Treoraithe Séasúracha

Suíomh
Cúirt agus Eastát Ioma
Ráta pá
€15.28 (Leibhéal Iontrála) – Tagair don leabharín don scála pá
Cineál Poist
Conarthaí Téarma Socraithe

Aighneachtaí: Dúnta

Leabhrán Faisnéise d’Iarrthóirí

Cad a dhéanaimid

Is é an príomhchúram atá againn ná na foirgnimh stairiúla agus an oidhreacht is tábhachtaí in Éirinn a bhainistiú agus a chaomhnú. Tugaimid an-aire do na 780 láithreán oidhreachta atá faoinár gcúram. Anuas air sin, ag na 70 láithreán ina bhfuil seirbhísí do chuairteoirí ar fáil, oibrímid go dian chun iad a chur i láthair ar na caighdeáin is airde, ag cinntiú go dtugaimid an t-eispéireas is fearr is féidir linn do chuairteoirí ó Éirinn agus ó thíortha eile.

Ar mhaith leat oibriú chun ár láithreáin oidhreachta a chur chun cinn agus a chur i láthair don phobal? Tá Seirbhísí Cuairteoirí Oifig na nOibreacha Poiblí ag lorg daoine díograiseacha faoi láthair chun bheith mar chuid dá bhFoireann Treoraithe tiomnaithe.

Teistiméireachtaí

Is aghaidh phoiblí an OPW iad ár dTreoraithe, a chuireann suíomhanna oidhreachta is tábhachtaí na hÉireann os comhair an phobail. Tá ról ríthábhachtach ag an tSeirbhís Treorach maidir le caomhnú agus cur i láthair rogha suíomhanna, chomh maith le sábháilteacht agus sásamh na gcuairteoirí a chinntiú.

Tugann Treoraithe Oidhreachta taithí uathúil nach ndéanfá dearmad uirthi do chuairteoirí ó gach cearn den domhan. Is post é a mbainfeá sásamh agus sult as má thaitníonn sé leat do chuid saineolais agus díograise a roinnt le daoine eile.

Teistiméireachtaí Treoraithe

Teistiméireachtaí Treoraithe

Eolas Fúinn

Sampla den scoth de Theach Mór nuachlasaiceach is ea Cúirt Ioma, atá suite i lár Shliabh Bladhma. Chuaigh an t-ailtire cáiliúil, James Gandon, a bhí díreach críochnaithe lena chuid oibre ar Theach an Chustaim agus ar na Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath, i mbun oibre ar Chúirt Ioma in 1790. Ainneoin sin, níor críochnaíodh an foirgneamh atá ina sheasamh ansin anois go ceann 70 bliain ina dhiaidh sin.
Bhí an t-eastát mar áit chónaithe ag iarlaí Chúl an tSúdaire nó gurbh éigean dóibh imeacht as Éirinn go buan de bharr Chogadh na Saoirse. Ghlac na hÍosánaigh seilbh ar an áit roinnt blianta ina dhiaidh sin, agus is ann a cuireadh oiliúint ar thart ar 500 nóibhíseach de chuid an oird nuair a bhí sí mar Nóibhíseacht ag Proibhinse na hÉireann.
Ghlac an Maor Cholmeley-Harrison seilbh ar Chúirt Ioma sna 1960idí agus rinne sé athchóiriú iomlán uirthi. D’oscail sé na gairdíní áille agus an fearann páirce don phobal agus i ndeireadh na dála bhronn sé an t-eastát go léir ar mhuintir na hÉireann in 1994.
Anois is féidir le cuairteoití taitneamh a bhaint as siúlóidí an locha agus na coillearnaí nó as lúbán trí na gairdíní sula ligfidh siad a scith sa seomra tae taitneamhacha.
Tá an teach á athchóiriu go cúramach agus go sainiúil ag OPW faoi láthair agus beidh taispeántais nua le hiniúchadh.

view of the manor house within the large estate grounds
Emo Court Estate Credit Fáilte Ireland

An Post

Áirithe i Ról an Treoraí Shéasúraigh/Oifigigh Eolas beidh:

Cosaint an láithreáin
• Cinntiú go gcloífear le pé rialacha atá ann do chuairteoirí.
• Bheith freagrach as slándáil agus sábháilteacht ag an láithreán.
• Maoirseacht a dhéanamh ar chuairteoirí ar mhaithe le smacht a choinneáil agus cur isteach ar an láithreán a chosc.
• Cuidiú le forbairt agus cur i bhfeidhm gníomhaíochtaí oideachais.
• Cuidiú le forbairt taispeántas agus imeachtaí a eagrú, más gá.

Fáiltiú na gCuairteoirí agus Ábhair Ghaolmhara
• Fáilte a chur roimh chuairteoirí chuig an láithreán
• Cuntas ar an láithreán agus na háiseanna a thabhairt do chuairteoirí
• Riarachán ticéad agus admhálacha
• Litríocht, cártaí poist agus póstaeir a dhíol
• Airgead a chomhaireamh agus admhálacha a réiteach
• Stoc a chomhaireamh
• An oifig fáiltithe agus áiseanna eile an láithreáin a choinneáil glan agus slachtmhar
• Trealamh closamhairc nó trealamh cuí eile a oibriú
• Déileáil le fiosrúcháin fóin
• Déileáil le háirithintí don láithreán
• Ag déileáil le fiosruithe faoin gceantar agus na háiseanna cuairteoirí a ghabhann leis

• Ag cuidiú leis an gcóras bainistithe áirithintí ar líne do dhaoine aonair agus do chuairteoirí gnó (Tionscnóirí Turas) araon – nuair is infheidhme
• Staitisticí ar líon na gcuairteoirí a chur i dtoll a chéile agus a chur ar fáil

Cur Chun Cinn agus Léirmhíniú an Láithreáin
• Cur amach ar gach gné de thábhacht agus cúlra an láithreáin
• Do thráchtaireacht turais féin a fhorbairt i gcomhairle leis an stiúrthóir agus na treoraithe eile
• Turais treoraithe a stiúradh
• Turas treoraithe a chur in oiriúint do ghrúpaí ar leith
• Déileáil le mionfhiosrúcháin faoi ghnéithe ar leith den láithreán
• Dualgais lasmuigh lena n-áirítear Maoirseacht Páirce ach gan a bheith teoranta dó
• Dualgais feitheoireachta
• Caithfidh sé a bheith ar chumas gach iarrthóra na dualgais ar fad a bhaineann leis an bpost a bhaint amach.

Ina theannta sin, beidh ar an sealbhóir poist aon dualgas a bhaineann leis an bpost, a thugtar dó/di ó am go chéile, a chomhlíonadh agus páirt a ghlacadh i bhforbairt an phoist agus sé/sí i seilbh oifige.

Riachtanais

Ní mór d’iarratasóirí na nithe seo leanas a bheith acu:

  • Tá líofacht i mBéarla riachtanach

• Feasacht ar an Oidhreacht agus tuiscint agus spéis sa Stair

• Tuiscint ar réasúnaíocht stairiúil agus modheolaíocht taighde

• Cumas dul i dteagmháil le agus cláir a dhéanamh do lucht féachana éagsúil, daoine aonair agus pobail, ar an láthair agus ar line.

• Ní mór d’iarrthóirí a bheith 18 mbliana d’aois ar a laghad ar 1 Eanáir 2026. Tá scor éigeantach nuair a shroicheann siad 70 bliain d’aois. Ní mór d’iarrthóirí teastas breithe bunaidh nó Pas a sholáthar chun críocha fíoraithe aoise mar chuid den phróiseas réamhfhostaíochta. Ní dhéanfar aon cheapachán chuig an bpost do na hiarrthóirí sin nach gcomhlíonann na critéir aoise

Taithí oibre iomchuí

• An cumas oibriú mar chuid d’fhoireann agus idirghníomhú le comhghleacaithe, bainisteoirí agus leis an bpobal ar bhealach tuisceanach, cúirtéiseach agus gairmiúil.
• An cumas cur le spiorad maith foirne agus é a chothabháil

• Toilteanas glacadh le treoir

• Scileanna idirphearsanta agus cumarsáide den scoth lena n-áirítear muinín agus cumas cuir i láthair a dhéanamh do ghrúpaí

• Dea-bhreithiúnacht agus scileanna cinnteoireachta go háirithe i gcásanna éigeandála

• Suim i leith soiléireacht agus caighdeán oibre

• Taithí ar chóras agus nósanna imeachta TFC

• Feasacht iomlán ar nósanna imeachta sláinte agus sábháilteachta. Ní mór an Obair ar fad a chur i gcrích ar bhealach éifeachtach agus sábháilte, de réir threoracha an mhaoirseora/bainisteora, maidir leat féin, lena chomhghleacaithe agus leis an bpobal trí riachtanais Sláinte agus Sábháilteachta a thuiscint, a urramú agus a chur i bhfeidhm

• Feasacht ar ghá an láithreán a chaomhnú

• Tiomantas do Sheirbhísí do Chustaiméirí ar Ardchaighdeán

Is dóichí go mbeidh agallaimh ar siúl go pearsanta i rith mhí Eanáir nó Feabhra 2026.

Beidh fad na gconarthaí éagsúil óna chéile ach mairfidh siad idir 3 agus 9 mí.

Ceisteanna Coitianta

Is féidir. Mura bhfuil tú sa tír ag am an agallaimh, is féidir linn agallamh ar líne a éascú duit má éiríonn le d’iarratas.

Déanfar teagmháil le gach iarrthóir trí ríomhphost laistigh de mhí amháin ón dáta deiridh agus tabharfar cuireadh duit chun agallaimh nó gheobhaidh tú litir chun a rá nár cuireadh d’iarratas ar an ngearrliosta le haghaidh agallaimh an uair seo.

Is féidir, caitear le gach comórtas ar leithligh, áfach. Má éiríonn le hiarrthóir i gcomórtas amháin agus má thairgtear post dóibh, ní féidir aon tairiscint eile a dhéanamh.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol