Skip to content

Oidhreacht Éireann

Oifigeach Eolais um Treoraithe Séasúracha

Suíomh
Maoin Oidhreachta Domhanda EOECNA Sceilg Mhichíl
Dáta Deiridh
10/12/2025
Ráta pá
€15.28 (Leibhéal Iontrála) – Tagair don leabharín don scála pá
Cineál Poist
Conarthaí Téarma Socraithe

Aighneachtaí: Oscailte

Leabhrán Faisnéise d’Iarrthóirí

Déan Iarratas Anois

Cad a dhéanaimid

Déanann Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) breis is 780 séadchomhartha náisiúnta agus 32 réadmhaoin stairiúil ar fud na hÉireann a bhainistiú, a chothabháil agus a chur i láthair. Gach bliain, cuireann ár bhFoirne Treoraithe tiomnaithe fáilte roimh chuairteoirí ó gach cearn den domhan chuig breis is 70 láithreán oidhreachta, agus stair shaibhir na hÉireann á comhroinnt acu trí léirmhíniú tarraingteach. Tá daoine fonnmhara á lorg againn anois chun a bheith páirteach inár bhfoireann ag Réadmhaoin Oidhreachta Domhanda UNESCO Sceilg Mhichíl, ceann de na láithreáin oidhreachta is suaithinsí in Éirinn.

Eolas Fúinn

Suíomh álainn uathúil is í Séadchomhartha Náisiúnta Sceilg Mhichíl, ar Láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO agus Limistéar faoi Chosaint Speisialta (LCS) í, ina dtagann seanstair mainistreach agus radhairc iontacha le chéile. Tá an láithreán suite amach ó chósta Chiarraí, agus is suíomh mainistreach oileáin luath-mheánaoiseach dea-chaomhnaithe é a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta leis, a mheallann thart ar 15,000 cuairteoir gach bliain. Ina theannta sin, tá 2 theach solais ar an oileán chomh maith le coilíneachtaí iomadúla éan mara cosanta.

 

Eolas Ginearálta agus Láthair na hOibre

Cuireann OPW Seirbhís Treoraí ar fáil ar oileán Sceilg Mhichíl le linn séasúir de thart ar 4.5 mí, ó lár mhí na Bealtaine go deireadh mhí Mheán Fómhair de ghnáth. Le linn na míonna sin, bíonn foireann 3 Threoraí OPW i láthair ar an oileán go leanúnach, agus cónaí orthu i gcóiríocht OPW go lánaimseartha (botháin réamhdhéanta faoi láthair) le linn thréimhse a n-uainchláir chun feidhmeanna áirithe a dhéanamh a bhaineann le cosaint an láithreáin agus léirmhíniú do chuairteoirí.

Is éard atá i gceist le hobair ar Sceilg Mhichíl tréimhsí fada a chaitheamh amuigh faoin spéir in aimsir athraitheach, cónaí go comhoibritheach le comhghleacaithe ar an láthair, agus labhairt go croíúil le cuairteoirí ó roinnt mhaith tíortha. Beidh coinne leis go rachaidh iarrthóirí rathúla leis an uainchlár sin agus go n-oibreoidh siad mar chuid d’fhoireann atá an-dlúth le chéile.

Timthriall oibre

Oibríonn an t-uainchlár cónaithe ar thimthriall leanúnach oibre 15 lá, agus bíonn 6 lá saor ina dhiaidh sin (14 oíche ar an láthair, 7 n-oíche as an láthair) de ghnáth. Sceidealaítear treoraithe le bheith ag obair ar a laethanta teachta agus imeachta araon. Is é 9.6 uair an chloig an lá oibre caighdeánach, agus d’fhéadfadh tráthnónta, deiridh seachtaine, agus saoirí poiblí nó bainc a bheith i gceist leis sin, i gcomhréir le riachtanais oibríochtúla. Sceidealaítear laethanta teachta agus imeachta ar an Aoine, ag brath ar an aimsir.
Chun cothroime a chinntiú ar fud na bhfoirne, d’fhéadfaí patrúin sceidealaithe mhalartacha, uainíochtaí seachtain air/seachtain as mar shampla, a chuimsiú sna huainchláir ó am go chéile de réir mar is gá. Sceidealaítear laethanta saora agus tréimhsí faoisimh roimh thús an tséasúir.
Ós rud é go mbraitheann taisteal chuig an oileán agus uaidh ar an aimsir, d’fhéadfadh fanacht rófhada tarlú ó am go chéile nuair nach féidir taisteal go sábháilte mar gheall ar na dálaí aimsire. Tá an tsolúbthacht agus an comhoibriú fíor-riachtanach chun cothroime agus leanúnachais foirne a choinneáil ar bun. Moltar d’iarratasóirí machnamh a dhéanamh faoi má oireann an socrú oibre sin dá gcúinsí pearsanta.

An Post

Maidir leis an bpost: Áireofar le ról an Treoraí Shéasúraigh ar Sceilg Mhichíl, ach níl sé teoranta do:

• Cosaint an tsuímh.
• Fáilte a chur roimh chuairteoirí agus iad a chur in aithne don suíomh agus dá shaoráidí.
• Maoirseacht a dhéanamh ar chuairteoirí chun an suíomh a chaomhnú agus chun cur isteach air a chosc.
• Ardchaighdeáin sláinte agus sábháilteachta a choinneáil ar bun do chuairteoirí agus don fhoireann, agus comhlíonadh rialacha agus nósanna imeachta an tsuímh á chinntiú.
• Aon teagmhas nó timpiste a mhonatóiriú agus a thuairisciú, agus a chinntiú go bhfuil taifeadadh agus nósanna imeachta leantacha láidre i bhfeidhm.
• A bheith i láthair ag suímh ar leith ar an láthair i rith an lae chun eolas, cúnamh agus comhairle a thabhairt do chuairteoirí.
• Monatóireacht agus rialú a dhéanamh ar líon na gcuairteoirí de réir mar is cuí do limistéir ar leith ar an suíomh.
• Cinntiú a mhéid is féidir le réasún nach ndéantar aon damáiste don suíomh.
• Tú féin a chur ar an eolas faoi gach gné de thábhacht agus de scéal an tsuímh.
• Do thráchtaireacht turais féin a fhorbairt i gcomhar leis an Treoraí Maoirseachta agus le treoraithe eile, i gcomhréir le caighdeáin OPW.
• Turais threoraithe a thabhairt.
• Nuair is cuí, turais threoraithe a dhéanamh trí Ghaeilge nó trí theangacha eile.
• Déileáil le fiosrúcháin maidir le gnéithe ar leith agus uathúla an tsuímh.
• Cabhrú le himeachtaí a reáchtáil ar an suíomh.
• Teagmháil iomchuí a dhéanamh le sealbhóirí ceadanna báid ar bhonn laethúil.
• Cuidiú le gníomhaíochtaí faofa a éascú ó am go chéile ar nós scannánaíocht nó grianghrafadóireacht ar an suíomh.
• Oibriú mar chuid d’fhoireann agus idirghníomhú go héifeachtach le comhghleacaithe, lucht bainistíochta, speisialtóirí ar cuairt, oibreoirí báid ceadaithe agus daoine den phobal ar bhealach measúil gairmiúil.
• Tabhair faoi gach Oiliúint Sláinte agus Sábháilteachta go rathúil roimh thús an tséasúir, agus gach oiliúint de réir mar is gá i rith an tséasúir.
• Solúbthacht a léiriú agus dualgais eile a chomhlíonadh de réir mar a mheasann an maoirseoir a bheith cuí.
• Comhoibriú le hoibriú agus le tabhairt isteach cleachtas oibre agus teicneolaíochta nua.
• Réimse dualgas riaracháin a dhéanamh de réir mar is gá.
• Treoir an Mhaoirseora Suímh Ábhartha a leanúint agus gníomhú i gcomhréir le nósanna imeachta sábháilteachta agus cosanta oidhreachta OPW i gcónaí.

Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go mbeidh ar an sealbhóir poist dualgais eile a dhéanamh de réir mar is cuí don phost a d’fhéadfaí a shannadh dóibh ó am go chéile, agus rannchuidiú le forbairt an phoist agus iad sa phost.

An té a táimid a lorg
Táimid ag lorg daoine a bhfuil na tréithe seo a leanas acu:
• Dírithe ar an bhfoireann – a oibríonn go stuama, go cothrom agus go measúil le daoine eile i dtimpeallachta grúpa bhig.
• Solúbtha agus seasta – atá in ann freagairt don aimsir athraitheach nó riachtanais oibríochtúla ar bhealach foighneach gairmiúil.
• Cumarsáidithe maithe – atá in ann eolas soiléir tarraingteach a chur in iúl agus éisteacht le comhghleacaithe agus le cuairteoirí araon. Is timpeallacht chomhoibritheach í seo ina bhfuil an tsábháilteacht fíor-riachtanach agus an chumarsáid agus an chomhsheasmhacht tábhachtach.
• Meabhrach ar shábháilteacht – a thuigeann gur tréithe fíor-riachtanacha iad an dea-bhreithiúnas, an chinnteoireacht stuama agus an comhoibriú ar shuíomh iargúlta.
• Measúil ar threoir agus ar nósanna imeachta bunaithe.
• Suim acu sa domhan lasmuigh agus san oidhreacht – bíodh do chúlra sa treorú, seirbhís do chustaiméirí, oideachas nó fáilteachas, go mbeadh meas agat ar an dúlra, ar an obair foirne agus ar an maoirseacht.
• Athléimneach agus féinfheasach – atá compordach ag cónaí agus ag oibriú i gcóiríocht bhunúsach sa mhullach ar dhaoine eile, atá in ann dearfacht, cothroime agus meas a choinneáil ar bun thar thréimhsí fanachta fada.
• Mar gheall ar nádúr iargúlta an tsuímh, chomh maith leis an tír-raon atá éilitheach go fisiciúil, bheadh ort a bheith muiníneach go bhfuil na leibhéil sláinte/folláine riachtanacha agat chun do dhualgais ar an láithreán a chomhlíonadh go héifeachtach.

Riachtanais

Tréithe Fíor-riachtanacha
• Líofacht i mBéarla.
• Cumas cruthaithe oibriú go comhoibritheach agus treoir a leanúint.
• Aclaíocht ghinearálta mhaith agus compordach a bheith ag obair amuigh faoi spéir.
• Sárscileanna idirphearsanta agus cumarsáide.
• Iontaofacht, cothroime agus meas ar chomhghleacaithe agus ar chuairteoirí.
• Oscailte don aiseolas, cleachtas athmhachnaimh agus foghlaim.
• Ní mór d’iarrthóirí a bheith ocht mbliana déag (18) d’aois ar a laghad ar an 1 Eanáir 2026. Tá dul ar scor éigeantach ag 70 bliain d’aois. Beidh ar iarrthóirí teastas breithe bunaidh nó pas a sholáthar chun a n-aois a dheimhniú mar chuid den phróiseas réamhfhostaíochta. Ní cheapfar aon iarrthóir don phost mura gcomhlíonann siad an critéar maidir le haois.

Tréithe Inmhianaithe
• Cúlra foirmiúil sa stair, seandálaíocht nó éiceolaíocht.
• Taithí roimhe seo ar thurasóireacht, oidhreacht, oideachas nó seirbhís do chustaiméirí.
• Fiosracht ghinearálta faoi oidhreacht nádúrtha agus chultúrtha na hÉireann agus fonn foghlama.
• Cumas cumarsáid a dhéanamh as Gaeilge.

Is é is dóichí go mbeidh agallaimh ar siúl i láthair go pearsanta le linn mhí Eanáir.

An fáth le hoibriú linn
Cuirtear deis annamh ar fáil le hoibriú ar Sceilg Mhichíl chun rannchuidí le cosaint agus cur i láthair ar cheann de na láithreáin oidhreachta UNESCO is iontaí in Éirinn, agus taithí uathúil á fáil agat an tráth céanna ar an obair foirne, cumarsáid, agus caomhnú oidhreachta.

Ceisteanna Coitianta

Is féidir. Mura bhfuil tú sa tír ag am an agallaimh, is féidir linn agallamh ar líne a éascú duit má éiríonn le d’iarratas.

Déanfar teagmháil le gach iarrthóir trí ríomhphost laistigh de mhí amháin ón dáta deiridh agus tabharfar cuireadh duit chun agallaimh nó gheobhaidh tú litir chun a rá nár cuireadh d’iarratas ar an ngearrliosta le haghaidh agallaimh an uair seo.

Is féidir, caitear le gach comórtas ar leithligh, áfach. Má éiríonn le hiarrthóir i gcomórtas amháin agus má thairgtear post dóibh, ní féidir aon tairiscint eile a dhéanamh.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol