Skip to content

Oidhreacht Éireann

Threoraí Séasúrach/Oifigeach Eolais

Suíomh
Garraithe Náisiúnta na Lus Cill Mhochura
Ráta pá
€15.28 (Leibhéal Iontrála) – Tagair don leabharín don scála pá
Cineál Poist
Conarthaí Téarma Socraithe

Aighneachtaí: Dúnta

Leabhrán Faisnéise d’Iarrthóirí

Cad a dhéanaimid

Is é an príomhchúram atá againn ná na foirgnimh stairiúla agus an oidhreacht is tábhachtaí in Éirinn a bhainistiú agus a chaomhnú. Tugaimid an-aire do na 780 láithreán oidhreachta atá faoinár gcúram. Anuas air sin, ag na 70 láithreán ina bhfuil seirbhísí do chuairteoirí ar fáil, oibrímid go dian chun iad a chur i láthair ar na caighdeáin is airde, ag cinntiú go dtugaimid an t-eispéireas is fearr is féidir linn do chuairteoirí ó Éirinn agus ó thíortha eile.

Ar mhaith leat oibriú chun ár láithreáin oidhreachta a chur chun cinn agus a chur i láthair don phobal? Tá Seirbhísí Cuairteoirí Oifig na nOibreacha Poiblí ag lorg daoine díograiseacha faoi láthair chun bheith mar chuid dá bhFoireann Treoraithe tiomnaithe.

Eolas Fúinn

Bhíodh mainistir ag Cill Mochura, sa cheantar suaimhneach seo i gContae Chill Mhantáin, sa seachtú haois, agus bhí fondúireacht reiligiúnach ann go dtí díscaoileadh na mainistreacha. Tar éis ionradh Chromail, tugadh an talamh do theaghlach Acton.

Fuair Thomas Acton seilbh ar an eastát in 1854, le linn tréimhse ina raibh fás as cuimse ag teacht ar thaiscéaladh luibheolaíochta agus tíreolaíochta. I gcomhar le coimeádaithe Gharraithe Náisiúnta na Lus, thóg Acton gairdín agus ceannródaíoch nua.

In 1996, cuireadh 21 heicteár den tseandiméin go hoifigiúil le Garraithe Náisiúnta Lus na hÉireann. Caitheadh na deich mbliana ina dhiaidh sin ag cur beocht nua i bplandaí neamhghnácha áille an eastáit.

Tá Cill Mochura anois mar chuid de Gharraithe Náisiúnta na Lus, agus cuireann sé bailiúchán plandaí ar fáil mar bhreis ar an máthairghairdín i nGlas Naíon. Téigh ann san earrach chun claochlú na siúlóidí a fheiceáil, nuair a chruthaíonn bláthanna tite róslabhras brat maigeanta fíorálainn.

Image shows a pond vista at Kilmacurragh Botanic Gardens
Pond vista at Kilmacurragh Photo Credit Mary O'Neill-Moloney

An Post

Áirithe i Ról na Treoraithe Séasúracha/ Oifigigh Eolas beidh:

• Caomhnú an Láithreáin
• Cinntiú go gcloífear le pé rialacha atá ann do chuairteoirí.

• Bheith freagrach as slándáil agus sábháilteacht ag an láithreáin.

• Fáiltiú Roimh Chuairteoirí & na dualgais a bhaineann leis

• Fáilte a chur roimh cuairteoirí chuig an láithreán

• Cuntas ar an an láithreán agus na háiseanna a thabhairt do chuairteoirí

• Riarachán ticéid agus admhálacha

• Litríocht, cártaí poist agus póstaeir a dhíol

• Airgead a chomhaireamh agus na fáltais a réiteach

• Stoc a chomhaireamh

• An oifig fáiltithe agus áiseanna eile an láithreáin a choinneáil glan agus slachtmhar

• Gléas closamhairc nó fearas cuí eile a oibriú

• Déileáil le fiosrúcháin faoin gceantar agus na háiseanna do chuairteoirí ann

• Déileáil le fiosrúcháin fón

• Cur chun cinn agus léirmhíniú an Láithreáin

• Cur amach ar gach gné gach gné de thábhacht agus cúlra an láithreáin

• Do thráchtaireacht turais féin a fhorbairt i gcomhairle leis an stiúrthóir agus na treoraithe eile

• Turais treoraithe a stiúradh

• Turas treoraithe a chur in oiriúint do ghrúpaí ar leith

• Bainistíocht Imeachtaí

• Déileáil le mionfhiosrúcháin faoi ghnéithe ar leith den láithreán

• Dualgais lasmuigh lena n-áirítear Maoirseacht Páirce ach gan a bheith teoranta dóibh

• Dualgais feitheoir

Ina theannta sin, beidh ar an sealbhóir poist aon dualgas atá in oiriúint don phost, a thugtar dó/di ó am go chéile, a chomhlíonadh agus páirt a ghlacadh i bhforbairt an post an fhad agus atá sé/sí i seilbh oifige.

Riachtanais

Ní mór d’iarratasóirí na nithe seo leanas a bheith acu:

Tá líofacht i mBéarla riachtanach

• Feasacht ar an Oidhreacht agus tuiscint agus spéis sa Stair

• Tuiscint ar réasúnaíocht stairiúil agus modheolaíocht taighde

• Cumas dul i dteagmháil le agus cláir a dhéanamh do lucht féachana éagsúil, daoine aonair agus pobail, ar an láthair agus ar line.

• Ní mór d’iarrthóirí a bheith 18 mbliana d’aois ar a laghad ar 1 Eanáir 2026. Tá scor éigeantach nuair a shroicheann siad 70 bliain d’aois. Ní mór d’iarrthóirí teastas breithe bunaidh nó Pas a sholáthar chun críocha fíoraithe aoise mar chuid den phróiseas réamhfhostaíochta. Ní dhéanfar aon cheapachán chuig an bpost do na hiarrthóirí sin nach gcomhlíonann na critéir aoise

Taithí oibre iomchuí

• An cumas oibriú mar chuid d’fhoireann agus idirghníomhú le comhghleacaithe, bainisteoirí agus leis an bpobal ar bhealach tuisceanach, cúirtéiseach agus gairmiúil.
• An cumas cur le spiorad maith foirne agus é a chothabháil

• Toilteanas glacadh le treoir

• Scileanna idirphearsanta agus cumarsáide den scoth lena n-áirítear muinín agus cumas cuir i láthair a dhéanamh do ghrúpaí

• Dea-bhreithiúnacht agus scileanna cinnteoireachta go háirithe i gcásanna éigeandála

• Suim i leith soiléireacht agus caighdeán oibre

• Taithí ar chóras agus nósanna imeachta TFC

• Feasacht iomlán ar nósanna imeachta sláinte agus sábháilteachta. Ní mór an Obair ar fad a chur i gcrích ar bhealach éifeachtach agus sábháilte, de réir threoracha an mhaoirseora/bainisteora, maidir leat féin, lena chomhghleacaithe agus leis an bpobal trí riachtanais Sláinte agus Sábháilteachta a thuiscint, a urramú agus a chur i bhfeidhm

• Feasacht ar ghá an láithreán a chaomhnú

• Tiomantas do Sheirbhísí do Chustaiméirí ar Ardchaighdeán

Is dócha go mbeidh agallaimh ar siúl go pearsanta i rith mhí na Feabhra agus Márta 2026.
Beidh fad na gconarthaí éagsúil óna chéile ach mairfidh siad idir 3 agus 9 mí.

Ceisteanna Coitianta

Is féidir. Mura bhfuil tú sa tír ag am an agallaimh, is féidir linn agallamh ar líne a éascú duit má éiríonn le d’iarratas.

Déanfar teagmháil le gach iarrthóir trí ríomhphost laistigh de mhí amháin ón dáta deiridh agus tabharfar cuireadh duit chun agallaimh nó gheobhaidh tú litir chun a rá nár cuireadh d’iarratas ar an ngearrliosta le haghaidh agallaimh an uair seo.

Is féidir, caitear le gach comórtas ar leithligh, áfach. Má éiríonn le hiarrthóir i gcomórtas amháin agus má thairgtear post dóibh, ní féidir aon tairiscint eile a dhéanamh.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol