Skip to content

Oidhreacht Éireann

An Nollaig ag an gCaisleán

Praghas

Saor in aisce

Dátaí

06/12/2023 - 19/12/2023
11:00 am - 9:00 pm

Suíomh

Caisleán Bhaile Átha Cliath

Christmas at Dublin Castle Illustration

Ón 6ú go dtí an 19ú Nollaig, 2023, ón 11.00 – 21.00, beidh níos mó ná 25 Díoltóir Ceardaí lonnaithe i seallaí traidisiúnta adhmaid, agus táirgí ceardaí ar díol acu, arna gcruthú ag ealaíontóirí de chuid na hÉireann.

Imeacht saor in aisce. Ní gá áirithint a dhéanamh.

Bí linn an Nollaig seo chun blaiseadh a fháil ar fhlúirse de dhraíocht na féile i gCaisleán Bhaile Átha Cliath um Nollaig.

Agus é lonnaithe i gcroílár phríomhchathair an náisiúin, beidh rud éigin ann don uile dhuine ag Nollaig ag an gCaisleán, nó beidh Margadh Nollag búitíc faoin aer ann mar aon le siamsaíocht inár n-ollphobal ar stíl Spiegel a bheas maisithe don fhéile, agus go leor féiríní eile de chuid na féile nach iad.

Beidh clós stairiúil Chaisleán Bhaile Átha Cliath lán le níos mó ná 25 stainnín margaidh Alpach agus réimse leathan de cheardaíocht mhaisiúil agus smaointe spreagúla bronntanais ar fáil uathu. Bí linn agus bain pléisiúr as an mbia traidisiúnta a bheas ar díol ag na ceardaithe agus súigh isteach atmaisféar na féile. Beidh roithleagán ró seanré ar an láthair do pháistí.

Agus níos mó ná 1,000 bliain de stair ag baint le Caisleán Bhaile Átha Cliath agus flúirse de bhia, ceardaíocht, ceol agus siamsaíocht fhéiltiúil ar fáil – beidh rud éigin ann a thaitneoidh le gach uile dhuine séasúr seo na Nollag

  • Margadh Nollag Búitíc Faoin Aer
  • Bia agus Deochanna de chuid na Féile
  • Stainníní Ceardaíochta
  • Mainséar Napóileach
  • Ceol Beo de chuid na Féile
  • Roithleagán ró Seanré
  • Cead isteach saor in aisce chuig na hÁrasáin Stáit, a bheas maisithe don fhéile.
    (11.30 – 20.30)

Margadh Faoi Dhíon na nDearthóirí Éireannacha, 2023

Dátaí
08ú, 09ú, 10ú agus 14ú, 15ú, 16ú, 17ú Nollaig 2023

Am
Oscailte ón 11:00 go dtí 21:00.

Spotsolas ar scoth an deartha agus na ceardaíochta Éireannaí.

Ceannaigh earraí áille a dearadh agus rinneadh de láimh in Éirinn, ó sheodra agus earraí cré go hearraí ealaíne agus teicstíle. Gheobhaidh tú deis uathúil ag an margadh seo earraí ceardaíochta lámhdhéanta, a dearadh in Éirinn, a aimsiú agus a cheannach go díreach ó dhearthóirí, ealaíontóirí agus ceardaithe áitiúla de chuid na hÉireann.

Áit: Halla Bedford, an pailliún Pallaidiach ochtú haois déag i gclós uachtair an Chaisleáin.


An Nollaig ag an gCaisleán – Díoltóirí Margaidh Búitíc

Ón 6ú go dtí an 19ú Nollaig, 2023, ón 11.00 – 21.00, beidh níos mó ná 25 Díoltóir Ceardaí lonnaithe i seallaí traidisiúnta adhmaid, agus táirgí ceardaí ar díol acu, arna gcruthú ag ealaíontóirí de chuid na hÉireann.

Outdoor Vendors – Upper Courtyard

  • Peter Gordon Photography
  • Glasnevin Glass
  • Inna Designs
  • Alphabet Jigsaws
  • Purple Cloud Natural Lavendar
  • Oileann Jewellery
  • Corleggy Cheeses
  • The Seaweed Skin Company
  • Afina Couture
  • Nutty Delights Ltd
  • Precious Amber
  • Kildare Candle Barn
  • Charly’s Cheesecakes
  • Tripster
  • InspirationsForYou
  • Kokoman Krafts
  • Cheese Raclette
  • OrlDen Herbal Skin Products
  • Banshee Jewellery
  • Unique Oak

FOOD VENDORS – Upper Courtyard

  • Ciao Cannoli (V)
  • Swing Grill & Smoke House
  • Sweet Churro (V)
  • The Crepe Box (V)
  • Mani Pizza (V)
  • Beanery 76
  • Handsome Burger

IRISH DESIGNER MARKET in BEDFORD HALL – 2 weekends – 9/10 & 14/15/16/17 Dec.

  • Blue Bridge House
  • Forager
  • Clover Woodcraft
  • Sandia Dublin
  • Sean Curran Art
  • Studio Elke Westen
  • Moody Hues
  • Wild by Water
  • Emma Higgins
  • Wild Sióg
  • Danari
  • Michele Hannan Ceramics
  • WeMakeGood
  • Becky.ie
  • Thin Line
  • Retha Designs
  • M.I.O Prints
  • George Horn Ltd

 


Eolas Tábhachtach – *Braitheann an t-imeacht ar cheadúnas*

  • Dátaí: Beidh an Nollaig ag an gCaisleán 2023 ar siúl ón 6 Nollaig go dtí an 19 Nollaig, an dá lá sin san áireamh.
  • Amanna: Osclaítear na doirse ag 11:00 gach lá agus dúntar an margadh 21:00 gach oíche.
  • Oiriúnacht Aoise: Gach aois (ní mór do thuismitheoir / do chaomhnóir a bheith in éineacht le páistí faoi 18). Cruthúnas aoise (seans go mbeadh gá le cárta aitheantais a bhfuil pictiúr air a thaispeáint chun alcól a cheannach).
  • Fad: an meánfhad a fhanann daoine ná 30-45 nóiméad.
  • Tabhair do d’aire: Is imeacht faoin aer é seo. Ba cheart gléasadh go cuí. Molaimid bróga ísle a chaitheamh mar gheall go bhfuil cuid den chlós clúdaithe le clocha duirlinge.
  • Madraí / Ainmhithe: Ní ceadaítear ainmhithe ag an imeacht, seachas madraí cuidithe (mar shampla madraí treoracha).
  • Inrochtaineacht: Tá an t-ionad inrochtana ag cathaoireacha rothaí. Tabhair do d’aire go bhfuil clocha duirlinge sa chlós.
  • Leithris ar an láthair:
    Tá Leithris na bhFear, na mBan agus do Chách lonnaithe sna hÁrasáin Stáit agus beidh siad ar oscailt i rith an imeachta.
  • Saoráidí friothála ar naíonáin: Lonnaithe sna hÁrasáin Stáit agus ar oscailt i rith an imeachta.
  • Saoráidí cothaithe ar an gcíoch: Beidh an seomra La Touche ar fáil i rith an imeachta. Cuir ceist ar bhall foirne an OPW, le do thoil.
  • Airgid Tirim/ Cárta Creidmheasa: Tabhair do d’aire nach bhfuil aon ATM ar an láthair. Tá an ATM is gaire ar Shráid an Dáma.
  • Bugaithe / Pramanna: Tá fáilte roimh bhugaithe agus pramanna i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.
  • Ticéid: Ní gá le ticéad don Nollaig ag an gCaisleán 2023. Má bhíonn an t-ionad lomlán ag am ar bith iarrfar ar phátrúin dul i scuaine sa chlós íochtarach.
  • Lónadóireacht ar an láthair: Ní féidir bia ná alcól a thabhairt chuig an Imeacht. Beidh beár ceadúnaithe ann agus beidh roinnt ionad mearbhia ar fáil ar an láthair.
  • Ceol Beo: Tuilleadh eolais anseo
  • Díoltóirí Ceardaíochta: Tuilleadh eolais anseo
  • Bealach Isteach an Imeachta: Beidh cead isteach chuig Nollaig ag an gCaisleán 2023 trí gheata ar Shráid an Pháláis (os comhair 3 Olympia Theatre), Baile Átha Cliath 2 agus beidh an bealach amach chuig Sráid an Chaisleáin, Baile Átha Cliath.
  • Beidh cead isteach chuig an Imeacht go dtí 30 nóiméad sula gcuirfear críoch leis.
  • Páirceáil: Níl aon pháirceáil ar an láthair. Tá carrchlóis phríobháideacha agus páirceáil ar an tsráid ar gá íoc aisti lonnaithe i lár na cathrach.
  • Téigh i dteagmháil le: Má tá ceist agat maidir leis an Nollaig ag an gCaisleán, cuir ríomhphost chuig info@arcana.ie

Teagmháil

Sráid an Dáma
Baile Átha Cliath 2
D02 XN27

01 645 8813

Tabhair cuairt anseo

Lonnaithe i Lár na Cathrach ar Shráid an Dáma taobh thiar de Halla na Cathrach, 5 nóiméad de shiúl ó Choláiste na Tríonóide i dtreo Theampall Chríost

Oscail suíomh i Google Maps

Roghnaigh modh taistil

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.