Ceardlann Maisiúcháin na Nollag
Praghas
Saor in aisce
Dátaí
10/11/2024 - 24/11/2024
11:00 am - 12:00 pm
Suíomh
Caisleán Bhaile Átha Cliath
Tá sé beagnach an t-am sin den bhliain arís, agus táimid ar bís faoin Nollaig ag an gCaisleán 2024!
Le linn na ceardlainne seo a thacaíonn le teaghlaigh fiosróidh ár rannpháirtithe cuid de na saothair ealaíne atá ar taispeáint i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. An uair seo, beidh muid ag glacadh ár n-inspioráid ó na diaga ársa, putti agus suaitheantais réalt-chruthach a léirítear i saothar ealaíne Árasáin an Stáit! Bainfidh na rannpháirtithe úsáid as ábhair ón Seomra Oideachais chun a gcuid Maisiúcháin Nollag féin a chruthú! Beidh siad seo ar crochadh ar Seomra Crann Nollag na Ríona ar feadh na Margaí Nollag ó 28 Samhain – 18 Nollaig.
Seo deis le foghlaim, plé agus cruthú ag baint úsáide as an mbailiúchán saibhir ealaíne de chuid Árasáin an Stáit i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.
Tá an cheardlann seo saor in aisce. Tá áirithint riachtanach, mar tá líon teoranta áiteanna! Is trí ríomhphost amháin a dhéantar áirithint.
Am: 11am – 12pm
Dáta: Dé Domhnaigh 10 Samhain, Dé Domhnaigh 17 Samhain agus Dé Domhnaigh 24 Samhain.
Ríomhphost : dublincastleeducation@opw.ie
Pointe cruinnithe : Halla Isteach na nÁrasán Stáit.
Tabhair cuairt anseo
Lonnaithe i Lár na Cathrach ar Shráid an Dáma taobh thiar de Halla na Cathrach, 5 nóiméad de shiúl ó Choláiste na Tríonóide i dtreo Theampall Chríost
Roghnaigh modh taistil