Masc Ialtóg Victeoiriach
Praghas
Saor in aisce
Dátaí
30/10/2024 - 30/10/2024
12:00 pm - 1:00 pm
Suíomh
Caisleán Bhaile Átha Cliath
I bhfianaise Fhéile Bram Stoker (25ú – 28ú Deireadh Fómhair) táimid ag tairiscint ceardlann CAIRDE DO TEAGHLAIGH a fhiosraíonn stair Chaisleán Bhaile Átha Cliath le linn na Ré Victeoiriach! An uair seo beidh muid ag glacadh ár inspioráide ón ‘Portrait of Queen Victoria’ (1842) le John Partridge atá ar crochadh i Seomra Líníochta na nÁrasán Stáit. Beimid ag smaoineamh freisin ar shaothar Bram Stoker, údar ‘Dracula’ (1897), a d’oibrigh san iar-Roinn Fíneálacha & Pionós.
Bainfidh na rannpháirtithe úsáid as ábhair ón Seomra Oideachais agus iad ag déanamh a gcuid mascanna Ialtóga Victeoiriacha féin!
Seo deis FOGHLAIM, PLÉ agus CRUTHÚ agus úsáid á baint as an mbailiúchán saibhir ealaíne atá sna Árasáin Stáit i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.
Tá an cheardlann seo saor in aisce. Tá áirithint riachtanach, mar tá líon teoranta áiteanna! Is trí ríomhphost amháin a dhéantar áirithint.
Am : 12 pm – 1 pm
Dáta: Dé Céadaoin, 30 Deireadh Fómhair, 2024
R-phost : dublincastleeducation@opw.ie
Pointe cruinnithe : Halla Isteach na nÁrasán Stáit.
Tabhair cuairt anseo
Lonnaithe i Lár na Cathrach ar Shráid an Dáma taobh thiar de Halla na Cathrach, 5 nóiméad de shiúl ó Choláiste na Tríonóide i dtreo Theampall Chríost
Roghnaigh modh taistil