Turas Cásca do Pháistí ar Ionad Cuairteoirí Theach an Chustaim
Dátaí
04/04/2026 - 10/04/2026
12:15 pm - 1:30 pm
Suíomh
Ionad Cuairteoirí Theach an Chustaim
Beidh turais saor in aisce á dtairiscint againn do pháistí ar dhátaí roghnaithe le linn laethanta saoire na Cásca.
Tugann an turas seo tuiscint shimplí do pháistí ar ailtireacht agus stair Theach an Chustaim. Beidh bileoga oibre, pinn luaidhe, páipéar agus gearrthaiscí ar fáil ionas gur féidir le do pháistí a bheith ina saineolaithe san ailtireacht, sa stair agus san ealaín.
Tá na ticéid saor in aisce ach tá áirithint riachtanach chun áit a ráthú.
Is féidir le beirt daoine fásta ar a mhéad a bheith in éineacht le leanbh amháin ar a laghad faoi bhun 11 bliana d’aois chun leas a bhaint as an turas seo.
Tabhair cuairt anseo
Tá Teach an Chustaim suite i lár chathair Bhaile Átha Cliath ar an gcé thuaidh os comhair abhainn na Life idir Droichead na Comhdhála agus Droichead Cuimhneacháin an Talbóidigh.
Roghnaigh modh taistil

