Turas treoraithe ar iarsmaí Mhainistir Mhuire
Suíomh
Caisleán Bhaile Átha Cliath
Bhí Mainistir Mhuire, a bunaíodh sa bhliain 1139, ar cheann de na mainistreacha meánaoiseacha is mó agus is tábhachtaí in Éirinn. Cé nach bhfuil mórán iarsmaí den Mhainistir le feiceáil sa lá atá inniu ann, tá a chuimhne caomhnaithe sna sráidainmneacha áitiúla – Sráid na Mainistreach, Sráid Mhuire Bheag, Sráid Chéipil (ón Laidin Capella – Chapel) agus Mary St.
As na foirgnimh bhunaidh níl fágtha anois ach Teach na Caibidle agus Slype.
Ba é Teach na Caibidle an seomra ba thábhachtaí sa mhainistir i ndiaidh na hEaglaise. Anseo bhailigh na manaigh tar éis aifreann na maidine. Tar éis paidreacha, léadh amach caibidil ón Riail (mar sin domus capituli nó teach caibidle) agus tuairimí agus comhairle spioradálta ón abb ina dhiaidh. Ansin tháinig paidreacha ar son na marbh agus tháinig deireadh leis an searmanas le admháil phoiblí, gach manach ina sheal ag labhairt go hoscailte os comhair a dheartháireacha. Ba é Teach na Caibidle seomra comhdhála na mainistreach agus mar sin bhí cóir ailtireachta speisialta tuillte aige. Ba é an Slype an dorchla a cheangail príobháideacht an chlabhstra leis an limistéar oscailte ar an taobh thoir, áit a raibh an t-otharlann suite de ghnáth.
Tabhair cuairt anseo
Lonnaithe i Lár na Cathrach ar Shráid an Dáma taobh thiar de Halla na Cathrach, 5 nóiméad de shiúl ó Choláiste na Tríonóide i dtreo Theampall Chríost
Roghnaigh modh taistil