Skip to content

Oidhreacht Éireann

Cloigtheach agus Séipéal Achadh Ghobhair

Mainistir atá suite ar shlí oilithreachta thábhachtach

Unguided sites

Achadh Ghobhair, Co. Mhaigh Eo

Access available during daylight hours

Cloigtheach agus Séipéal Achadh Ghobhair

Mainistir atá suite ar shlí oilithreachta thábhachtach

Unguided sites

Achadh Ghobhair, Co. Mhaigh Eo

Access available during daylight hours

Áiseanna

  • Carrchlós

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta saor in aisce é Cloigtheach agus Séipéal Achadh Ghobhair atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

Cloigtheach agus Séipéal Achadh Ghobhair

Bhí Achadh Ghobhair ‘Gort na dToibreacha’ ar an gcéad mhainistir a bunaíodh in Achadh Ghobhair. Is é Naomh Seanach a bhunaigh an mhainistir, agus de réir an tseanchais rinne Naomh Pádraig Easpag Achadh Ghobhair de ansin sa 5ú haois. Láthair thráthúil, leath bealaigh feadh bealaigh ársa, a d’fhorbair diaidh ar ndiaidh gur tugadh Tóchar Phádraig air, sa tréimhse mheánaoiseach, slí oilithreachta thábhachtach idir Baile an Tobair agus Cruach Phádraig.

Ba ghearr go raibh Achadh Ghobhair mar phríomháit stoptha ar an mbealach, agus chuidigh sé sin go mór chun ceann de na lárionaid eaglasta ba thábhachtaí i Maigh Eo a dhéanamh den mhainistir. Bhí borradh fúithi ag deireadh an 11ú nó 12ú haois tráth a raibh na hacmhainní acu chun an cloigtheach a thógáil.  Tá an cloigtheach caomhnaithe suas go dtí an ceathrú hurlár, agus tá doras cruinncheannach air. Iontráil nua-aimseartha is ea an iontráil ar urlár na talún, agus deirtear gur bhuail tintreach an díon roimhe seo.

Téann fothrach an tséipéil atá ina sheasamh sa reilig anois siar go dtí deireadh na meánaoise, ach baineann gnéithe níos túisce ná sin leis fiú. Tá foirgneamh dronuilleogach ann atá déanta as aolchloch moirtéil, agus cúpla bloc gaineamhchloiche. D’fhéadfaí a shamhlú leis sin go mb’fhéidir gur tógadh é ar láthair séipéil níos luaithe nó in aice leis, a bhfuil giotaí de fós ar an talamh.

 Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá cosaint ag an séadchomhartha náisiúnta seo de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Áiteanna le foireann

Áiteanna gan treoir

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.