Skip to content

Oidhreacht Éireann

Cloigtheach agus Séipéal an Turlaigh

Cuid de láthair mhainistreach ón luath-mheánaois a bhunaigh Naomh Pádraig

Unguided sites

An Turlach
Contae Mhaigh Eo

Cloigtheach agus Séipéal an Turlaigh

Cuid de láthair mhainistreach ón luath-mheánaois a bhunaigh Naomh Pádraig

Unguided sites

An Turlach
Contae Mhaigh Eo

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta é Cloigtheach agus Séipéal an Turlaigh atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Cloigtheach agus Séipéal an Turlaigh

Seasann Cloigtheach agus Séipéal an Turlaigh ar láthair mhainistir ón luath-mheánaois, a chreidtear a bhunaigh Naomh Pádraig. Rinne Gaeil Mhic Liam slad ar an gcloigtheach, a bhí tógtha faoin 12ú haois, in 1236. In 1351, b’éigean don Phápa Cléimeans VI idirghabháil a dhéanamh idir beirt Ardeaspag a bhí in adharca a chéile, agus an bheirt ag maíomh gurbh iad úinéirí an túir seo. Sa deireadh thiar, d’ordaigh Cléimeans VI d’Ardeaspag Ard Mhacha scaradh lena úinéireacht agus an túr a thabhairt dá úinéir ceart, Ardeaspag Thuama.

Tá an túr agus an séipéal ar bharr cnoic bhig le fána ghéar ag dul síos go Abhainn Chaisleán an Bharraigh. As an suíomh seo feicfidh tú i bhfad uait, ó dheas agus soir. Is as gaineamhchloch atá an cloigtheach déanta agus é ar cheann de na cloigthithe iomlána is lú in Éirinn, ag 22 m ar airde. Tá an doras isteach 4 m os cionn na talún, a bhfuil oscailt níos déanaí faoina bhun. Faoi bhun chloch na léige mullaigh cónúla tá na fuinneoga príomhairde, a thóg Oifig na nOibreacha Poiblí as an nua sa 19ú haois. Tá ceithre fhuinneog scoilte sa taobh istigh den chloigtheach agus iad ag ísliú go tuathalach ón urlár bairr síos ar gach leibhéal.

Tógadh an séipéal taobh leis sa 17ú haois, ar an láthair ina bhfuil an mhainistir ón luath-mheánaois. Cruth croise atá ar an séipéal, agus an iontráil sa bhalla thiar ag oscailt isteach sa mheánlann, agus an saingeal leathchiorcail soir uait. Soilsítear na croslanna thuaidh agus theas ó fhuinneoga muilleanacha ón 17ú haois. I lár an bhalla thiar tá fuinneog aolchloiche muilleanach ceithre sholas atá slán, ó dheireadh an 16ú haois, agus tá dronna cloiche de chruth triantánach i lár a mhúnlála húda. Tá múnlálacha húda i gcinn chéimnithe an dá chloch atá mar chliathán ag an bhfuinneog seo, le cruinneán beag maisiúil le róiséad ina chroí agus fáinne deighilte taobh amuigh. Is ón atógáil a rinneadh sna 18ú agus 19ú haoiseanna atá na fuinneoga arda chruinncheannacha go léir. Tá ceithre thuama sa chroslann theas, dhá thuama boird agus dhá thuama bosca. Taobh istigh den séipéal freisin tá roinnt leaca uaighe agus clocha cinn, ón 19ú nó 20ú haois den chuid is mó. Tá dhá phlaic chéasta a cuireadh isteach sna ballaí sa taobh amuigh den séipéal. Níl ach blúiríní ailtireachta faighte den séipéal bunaidh, lena n-áirítear bloc gaineamhchloiche le hornáidíocht dhuilleach ó dheireadh an 12ú haois.

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol