Skip to content

Oidhreacht Éireann

Cloigtheach Bhalla

Cloigtheach a ndearnadh leath de chun cloigín a chur ann

Unguided sites

Balla
Contae Mhaigh Eo

Cloigtheach Bhalla

Cloigtheach a ndearnadh leath de chun cloigín a chur ann

Unguided sites

Balla
Contae Mhaigh Eo

Fógra

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Cloigtheach Bhalla

Bhí Balla mar chuid den bhóthar meánaoiseach ar tugadh Tóchar Phádraig air, a nascann Balla, Baile an Tobair agus Achadh Ghobhair le Cruach Phádraig. Bhunaigh Naomh Crónán mainistir Bhalla sa 7ú haois. Is beag eolas atá againn anois faoin mainistir, ach creidtear gur thug scamall fios a bhealaigh do Naomh Crónán, agus gur léirigh tobar fíoruisce dó cá lonnódh sé a mhainistir.

Gabhann cloigtheach Bhalla siar go dtí an 12ú haois, agus níl a liag mhullaigh chónúil air níos mó, ná níl sé chomh hard ach an oiread is a bhí sé tráth den saol. De réir sheanchas mhuintir na háite bhí sagart ann, an Canónach Gibbons, a bhí ag iarraidh an cloigtheach a úsáid mar chlogás, ach bhí sé ró-ard. An réiteach a bhí aige ná an píosa bairr den chloigtheach a bhaint. Cuireadh isteach an cloigín sa 19ú haois, ach baineadh arís é sa 20ú haois.

Tá Cloigtheach Bhalla 10 m ar airde inniu, agus é tógtha le gaineamhchloch, é mín ina chríoch beagnach, agus dhá ghallán tógtha isteach ina bhonn. Is léir ón dara hurlár gur atógadh an túr, toisc go bhfuil na clocha níos mó agus iad gearrtha níos mine.

Rud neamhghnách is ea go bhfuil dhá bhealach isteach i gCloigtheach Bhalla ar dhá leibhéal dhifriúla. Creidtear go raibh an chéad bhealach isteach, le rian den mhúnlú Rómhánúil, ró-ard, agus go ngabhann sé isteach sa dara hurlár den túr. Creidtear go raibh an dara bealach isteach, le leac chroise ón meánaois mar lindéar aige, ró-íseal agus gabhann sé isteach i mbunurlár an túir, agus a dhátaí ag dul siar go dtí an 15ú/16ú haois.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Chloigtheach Bhalla

 Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol