Skip to content

Oidhreacht Éireann

Buaicphointí Caisleán Bhaile Átha Cliath (5)

  1. An Turas Treoraithe

    An Turas Treoraithe

    Caith uair an chloig ar cuairt ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath in éineacht le duine dár dtreoraithe paiseanta agus eolacha. Foghlaim faoi stair mhíle bliain an chaisleáin agus a chlaochlú ó shuíomh Lochlannach go daingean cumhachtach agus ina dhiaidh sin go pálás leasríoga. Tosaíonn an turas faoi thalamh, ina bhféadfaidh tú codanna den struchtúr meánaoiseach a fheiceáil, taobh le múrtha ársa na cathrach. Faigh léargas ar an tábhacht a bhain le Bhaile Átha Cliath na Lochlannach mar ionad trádála go dtí gur tháinig na hAngla-Normannaigh sa bhliain 1169. Tar éis duit breathnú thart ar an Séipéal Ríoga ón naoú haois déag, críochnaigh do thuras sa Phálás Leas-‏Ríoga, a théann siar go dtí lár an ochtú haois déag. Foghlaim faoin gcaoi ar úsáideadh na seomraí éagsúla sa phálás le haghaidh ócáidí stáit deasghnácha.

  2. Árasáin an Stáit

    Árasáin an Stáit

    Taisteal trí Árasáin Stáit an chaisleáin agus breathnaigh ar chuid de na spásanna searmanais is tábhachtaí in Éirinn. Lenár dtreoirleabhar mar cúnamh dhuit, foghlaim conas ar bhain na hárasáin seo cáil amach mar lárionad siamsaíochta stáit ar scála mór faoi riail Shasana. Léigh faoi na rudaí a tharla anseo le linn aistear na hÉireann chuig neamhspleáchas. Faigh amach faoi na himeachtaí iontacha stáit a tharlaíonn i go leor de na seomraí páláis inniu – Halla Phádraig, mar shampla, ina ndéantar ár n-uachtaráin a insealbhú.

  3. Leabharlann Chester Beatty

    Leabharlann Chester Beatty

    Tabhair cuairt ar Leabharlann Chester Beatty chun bailiúchán seoda a bhain leis an innealtóir mianadóireachta agus bailitheoir Meiriceánach Sir Alfred Chester Beatty a fheiceáil. I measc na seoda seo tá cuid de na lámhscríbhinní, leabhair agus iarsmaí is annaimhe ar domhan, agus tagann siad ón Eoraip, ón Mheánoirthear, ó thuaisceart na hAfraice agus ón Áise. Cuireann an leabharlann turais saor in aisce, turais teanga, cainteanna agus ceardlanna ar fáil do dhaoine fásta agus do leanaí. Ná déan dearmad ar an siopa bronntanais, áit ar féidir leat sár earraí tí, seodra agus ceardaíocht Éireannach a phioca suas, agus an Silk Road Café, a chuireann bia bhlasta an Mheánoirthir agus na Meánmhara ar fáil.

  4. Músaem an Gharda agus cuimhneacháin

    Músaem an Gharda agus cuimhneacháin

    Cuireann Músaem an Gharda Síochána sa bhFoirgneamh Taisce taispeántas domhain ar fáil faoi stair fhórsa póilíneachta na hÉireann. Tá go leor déantúsán, grianghraf agus doiciméad ann, a chuireann beocht i scéal na póilíneachta in Éirinn sa naoú haois déag agus san fhichiú haois. Tá an músaem sásta fáilte a chur roimh aon duine atá i mbun taighde a bhaineann leis na póilíní.

  5. Gairdíní an Dubh-Linn

    Gairdíní an Dubh-Linn

    Tá an-tóir ag cuairteoirí ar ghairdíní áille an chaisleáin. Tá ceithre ghairdín níos lú iontu, ceann ag gach cúinne den láithreán, agus tá saothair dhealbhóireachta a coimisiúnaíodh go speisialta i ngach ceann acu. Tá claíomh féarach i gcroílár na ngairdíní, áit a ngearrtar patrúin de nathair mhara isteach san fhaiche. Tá an fhaiche seo ar nó gear leis an ‘dubh linn’ inar chuir na Lochlannaigh a longa i gcuan, agus a thug a ainm Béarla don chathair.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.