Skip to content

Oidhreacht Éireann

Caisleán Bhaile Átha Cliath

Croílár chumhacht stairiúil na hÉireann

Dúnta

Amanna oscailte go léir

Caisleán Bhaile Átha Cliath

Croílár chumhacht stairiúil na hÉireann

Dúnta

See all opening times

Ionad dúnta

Bí ar an airdeall faoi sceamálacha ar líne agus ná ceannaigh ticéid ó shuímh eile. Seo é leathanach áirithinte oifigiúil Chaisleán Bhaile Átha Cliath.

Chun na hullmhúcháin d’óstáil na hÉireann ar Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh a thabhairt chun críche, dúnadh campas Chaisleán Bhaile Átha Cliath don phobal Dé Luain 15 Meitheamh 2026.

Ar feadh sé mhí na hUachtaránachta, dúnfar campas Chaisleán Bhaile Átha Cliath don phobal ina iomláine. Ní bheidh aon rochtain phoiblí ann, go háirithe, níl aon rochtain trí Shráid an Dáma (Geata Shráid an Pháláis) go Sráid na gCaorach ar feadh a ré.

Beidh Caisleán Bhaile Átha Cliath mar phríomhionad Stáit d’imeachtaí le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh le breis agus céad imeacht ar siúl lena n-áirítear comhdhálacha, cruinnithe, dinnéir, imeachtaí cultúrtha agus fáiltithe.

Táimid ag tnúth le fáilte a chur roimh chuairteoirí ar ais go Caisleán Bhaile Átha Cliath i mí Eanáir 2027.

Is féidir fiosrúcháin maidir le grúpáirithintí do 2027 a dhíriú mar seo a leanas:

Le haghaidh Turais Threoraithe, déan teagmháil leis an Rannóg Treoraithe ag dublincastle@opw.ie

Le haghaidh áirithintí faoin gClár Oideachais (lena n-áirítear Ceardlanna Origami, Ceardlanna Líníochta, Turais Ghaeilge, Turais TCÉ, Turais atá Féiliúnach d'Uathachas, agus Ceardlanna Néaltrú-Ionchuimsitheacha) déan teagmháil leis an Rannóg Oideachais ag dublincastleeducation@opw.ie

Cead isteach

Dúnta

Getting here

Sráid an Dáma
Baile Átha Cliath 2
Contae Bhaile Átha Cliath
D02 XN27

Get Directions

Follow us

Caisleán Bhaile Átha Cliath

Níl Caisleán Bhaile Átha Cliath ach siúlóidín gearr ó Choláiste na Tríonóide, ar an mbealach go hArd-Eaglais Chríost, agus mar sin, tá sé suite go maith le cuairt a thabhairt air de shiúl na gcos. Téann stair an tsuímh lár cathrach seo siar go ré na Lochlannach agus tógadh an caisleán féin sa tríú haois déag.

Baineadh úsáid as an bhfoirgneamh mar dhaingean míleata, mar phríosún, mar thaisce agus mar chúirteanna dlí. Ar feadh 700 bliain, ó 1204 go dtí gur baineadh an tsaoirse amach, ba é ceanncheathrú riail Shasana (na Breataine ina dhiaidh sin) in Éirinn é.

Rinneadh an caisleán, faoi mar atá sé sa lá atá inniu ann, a atógáil sa seachtú haois déag, san ochtú haois déag, sa naoú haois déag agus san fhichiú haois, agus anois is ionad rialtais agus airéine do shearmanais stáit é.

Bíonn árasáin an stáit, an uaimh, an séipéal ríoga, an t-ionad oidhreachta agus an bhialann ar oscailt do chuairteoirí.

Uaireanta Oscailte

**Beidh Caisleán Bhaile Átha Cliath dúnta don phobal ón 5 Bealtaine go dtí an 31 Nollaig 2026 chun freastal ar Uachtaránacht an EU.**

Fógra

Teagmháil

Sráid an Dáma
Baile Átha Cliath 2
D02 XN27

01 645 8813

Tabhair cuairt anseo

Lonnaithe i Lár na Cathrach ar Shráid an Dáma taobh thiar de Halla na Cathrach, 5 nóiméad de shiúl ó Choláiste na Tríonóide i dtreo Theampall Chríost

Oscail suíomh i Google Maps

Roghnaigh modh taistil

Áiseanna

  • Páirceáil Rothar
  • Bealach Rothar
  • Bróisiúr
  • Card Accepted
  • Turais threoraithe
  • Leithris
  • Leithreas inrochtana

Srianta

  • Rochtain Theoranta
  • Dromchla míchothrom
  • Siúlóidí míchothrom

Achmhainní

Treoir Shóisialta

Íoslódáil, priontáil agus léigh ár dtreoir shóisialta (PDF) faoi chuairt a thabhairt ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath. Cuideoidh sé seo le cuairteoirí céaduaire, teaghlaigh agus daoine faoi mhíchumas forbartha agus foghlama ullmhú le haghaidh cuairte ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath.

Íoslódáil an Treoir Shóisialta

Acmhainní Oideachais

Suíomhanna cóngarach

B’fhéidir gur mhaith leat freisin

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol