Faiche Stiabhna
Seoid chathartha ó ré Victoria sa chearnóg gairdín is mó i mBaile Átha Claith
Cead isteach
Saor in aisce
Faiche Stiabhna
I gcroílár cheantar siopadóireachta Bhaile Átha Cliath tá ceann de na páirceanna poiblí is aitheanta in Éirinn.
D’oscail an Tiarna Ardoileáin é do shaoránaigh na cathrach in 1880. Tá an spás glas 9 heicteár seo leagtha amach mar a bhí sé sa tréimhse Victeoiriach, le cuid mhór crann agus tor agus plandaí ceaptha áille earraigh agus samhraidh ann. Cuireann an chiumhsóg bhláthanna dathanna beoga ar fáil ó thús an earraigh go dtí deireadh an fhómhair.
Tá breis agus 3.5 chiliméadar de chosáin inrochtana ann. Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar an eas agus ar obair chloiche Pulham ar an taobh thiar den fhaiche. Is fiú freisin féachaint ar an loch ornáideach, áit a maireann neart éan uisce. Tá roinnt dealbh suite ar fud na faiche, ina measc tá Dealbh Cuimhneacháin James Joyce agus eiseamal breá le Henry Moore.
Bíonn an-tóir ar an gclós súgartha do pháistí, agus má thugann tú cuairt ar an áit ag am lóin le linn mhíonna an tsamhraidh, seans go gcloisfidh tú ceolchoirm saor in aisce.
Gailearaí
Uaireanta Oscailte
Ar oscailt an bhliain ar fad
Luan – Sath: oscail 07:30 Domhnach & Laethanta saoire: oscail 09:30 Gairdíní oscailte Lá Nollag: 09:30 – 12:30
Meánfhad Cuairte: 1 – 2 uair
Fógra
Ní cheadaítear madraí sa Chlós súgarahha ná timpeall an Locha
Tabhair cuairt anseo
Lár Bhaile Átha Cliath, ag barr Shráid Grafton.
Roghnaigh modh taistil
Áiseanna
- Limistéar Picnice
- Clós Súgartha
Srianta
- Madraí ar iall
Suíomhanna cóngarach
Faiche Stiabhna
Tithe an Rialtais
Mol oibre do ghnó an stáit
Timpeall 0.4 km ón Faiche Stiabhna
Gairdíní Uíbh Eachach
Mothú an iontais i ngairdín rúnda Bhaile Átha Cliath
Timpeall 0.5 km ón Faiche Stiabhna
Caisleán Bhaile Átha Cliath
Croílár chumhacht stairiúil na hÉireann
Timpeall 0.6 km ón Faiche Stiabhna