Skip to content

Oidhreacht Éireann

Buaicphointí Caisleán Bhaile Hac (3)

  1. Cosaintí Brúidiúla

    Cosaintí Brúidiúla

    Tá go leor gnéithe cosanta breá glice sa túrtheach suaithinseach seo ón gcúigiú haois déag. Féadtar an poll lámhaigh, mar shampla, a fheiceáil ón taobh amuigh, ag gobadh amach ón gceathrú hurlár. Ón áit seo, chaithfí diúracáin ar ionsaitheoirí – nó ar chuairteoirí gan cuireadh! Bí ag faire amach do na fuinneoga a bhfuil scoilt saighead orthu. B’fhéidir go bhfuil siad cúng, ach ba ghné chosanta thar a bheith éifeachtach iad.

    Tá poll an uafáis díreach taobh istigh den doras. Ba í an chéad líne chosanta eile í, nár úsáideadh ach amháin dá n-éireodh le hionsaitheoir teacht isteach. Dhéanfaí réada a chaitheamh amach ó pholl an uafáis, atá ar an dara hurlár, ar namhaid a bhí thíos.

    Féach an féidir leat teacht ar an bpoll muscaeid, a cuireadh isteach sa an seachtú haois déag, agus samhlaigh béal ghunna marfach ag gobadh amach ón taobh istigh.

  2. Gnéithe An-Spéisiúla

    Gnéithe An-Spéisiúla

    Tóg nóiméad chun breathnú ar an tsíleáil boghtaí bairille dea-chaomhnaithe ar an gcéad urlár. An féidir leat na marcanna a d’fhág an chaoladóireacht a d’úsáidtí le linn na tógála a fheiceál?

    Tá an ‘oubliette’, ar a dtugtar an doinsiún freisin, ar an dara hurlár. Úsáideadh é mar sheomra daingean. Bheadh naimhde gafa agus ciontóirí mí-ámharacha curtha i bpríosún ansin.

    Tá dhá losán – nó leithris mheánaoiseacha – i gCaisleán Bhaile Hac. Bíodh sport agat ag iarradh an bealach amach a aimsiú.

    Ar bhalla seachtrach Chaisleán Bhaile Hac, tá aghaidh snoite sa chloch. An mbeidh tú in ann é a aimsiú?

  3. Caith Súil ar an Séipéal

    Caith Súil ar an Séipéal

    Ar an tríú hurlár tiocfaidh tú ar shéipéal beag. Tá roinnt iarsmaí spéisiúla sa séipéal, cosúil le piscina – báisín cloiche éadomhain ina nglantaí na soithí a úsáideadh sa tseirbhís – almóir nó caibinéad cuasaithe chun na soithí sin a stóráil, agus seilf altóra.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.