Caisleán Bhaile Hac
Faigh blaiseadh de shaol na Meánaoiseanna
Dúnta do 2024
Dúnta do 2024
Caisleán Bhaile Hac
Tá Caisleán Bhaile Hac suite go maorga ar ghleann géarshleasach os cionn Inbhear Phort Láirge. Ceaptar gurb iad Spidiléirí Naomh Eoin, ceann den dá ord mhíleata a bunaíodh in aimsir na gCrosáidí, a thóg an túrtheach daingean seo thart ar an mbliain 1450.
Tá an túr cúig stór ar airde agus tá sé ina sheasamh suas chomh fada leis an tsiúlóid bhalla. Tá séipéal beag tógtha sa bhalla thoir thuaidh, ina bhfuil linn ionnalta, almóir agus altóir. Tá an bealach isteach sa bhalla thiar á chosaint ag poll teilgthe agus ag poll an uafáis – is é sin oscailt trína bhféadfadh na cosantóirí clocha nó uisce fiuchta, gainimh te nó ola ar fiuchadh a chaitheamh anuas ar dhuine ar bith a bheadh sách díchéillí chun an caisleán a ionsaí.
Tá píosaí éagsúla de chathéide mhacasamhlach a bhaineann leis na crosáidí agus leis na Normannaigh ar taispeáint ag Caisleán Bhaile Hac faoi láthair agus is cinnte go spreagfaidh siad an tsamhlaíocht.
Buaicphointí
Gailearaí
Uaireanta Oscailte
Dúnta do 2024
Fógra
Rrochtain trí staighre.
Doirse íseal.
Tabhair cuairt anseo
Sráidbhaile Bhaile Hac (taobh leis an R733)
Roghnaigh modh taistil
Áiseanna
- Turais threoraithe
Srianta
- Coisbheart oiriúnach
- Madra treorach amháin
- Coinnigh an ráille láimhe
- Ná dreap
- Níl aon leithreas
Suíomhanna cóngarach
Caisleán Bhaile Hac
Crannlann agus Páirc Chuimhneacháin JFK
Crannlann atá ar mhéid uachtaránachta.
Timpeall 8.7 km ón Caisleán Bhaile Hac
Mainistir Chistéirseach Tintern
Áit a raibh manaigh ag obair go dian agus áit inar cruthaíodh oidhreachtaí
Timpeall 8.9 km ón Caisleán Bhaile Hac
Túr Reginald
Téigh isteach san fhoirgneamh pobail is sine in Éirinn
Timpeall 9.5 km ón Caisleán Bhaile Hac