Skip to content

Oidhreacht Éireann

Buaicphointí Caisleán Dheasumhan – An Caisleán Nua Thiar (5)

  1. Lig Dúinn Tú a Threorú

    Lig Dúinn Tú a Threorú

    Ag Halla Féasta Dheasumhan sa Chaisleán Nua, tugann treoraithe ó OOP turais saor in aisce do gach cuairteoir. Inseoidh ár dtreoraithe cairdiúla, a bhfuil go leor taithí agus eolais acu, siollóga faoi stair an fhoirgnimh agus beidh siad sásta ceisteanna ar bith a fhreagairt.

  2. Fiosraigh an Timpeallacht Mheánaoiseach

    Fiosraigh an Timpeallacht Mheánaoiseach

    Dreap suas an staighre cloiche garbh-dhéanta agus tóg do chuid ama ag féachaint timpeall na seomraí ag an mbarr. Tóg isteach an t-atmaisféar meánaoiseach agus samhlaigh cén saol a bhí ag na hiarlaí Dheasumhan, ag a seirbhísigh agus ag na saighdiúirí a bhí ina gcónaí sa chaisleán.

  3. An Halla Féasta

    An Halla Féasta

    Tabhair cuairt ar an halla féasta meánaoiseach athchóraithe chun foghlaim faoi bia agus dí in Éirinn le linn na meánaoise. Féach ar an ngailearaí darach, ina mbeadh na ceoltóirí suite chun ceol a chur ar fáil don fhéile ghrágach thíos. Tapaigh an deis pictiúr a thógáil díot féin agus tú i do shuí ar ríchathaoir an Iarla Dheasumhan!

  4. Taispeántais Fhíorspéisiúla

    Taispeántais Fhíorspéisiúla

    Tabhair cuairt ar an spás taispeántais ag an bhfáiltiú agus féach ar an iliomad iarsmaí spéisiúla atá ar taispeáint. Ach go háirid, tá na hearraí a bhaineann le hÉirí Amach na Cásca 1916, Cogadh na Saoirse agus an Cogadh Cathartha, thar a bheith suimiúil. Ina measc seo tá éide a bhaineann leis na fórsaí míleata éagsúla a ghabh seilbh ar an gcaisleán, chomh maith le sean ghrianghraifeanna agus airm ionsaithe agus cosanta mharfacha.

  5. Súigh isteach an Radharc

    Súigh isteach an Radharc

    Téigh go barr an túir chun taitneamh a bhaint as radhairc lánléargais ar an gCaisleán Nua agus ar an ngleann ina bhfuil an baile suite.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.