Skip to content

Oidhreacht Éireann

Buaicphointí Caisleán na Cathrach (8)

  1.  Turais Threoraithe

    Turais Threoraithe

    Cuir beocht i gCaisleán na Cathrach trí thuras a thógáil le duine dár dtreoraithe eolacha, díograiseacha agus siamsúla. Tá oidhreacht mhuintir chumhachtach de Buitléir fós beo sna scéalta faoi ghrá, fealltóireacht, dúnmharú agus cogaíocht a inseoidh ár dtreoraithe duit. Bain sult as foghlaim faoin teaghlach a raibh an daingean tréan seo acu le breis agus sé chéad bliain, faoi shaol na ndaoine eile a bhí ina gcónaí agus ag obair sa chaisleán agus faoi go leor gnéithe eile dá stair ildaite. Tá ardmheas ag cuairteoirí ar ár dturais. Tabharfaidh Caisleán na Cathrach gach rud duit faoi chuairt ar fhíorchaisleán meánaoiseacha a d’fhéadfadh a bheith uait.

  2. Taobh istigh Barántúil

    Taobh istigh Barántúil

    Tá túir arda éagsúla an chaisleáin seo lena chonairí cúnga agus staighrí lúbacha ag tnúth le do thaiscéalaíocht. Siúil timpeall ar do shuaimhneas agus tóg isteach an t-atmaisféar barántúil agus atá tú ag breathnú ar an taobh istigh meánaoiseach barántúil den chaisleán., Is é an halla mór croílár an chaisleán, áit a maisíonn beanna fia ollmhór Éireannach na ballaí agus ina bhfuil troscán an tseanré a chuireann leis an atmaisféar meánaoiseach. Bain sult as radhairc den timpeallacht ó fhuinneoga an túir agus as radhairc iontacha cois abhann, atá le feiceáil ó bharr túr an tobair.

  3. Cosaintí Glice

    Cosaintí Glice

    Dearadh an caisleán ar bhealach glic chun ionsaí namhaid a sheasamh agus chun a bheith mar áit chónaithe shábháilte don chlann. Chuir tógálaithe caisleán go leor gnéithe cosanta leis ionas go mbeadh sé ina dhún fíordiongbháilte. Beidh am dodhearmadta agat ag cuardach na gnéithe ailtireachta suimiúla seo.

    Féadfaidh tú a bheith ag tnúth le:

    dul faoi spící gheata calafort ardaithe, ceann de líon bheag de gheataí calafoirt a fheidhmíonn fós in Éirinn;

    na poill lámhaigh a aimsiú, rud a chur go mór le cosaintí an chaisleáin agus is gné iontach dá dhearadh iad;

    na stíleanna éagsúla de lúbanna saighead leabaithe i dtúir agus ballaí seachtracha timpeall an chaisleáin a fheiceáil – leo seo tugadh deis do bhoghdóirí scaoileadh ar ionsaitheoirí ó áit a raibh sách sábháilte.

  4.  An t-Urchair agus Taispeántas 1599

    An t-Urchair agus Taispeántas 1599

    Aimsigh an t-urchar – nó, go sonrach, an liathróid culvairin – leabaithe go hard i mballa an túirín losáin sa chlós lár. Scaoileadh é seo le linn léigir 1599, nuair a bhí Robert Devereux, an dara hiarla Essex, i gceannas airm ar na Banríona Eilís a d’ionsaigh an chaisleán. Bí cinnte go mbreathnaíonn túar an taispeántas faoin léigir, ina bhfuil samhail thar a bheith mionsonraithe den chaisleán agus é faoi ionsaí.

  5. Cuairt Síscéil do Leanaí

    Cuairt Síscéil do Leanaí

    Tóg na leanaí ar eachtra stairiúil lán le spraoi. Is féidir leat réimse earraí a fháil inár siopa bronntanas – lena n-áirítear claimhte adhmaid, clogaid Normannacha, ceannbhearta bláthanna, ionair, leabhair agus go leor earraí eile – a bheadh go breá le haghaidh leanaí. D’fhéadfá a gcuid samhlaíochta a spreagadh agus gothaí na meánaoiseanna a chur orthu trí ligean dóibh gléasadh suas mar ridirí tréana, banphrionsaí cróga nó saighdiúirí oilte! Tá roghanna iomadúla agat  – agus cruthófar go leor grianghraf leo mar chuimhne ar do lá iontach teaghlaigh.

    Níl teorainn ar fhiosracht leanaí agus bíonn go leor ceisteanna acu i gcónaí. Tá fáilte rompu ár dtreoraithe a cheistiú, agus beidh said lán-sásta  cuidiú leo tuiscint a fháil ar an áit draíochta seo.

  6. Saol na Scannán

    Saol na Scannán

    Baineadh úsáid as Caisleán na Cathrach le haghaidh scannánú go minic. Féach an féidir leat láithreacha agus cúlraí a fheiceáil ó na seónna agus na scannáin is fearr leat, idir Excalibur agus The Tudors .

  7. Pléisiúr Closamhairc

    Pléisiúr Closamhairc

    Tá Caisleán na Cathrach i gcroílár Sean-Oirthear na hÉireann , áit a bhfuil go leor scéalta faoi chaisleáin agus concais. I dteachín an chaisleáin, lenár gcur i láthair closamhairc de 15 nóiméad, Caisleán na Cathrach agus Scéal Chaisleáin na hÉireann , insítear scéal corraitheach duit faoi fhorbairt chaisleáin na hÉireann. Tá an tráchtaireacht ar fáil i nGaeilge, Béarla, Fraincis, Gearmáinis agus Iodáilis.

  8. Breathnaigh timpeall na Cathrach

    Breathnaigh timpeall na Cathrach

    Nuair a fhágann tú muid, ba chóir cuairt a thabhairt ar pháirc phoiblí Páirc na hInse  atá suite díreach taobh amuigh de bhallaí an chaisleáin lena dhealbha iontacha déanta as adhmaid. D’fhéadfá fiú claíomh Rí Arthur, Excalibur,  a fheiceáil ann nó sióg nó dhó ar Chonair na Síog in aice láimhe.  Más mian leat beagán níos mó dár radharcra iontach áitiúil a fheiceáil, d’fhéadfá súil ar do shuaimhneas feadh na siúlóide poiblí gleoite cois abhann a théann go dtí an Teach Eilvéiseach, nach bhfuil ach 2km uaidh.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.