Skip to content

Oidhreacht Éireann

Buaicphointí Carraig Phádraig (6)

  1. Séipéal Chormaic

    Séipéal Chormaic

    Tabhair cuairt ar shéipéal Chormac Mac Cárthaigh, rí Mumhan. Is í seo an séipéal Rómhánúil is breátha agus is iomláine in Éirinn. Cuardaigh an t-aon fhreascó Rómhánúil a mhaireann in Éirinn agus féach ar dhoras thuaidh an tséipéil, a bhfuil tiompán snoite go ríghalánta air a thaispeánann ceinteár beag ag fiach leoin.

  2. Halla Córúil an Bhiocáire

    Halla Córúil an Bhiocáire

    Tapaigh an deis an foirgneamh meánaoiseach álainn dea-chaomhnaithe seo a fheiceáil, a bhain le grúpa tuataí a bhí fostaithe chun na seirbhísí sa séipéal a chanadh. Tá an t-atmaisféar chomh tréan anseo, nach deacair amhrán naofa na mbiocáirí a shamhlú ag macallú timpeall na mballaí.

    Tá gnéithe níos diamhaslacha  le fáil freisin. Cuardaigh an Síle-na-gig atá i bhfolach ar an mballa seachtrach.

  3. An Ardeaglais

    An Ardeaglais

    Tá neart spioradálta speisialta le fáil ag an ardeaglais Ghotach ón tríú haois déag ag Carraig Phádraig. Bain sásamh as an bpictiúir ar an mballa a bhfuil go leor maisiúcháin air sa chroslann ó dheas. Féach aníos chun túr lárnach na hardeaglaise agus an caisleán cónaithe ollmhór a fheiceáil ina iomláine.

  4. An Cloigtheach

    An Cloigtheach

    Is é an cloigtheach an foirgneamh is sine a mhaireann ar an láithreán. Téann sé siar go dtí tús an 12ú haois agus is dócha gur críochnaíodh é thart ar an mbliain 1101, an bhliain chéanna a bronnadh an láithreán ar an eaglais. Tá sé 28m ar airde ón mbun go barr an díon cónúil a bhfuil caipín cloiche air agus tógadh as aolchloch agus gaineamhchloch é.

  5. An Radharc ón gCarraig

    An Radharc ón gCarraig

    Ó mhullach na Carraige, féach ar an radharc mórthimpeall ar an machaire máguaird. An féidir leat an dá mhainistir a dhéanamh amach in aice láimhe? Má tá an t-am agat, is fiú cuairt a thabhairt ar an Mhainistir Liath in aice láimhe, mainistir Chistéirseach álainn,atá ina fothrach.

  6. Baile Bríomhar

    Baile Bríomhar

    Bain triail as na sólaistí cócaireachta atá ar fáil sna bialanna agus caiféanna iomadúla  I baile oidhreachta aoibhinn Chaiseal. Féach trí na hearraí cuimhneacháin atá i músaem  Bhaile Tuaithe Chaisil, breathnaigh ar sheó ag Brú Ború nó fiosraigh stair shaibhir an bhaile sanIonad Oidhreachta.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.