Skip to content

Oidhreacht Éireann

Carraig Phádraig

Ard-Rí shéadchomharthaí na hÉireann

Áirithint ar líne

Amanna oscailte go léir

Carraig Phádraig

Ard-Rí shéadchomharthaí na hÉireann

BOOK ONLINE

See all opening times

Is trí thuras treoreithe amháin a thugtar cuairt ar Shéipeéal Chormaic

Tá líon teoranta ticéid ar fáil don turas istigh de Shéipéal Chormaic agus ní feidir iad  a cheannachach ag an suíomh

Is féidir le hamanna turas agus sonraí a athrú ar fhógra gear, mar sín, cuir glaoch orainn roimh ré le do thoil,chun díomá a sheachaint

Cead isteach

Duine Fásta: €8.00
Grúpa/Seanóir: €6.00
Leanbh/Mac Léinn: €4.00
Teaghlach: €20.00

Áirithint ar líne

Getting here

Carraig Phádraig
Caiseal
Co. Thiobraid Árann
E25 KX44

Get Directions

Follow us

Carraig Phádraig

Cuimsíonn Carraig Phádraig, a bhfuil suntas íocónach staire ag baint léi agus atá suite ar lomán aolchloiche i Machaire Méith na Mumhan, an cnuasach d’fhoirgnimh mheánaoiseacha is iontaí in Éirinn. I measc na séadchomharthaí atá le feiceáil ansin, tá cloigtheach, ardchros, séipéal Rómhánach, ardeaglais Ghotach, mainistir, Halla Chór na mBiocáirí agus caisleán ón gcúigiú haois déag.

Ba ann a bhí ceannáras Ríthe na Mumhan i dtús aimsire, agus de réir an tseanchais tháinig Naomh Pádraig féin anseo chun an Rí Aenghus a thiontú ina Chríostaí. Corónaíodh Brian Bóramha mar Ard-Rí ag Carraig Phádraig in 990 agus bhí sí mar cheanncheathrú aige ina dhiaidh sin.

Bronnadh an suíomh ar an eaglais in 1101 agus tháinig Carraig Phádraig chun cinn go tapa mar cheann de na lárionaid ba shuntasaí sa tír maidir le cumhacht na heaglaise.

Tá na foirgnimh atá fós ar an suíomh go hiontach ar fad. Mar shampla, tá na freascónna Rómhánacha atá i Séipéal Chormaic uathúil mar nach bhfuil ann ach iad in Éirinn.

Ní haon ionadh mar sin go bhfuil Carraig Phádraig ar cheann de na hionaid turasóireachta is mó a dtugtar cuairt air in Éirinn.

Uaireanta Oscailte

Féach Amanna Oscailte Séasúracha

 

 

Fógra

Dúnta 24 – 26 Nollaig, an dá lá sin san áireamh.

Tabhair do d’aire nach mór do gach grúpa réamháirithint a dhéanamh.

Iarrtar ar thionscnóirí turas atá ag tabhairt cuairt ar Charraig Phádraig gan tiomáint díreach chuig an suíomh ach dul chuig an gcarrchlós is gaire dóibh.

Is trí thuras treoreithe amháin a thugtar cuairt ar Shéipeéal Chormaic.

Tá líon teoranta ticéid ar fáil don turas istigh de Shéipéal Chormaic agus ní feidir iad  a cheannachach ag an suíomh.

Is féidir le hamanna turas agus sonraí a athrú ar fhógra gear, mar sín, cuir glaoch orainn roimh ré le do thoil,chun díomá a sheachaint.


Uaireanta Oscailte Séasúracha

14 Mhárta - Lár Dheireadh Fómhair

Gach lá 09:00

An Turas Treoraithe Deireanach 15:45

Cead isteach deireanach 16:45

Meánfhad cuairte 1 – 1.5 uair

 

Lár Dheireadh Fómhair - Lár Mhárta

Gach lá 09:00

Cead isteach deireanach 15:45
Meánfhad cuairte 1 – 1.5 uair

Teagmháil

Carraig Phádraig
Caiseal
Co. Thiobraid Árann
E25 KX44

062 61437

Tabhair cuairt anseo

I gCarr – Carrchlós poiblí gar don láithreán.

Ar an mBus – Gabh an X8 go Caiseal agus siúl 500m ó lár bhaile Chaisil amach ó Bhóthar Bhaile Átha Cliath.

Ar an Traein – Is é an stáisiún traenach is gaire ná Durlas.

 

Oscail suíomh i Google Maps

Roghnaigh modh taistil

Áiseanna

  • Seó Closamhairc
  • Bróisiúr
  • Card Accepted
  • Páirceáil cóiste
  • Ionad Imeachtaí
  • Taispeántas
  • Siopa bronntanas
  • Turais threoraithe
  • Músaem

Srianta

  • Coisbheart oiriúnach
  • Madra treorach amháin
  • Coinnigh an ráille láimhe
  • Doras íseal
  • Ná dreap
  • Siúlóidí míchothrom

Achmhainní

Treoir Shóisialta agus Treoracha Cuairteoirí

Íoslódáil, priontáil agus léigh ár dtreoir shóisialta (PDF) faoi chuairt a thabhairt ar Rock of Cashel. Cuideoidh sé seo le cuairteoirí céaduaire, teaghlaigh agus daoine faoi mhíchumas forbartha agus foghlama ullmhú le haghaidh cuairte ar Charraig Chaisil.

Íoslódáil an Treoir Shóisialta

Íoslódáil Treoir na gCuairteoirí

Guide français du Rocher de Cashel

Rock of Cashel Deutscher Reiseführer

Treoir as Gaeilge

Guida Rock of Cashel in italiano

Przewodnik po Rock of Cashel po polsku

Guía de Rock of Cashel en español

Suíomhanna cóngarach

B’fhéidir gur mhaith leat freisin

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.