Skip to content

Oidhreacht Éireann

Mainistir Shligigh

Áit a mbaintear macalla as paidreacha na mbráithre i measc na bhfothrach

15 Márta - 01 Nollaig 2024

Amanna oscailte go léir

Mainistir Shligigh

Áit a mbaintear macalla as paidreacha na mbráithre i measc na bhfothrach

15 Márta - 01 Nollaig 2024

See all opening times

Ionad dúnta

Cead isteach

Duine fásta: €4.00
Duine Scothaosta: €4.00
Paiste: €2.00
Clann: €10.00

Getting here

Sráid na Mainistreach,
Sligeach
Contae Shligigh
F91 K796

Get Directions

Follow us

Mainistir Shligigh

Is í an phrióireacht Dhoiminiceach, a dtugtar Mainistir Shligigh uirthi, an ghné is suntasaí de cheantar thoir Shligigh ó bunaíodh an baile i lár an tríú haois déag. Tá codanna móra den séipéal, sacraistí agus teach caibidle caomhnaithe ón tréimhse sin, chomh maith leis an gclabhstra álainn ón gcúigiú haois déag agus na foirgnimh a bhaineann leis.

Mhair an Mhainistir trí go leor tubaistí, lena n áirítear tine thimpisteach in 1414, díchóimeáil croise móire adhmaid lena húsáid mar reithe cogaidh le linn léigir ar chaisleán an bhaile, agus scrios foréigneach a rinne tiarna talún Plandála, an tUasal Frederic ‘The Bragger’ Hamilton, in 1642. Le linn an ochtú haois déag, bhí an Mhainistir, atá tréigthe anois, ina príomhreilig sa bhaile. Bhí an-bhrú ar an reilig i samhradh 1832 mar gheall ar íospartaigh eipidéime calair. Cuireadh stop le hadhlacthaí sa Mhainistir in 1847 – ‘47 an Bhróin’ – an tréimhse ba mheasa den Ghorta Mór.

D’ainneoin scrios na staire, tá go leor snoiteán sa Mhainistir fós, lena n-áirítear dealbh chuimhneacháin Ghotach agus Renaissance, stuara an chlabhstra, a bhfuil bail mhaith air, agus an altóir ard dhealbhaithe ón gcúigiú haois déag – atá ar cheann den fhíorbheagán a mhaireann fós i séipéal mainistreach Éireannach. Is féidir le cuairteoirí iarsmaí an phroinntí agus na dórtúir ar an urlár uachtarach a fheiceáil, chomh maith leis an reilig stairiúil, atá thart timpeall ar an gcoimpléasc

Uaireanta Oscailte

15 Márta – 01 Nollaig 2024

Gach Lá 9:00- 17:00

Cead isteach deireanach 16:00

27 Deireadh Fómhair - 01 Nollaig

Daily 09:00- 17:00 

Last admission 16:00

Teagmháil

Sráid na Mainistreach,
Sligeach
F91 K796

071 914 6406

Tabhair cuairt anseo

Lár bhaile Shligigh

Oscail suíomh i Google Maps

Roghnaigh modh taistil

Áiseanna

  • Card Accepted
  • Turais threoraithe
  • Leithris
  • Leithreas inrochtana

Srianta

  • Madra treorach amháin
  • Rochtain Theoranta
  • Siúlóidí míchothrom

Achmhainní

Treoir Shóisialta

Íoslódáil, priontáil agus léigh ár dtreoir shóisialta (PDF) faoi chuairt a thabhairt ar Mhainistir Shligigh. Cuideoidh sé seo le cuairteoirí céaduaire, teaghlaigh agus daoine faoi mhíchumas forbartha agus foghlama ullmhú le haghaidh cuairte ar Mhainistir Shligigh.

Íoslódáil an Treoir Shóisialta

Suíomhanna cóngarach

B’fhéidir gur mhaith leat freisin

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol