Skip to content

Oidhreacht Éireann

Buaicphointí Mainistir Shligigh (5)

  1. Bain sult as Turas Treoraithe

    Bain sult as Turas Treoraithe

    Braith stair ildaite agus thrámach na mainistreach leis an mbeocht a dtugann ár dtreoraithe di. Faigh amach gach rud faoin gcaoi ar éirigh le Muiris Mac Gearailt, bunaitheoir an bhaile, an foirgneamh suntasach seo a thógáil, agus faoin gcaoi ar éirigh leis maireachtáil trí lot an chlampair stairiúil.

  2. Tuama Snoite Urghnách

    Tuama Snoite Urghnách

    Déan iarracht cuid de na naoi bhfigiúr a bhí snoite i rilíf ar thuama O’Crean sa bhliain 1506, a aithint. Is é an tuama an séadchomhartha is sine sa mhainistir. Teaghlach ceannaithe saibhre agus tábhachtacha  as Sligeach ab ea muintir O’Crean. Aimsigh an tuama Sacs-Gotach iontach  seo i gcuasán i mballa thuaidh den mheánlann. I measc na naoi bhfigiúr tá bráthair, Naomh Dominic is dócha; Naomh Mícheál an t-Ardaingeal, inaitheanta lena sciatháin, agus a chlaíomh agus sciath ardaithe; agus Naomh Peadar an tAspal, agus eochracha na bhflaitheas aige ina lámh.

  3. Tabhair cuairt ar an tSnaidhm Ghrá

    Tabhair cuairt ar an tSnaidhm Ghrá

    Taispeáin do thiomantas ag an tSnaidhm Ghrá, snoiteán uathúil atá i bhfolach ar cheann de na colúin i gclabhstra na mainistreach. Deirtear go léiríonn an tSnaidhm Ghrá an ceangal idir grá talmhaí agus grá spioradálta. Deirtear go háitiúil gur féidir leis achainí a dheonú freisin. Cuir do lámh ar an gcloch agus abair mian do chroí. Cá bhfios? B’fhéidir go bhfíorófaí do ghuí.

  4. An Nasc le Dracula

    An Nasc le Dracula

    Fiosraigh an nasc atá ag Mainistir Shligigh le ceann de na saothair liteartha is suntasaí in Éirinn. De réir an scéil bhí máthair Bram Stoker ina cónaí i Sligeach le linn na heipidéime calair in 1832. Bhí calar mar chúis leis an mbuille croí agus an análú a mhoilliú, Mhoilling an calar an mbuille croí agus an analú, agus i rith an ama sin tharla sé   gur déaneadh daoine a adhlacadh agus iad fós beo. Chonaic máthair Bram Stoker adhlacadh amháin den sórt sin i reilig na mainistreach agus rinne sí an scéal a thuairisciú dá mac blianta fada ina dhiaidh sin. Creideann go leor daoine gurb é seo an áit a bhfuair Bram a inspioráid dá saothar ní ba cháiliúla, scéal gruama Count Dracula.

  5. Súigh Isteach an tAtmaisféar

    Súigh Isteach an tAtmaisféar

    Bain sult as an suaimhneas uathúil sa mhainistir Dhoiminiceach, an t-aon struchtúr meánaoiseach atá i mbaile Shligigh. Tapaigh an deis nasc a dhéanamh leis an am atá thart

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.