Prióireacht Cheanannais
Tabhair cuairt ar an suíomh eaglasta iata is mó in Éirinn
Níl turais threoraithe ar fáil faoi lathair
Cead isteach
Saor in aisce
Prióireacht Cheanannais
Is de bharr an daingnithe a rinne na hAngla-Normannaigh ar Chúige Laighean a bunaíodh Prióireacht Cheanannais. Ba é Geoffrey FitzRobert, a bhí ina ridire tí agus ina chompánach dílis ag William Marshal, a bhunaigh í agus bhí an phrióireacht mar ghné amháin den bhaile nuair a bhunaigh Geoffrey baile mheánaoiseach Cheanannais.
Cé gur bunaíodh í thart ar 1193, tá iarsmaí fairsinge di le feiceáil go fóill sa lá atá inniu ann. Ina measc sin, tá corp na heaglaise, saingeal, séipéal na mban, an clabhstra agus foirgnimh ghaolmhara, chomh maith le hiarsmaí d’otharlann na prióireachta, ceardlann, cistin, oigheann aráin agus muileann. Tarraingíonn na cosaintí meánaoiseacha, atá thart ar an limistéar ar fad, aird ar ghné mhíleata an tsuímh agus is é sin an bunús atá le hainm áitiúil na prióireachta – ‘Seacht gCaisleán Cheanannais’.
Buaicphointí
Gailearaí
Uaireanta Oscailte
Níl turais threoraithe ar fáil a thuilleadh do 2024
Fógra
Tá rochtain ar an Prióireacht faoi láthair tríd an gcarrchlós ar L1023
Teagmháil
Prióireacht Cheanannais
Ceanannas
Co. Chill Chainnigh
R95 V184
056 772 4623 / 087 067 5783
Áiseanna
- Clostreoir
- Turais threoraithe
- Bealach abhann
Srianta
- Madraí ar iall
- Siúlóidí míchothrom
Suíomhanna cóngarach
Prióireacht Cheanannais
Mainistir Chistéirseach Sheireapúin
Ceann de na fothracha Cistéirseacha is breátha in Éirinn
Timpeall 7.9 km ón Prióireacht Cheanannais
Caisleán Chill Chainnigh
An tseoid is luachmhaire i gcathair dhraíochtúil mheánaoiseach
Timpeall 12.5 km ón Prióireacht Cheanannais
Teampall Mhuire, Gabhrán
Eaglais in bhfuil clocha oghaim, samhlacha de ridirí agus cuimhneacháin nuachlasaiceacha
Timpeall 17.0 km ón Prióireacht Cheanannais
Achmhainní
Treoir Shóisialta
Íoslódáil, priontáil agus léigh ár dtreoir shóisialta (PDF) faoi chuairt a thabhairt ar Phrióireacht Kells. Cuideoidh sé seo le cuairteoirí céaduaire, teaghlaigh agus daoine faoi mhíchumas forbartha agus foghlama ullmhú le haghaidh cuairte ar Phrióireacht Cheanannais.
Íoslódáil an Treoir Shóisialta