Skip to content

Oidhreacht Éireann

Buaicphointí Prióireacht Cheanannais (4)

  1. Teacht/bealach isteach

    Teacht/bealach isteach

    Ar an mbealach isteach álainn chuig Prióireacht Cheanannais, feadh siúlóid na habhann, tugtar le tuiscint go mbeidh eispéireas draíochta romhat, agus ní bheidh díomá ort. Is eachtra ann féin é teacht ar an bPrióireacht! Tá caifé, limistéar beag ceardaíochta agus sólaistí ar fáil duit sa sean-mhuileann, a bhfuil a bhunshraitheanna ina seasamh ar an suíomh seo ó na meánaoiseanna i leith. Ar an leibhéal is ísle den fhoirgneamh, is gnách go bhfeictear roth muilinn ag feidhmiú agus an mheicnic uile a úsáidtear chun é a chasadh. Lean an abhainn ar shiúl ón sráidbhaile agus tiocfaidh tú ar mhuileann eile, atá níos mó fós, fínise ar oidhreacht thionsclaíoch an Abhainn Rí agus an Fheoir. Lean an cosán ar bhruach na habhann agus is gearr go mbeidh fothracha na mainistreach le feiceáil trí na crainn. Ar do bhealach coinnigh súil amach don chorr réisc ina sheasamh ar bruach na habhainn, agus má fheiceann tú splanc ildaite gar do leibhéal na súl, gach seans gur eitil an cruidín áitiúil tharat! Tóg cúpla nóiméad chun ligean do na héin amhrán a chanadh duit agus tú ag dul i dtreo an mainistreach iata is mó in Éirinn.

  2. Suíomh Fairsing d’Fhothracha

    Suíomh Fairsing d’Fhothracha

    Tá Prióireacht Cheanannais ar cheann de na mainistreacha is mó in Éirinn agus tá a fothracha scaipthe thar limistéar iata ollmhór. Is féidir leat fós achar fhormhór na mbunstruchtúr meánaoiseach a rianú anseo. B’oileán a bhí ann tráth, ina raibh clós na mainistreach ann, a chuimsíonn príomhchorp na prióireachta agus na foirgnimh a ghabhann leis. Is é baile na Prióireachta an limistéar mór iata díreach ó dheas ó phríomhchorp na prióireachta. Lean lorg na manach meánaoiseach – timpeall chorp lárnach an tséipéil, an clabhstra cearnach ó dheas agus an cosán a bhíodh clúdaithe tráth timpeall an chlabhstra.

  3. Seacht gCaisleán Cheanannais

    Seacht gCaisleán Cheanannais

    Iontas na n-iontas, tá na ballaí cosanta timpeall na mainistreach fós ann. Bhí siad seo thar timpeall an láithreáin ar fad agus tháinig agus d’imigh na cónaitheoirí trí gheataí. Is féidir leat ceann de na geataí sin a fheiceáil fós, i mballa thoir an bhaile sheachtraigh. Bhí cosaintí mar seo ríthábhachtach le linn achrann an cheathrú haois déag, agus ina dhiaidh sin. Comhairigh na túir mhóra ar bhallaí an bhaile sheachtraigh, ar a dtugtar ‘Seacht gCaisleán Cheanannais’ go háitiúil.

  4. Túr na Prióireachta

    Túr na Prióireachta

    Tá Túr na Prióireachta ceangailte le seangal na prióireachta. Tá sé caomhnaithe go hálainn agus tá urlár adhmaid nua ann. Deirtear gur áit chónaithe shábháilte chompordach a bhí ann roimhe seo don phrióir nó cheannaire an phobail mhanachúil. Bí cinnte go bhfeiceann tú an bailiúchán leacanna uaighe meánaoiseacha ón suíomh, maisiúchán álainn ar cuid acu, atá anois ar leibhéal na talún.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.