Skip to content

Oidhreacht Éireann

Buaicphointí Túr Reginald (8)

  1. Túr Reginald

    Túr Reginald

    Suite ar rinn an Triantáin Lochlannaigh déanadh cur síos ar Thúr Reginald mar inse ollmhór cloiche! Uair amháin bhí lonnaíocht Angla-NormannachPhort Láirge cosanta ag23 túr agus teach geata, agus inniu is é Túr Reginald an t-aon cheann atá ina sheasamh go hiomlán slán. Téann stair an túir siar go dtí bunús na cathrach sa bhliain 914.   

  2. Stumble Stairs

    Stumble Stairs

    Is é an chéad dúshlán atá romhat agus tú ag dul tríd an túr ná do bhealach a dhéanamh suas an staighre tuisleach meánaoiseach. B’fhéidir go bhfuil cuma an- simplí orthu seo ach chuaigh go leor machnaimh isteach i ndearadh an staighre seo. Agus a théann tú suas an staighre tá tú ag leanúint lorg na n-ionsaitheoirí agus na gcosantóirí meánaoiseacha a shiúil na céimeanna seo na céadta bliain ó shin. Mar sin tabharfaidh tú faoi deara go bhfuil céimeanna ag casadh ar nós bíse i dtreo na láimhe deise, ionas go raibh sé beagnach dodhéanta d’ionsaitheoir deaslámhacha claíomh a luascadh agus é ag dul suas, ach d’fhéadfadh cosantóir deaslámhach ionsaí a dhéanamh ar an mbealach síos. Tá airde éagsúla ar na céimeanna. Ní fhéadfadh aon namhaid rith suas an staighre diabhalta seo gan tuisliú.

  3. Naimhde a Chosc

    Naimhde a Chosc

    Cuardaigh na hoscailtí stuacha ar gach urlár le fuinneoga nua-aimseartha. Ar dtús, lámhaigh cosantóirí ar an namhaid ón taobh istigh trí fhuinneoga a raibh scoilt saighead orthu. Athraíodh na hoscailtí seo níos déanaí chun go mbeadh siadoiriúnach le haghaidh gunnaí móra. Úsáideadh gunnaí móra in ionsaí in Éirinn den chéad uair le linn ionsaí Perkin Warbeck ar Thúr Reginald sa bhliain 1495. Chuaigh ceann de longa Warbeck go tóin poill díreach taobh amuigh.

  4. Seoda na Staire

    Seoda na Staire

    Is é Port Láirge an chathair is sine in Éirinn, agus tá sí ar maos sa stair. Tá trí bhailiúchán sa chathair a chuirtear le chéile faoi mheirge Seoda Phort Láirge. Tá Seoda na Lochlannach lonnaithe i Túr Reginald ina bhfuil déantáin a théann siar go ré na Lochlannach, mar shampla dealg eitleoige, píosaí cearrbhachais agus coiléar madraí. Is féidir leat roinnt boinn airgid a buaileadh anseo a fheiceáil nuair a bhí an túr ag feidhmiú mar mhionta. Greamaithe sa bhalla seachtrach atá an déantúsán is neamhghnách atá ar taispeáint,    urchar ó léigear Cromail de Phort Láirge i 1649. Nuair a bheidh tú críochnaithe ag breathnú thart ar an túr is féidir leat cuairt a thabhairt ar na Seoda Seoirseacha agus Meánaoiseacha in aice láimhe.

  5. An Mhainistir le trí ainm!

    An Mhainistir le trí ainm!

    Suite in aice láimhe, aimseoidh tú iarsmaí de Mhainistir Phroinsiasach ó thús an 13ú haois, atá ina Séadchomhartha Náisiúnta faoi chúram Stáit. Tugtar ‘Teampall na bhFrancach’ agus ‘Teampall na mBráithre Liatha’ ar na fothracha freisin. Bhunaigh Hugh Purcell an mhainistir seo sa bhliain 1240 ach chuir Anraí VIII  í faoi chois i 1540. Tá dath na haibíde a chaitheann na manaigh le feiceáil san ainm ‘na mBráithre Liatha’! I ndeireadh na 1600í tháinig caoga teaghlach de dhídeanaithe Úgónacha ón bhFrainc chun na cathrach tar éis géarleanúint reiligiúnachina dtír dhúchais. Tiontaíodh an cór (an chuid is gaire de Thúr Reginald) agus d’úsáid siad é lena gcuid seirbhísí agus tugadh “Eaglais na Fraince” air ansin. Deirtear freisin gur thug na hÚgónaigh stíl aráin leo, a glacadh go háitiúil agus ar a tugadh an “Blaa”, sócamas áitiúil atá aitheanta agus cosanta anois ag an Aontas Eorpach.

  6. Ocht gcéad bliain d'adhlacthaí

    Ocht gcéad bliain d'adhlacthaí

    Le hocht gcéad bliain úsáideadh tailte Eaglais na Fraince mar reilig, laistigh agus lasmuigh dá ballaí. Is é ceann de na daoine is cáiliúla díobh atá curtha anseo é an tUasal Neal O’Neille, Ard-Ghinearál cáiliúil na hÉireann a throid le Séamas II ag Cath na Bóinne. Le linn an chatha, agus é ag cosaint na háthanna ag Ros na Rí i gcoinne marcra na nÚgónach, gortaíodh go dona é. Nuair a theith Séamas II ó dheas go Port Láirge tar éis an chatha thaistil an tUasal Neal leis ach fuair sé bás de bharr a ghortuithe nuair a bhí sé sa chathair. Adhlacadh é i gcór Theampall na mBráithre Liatha, go híorónta an chuid a tugadh do na hÚgónaigh as a gcuid seirbhísí cúpla bliain ina dhiaidh sin.

  7. Cé chomh fada is féidir le cloch taisteal?!

    Cé chomh fada is féidir le cloch taisteal?!

    Tá na hoscailtí fuinneoige i mbinn thoir na mainistreach frámaithe le haolchloch atá snoite go hálainn i ndath buí-órga. Níl an charraig a úsáidtear as an áit, áfach, ach tagann sí ó chairéil Dundry in aice le Bristol, d’allmhairigh na Normannaigh í agus úsáideadh í le haghaidh obair chloiche maisiúil. Is féidir samplaí eile sa Triantán Lochlannach a fháil i dTúr Reginald agus in Ardeaglais Theampall Chríost. Tá Cloch Dundry úsáidte ar an mballa seachtrach de Mhúsaem Meánaoiseach Seoda Phort Láirge in aice láimhe le, admháil ar úsáid stairiúil na cloiche seo.

  8. Féach níos dlúithe…

    Féach níos dlúithe…

    Bhí cáil ar San Proinsias Assisi mar gheall ar a gaol a bhí aige leis an domhan nádúrtha agus tá sé anois mar phátrún na n-ainmhithe, an chomhshaoil agus éiceolaithe. Mar thoradh air sin is minic a léirítear éin agus ainmhithe i dtithe Proinsiasacha agus ní aon eisceacht é Teampall na mBráithre Liatha i bPort Láirge. Sa lá atá inniu ann tá trí chloch choirbéil atá fós le feiceáil le fiadhúlra snoite orthu. Ar phéire acu, taispeántar éin (ulchabhán ar cheann amháin, agus ar an gceann eile tá naoscach nó roilleach) agus tá coinín  ar an tríú ceann, atá suite anois i gcór na mainistreach. Ní ainmhí dúchasach atá sa coinín ach thug na Normannaigh leo go hÉireann iad mar fhoinse bia. Tá an coinín atá ar taispeáint anseo i dTeampall na mBráithre Liatha sách neamhghnách mar tá bróga á gcaitheamh aige!

    Laistigh den Triantán Lochlannach, agus gan ach cúpla nóiméad siúil ón túr, tá an dá mhúsaem eile de chuid Seoda Phort Láirge in éineacht le Waterford Crystal, siopaí ceardaíochta agus caiféanna éagsúla. Iarr léarscáil ar na treoraithe ag an deasc sa túr;ar an léarscáil taispeántar iarsmaí gheataí agus túir mheánaoiseacha na cathrach nó bain taitneamh as fánaíocht trí na sráideanna agus na lánaí a leanann fós leagan amach na seanchathrach.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol