Skip to content

Oidhreacht Éireann

Tá eolas a bhaineann leis an rochtain atá ar gach suíomh ar fáil ar na leathanaigh ghréasáin faoi leith atá ag na suíomhanna. Más mian leat cuairt a thabhairt ar áit faoi leith, ach go bhfuil imní ort faoi chúrsaí rochtana nó má tá ceisteanna agat maidir leis na saoráidí atá ar fáil, déan teagmháil leis an suíomh, le do thoil.

Fáiltítear roimh mhadraí cuidithe ag ár suíomhanna go léir.

Turais i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann.
Tá clár turas i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann á reáchtáil againn ag suíomhanna ar fud na tíre.

Tá cead isteach saor in aisce chuig an suíomh agus chuig an turas ach tá teorainn le líon na n-áiteanna agus dá bhrí sin iarrtar ar rannpháirtithe áit a chur in áirithe in am trátha trí ríomhphost a chur chuig an suíomh nó info@heritageireland.ie

Néaréagsúlacht
Táimid ag obair chun go mbeidh ár suíomhanna oidhreachta níos oiriúnach don uathachas. Tá oiliúint faighte ag mórán dár dtreoraithe ó AsIAm, Carthanas Náisiúnta Uathachais na hÉireann, agus tá Treoracha Sóisialta á bhforbairt faoi láthair ag ár suíomhanna chun cuidiú leat ullmhú i gcomhair do thurais. Is féidir an t-eolas sin a fháil faoin mír ‘Treoir Shóisialta’ inár leathanaigh ghréasáin faoi leith. Más mian leat cuairt a thabhairt ar áit faoi leith, ach nach féidir leat teacht ar an eolas ar líne, téigh i dteagmháil go díreach leis an suíomh, le do thoil.

ISL at Kilkenny Castle
ISL at Kilkenny Castle

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.