Skip to content

Oidhreacht Éireann

Oifigeach Eolais um Treoraithe Séasúracha

Suíomh
Caisleán an Rois
Dáta Deiridh
17/10/2024
Ráta pá
€14.39 - €22.82 in aghaidh na huaire (Féach Leabhrán Faisnéise d’Iarrthóirí le haghaidh tuilleadh sonraí)
Cineál Poist
Conarthaí Téarma Socraithe

Aighneachtaí: Oscailte

Leabhrán Faisnéise d’Iarrthóirí

Déan Iarratas Anois

Cad a dhéanaimid

Is é an príomhchúram atá againn ná na foirgnimh stairiúla agus an oidhreacht is tábhachtaí in Éirinn a bhainistiú agus a chaomhnú. Tugaimid an-aire do na 780 láithreán oidhreachta atá faoinár gcúram. Anuas air sin, ag na 70 láithreán ina bhfuil seirbhísí do chuairteoirí ar fáil, oibrímid go dian chun iad a chur i láthair ar na caighdeáin is airde, ag cinntiú go dtugaimid an t-eispéireas is fearr is féidir linn do chuairteoirí ó Éirinn agus ó thíortha eile.

Teistiméireachtaí

Is aghaidh phoiblí an OPW iad ár dTreoraithe, a chuireann suíomhanna oidhreachta is tábhachtaí na hÉireann os comhair an phobail. Tá ról ríthábhachtach ag an tSeirbhís Treorach maidir le caomhnú agus cur i láthair rogha suíomhanna, chomh maith le sábháilteacht agus sásamh na gcuairteoirí a chinntiú.

Tugann Treoraithe Oidhreachta taithí uathúil nach ndéanfá dearmad uirthi do chuairteoirí ó gach cearn den domhan. Is post é a mbainfeá sásamh agus sult as má thaitníonn sé leat do chuid saineolais agus díograise a roinnt le daoine eile.

Teistiméireachtaí Treoraithe

Teistiméireachtaí Treoraithe

About Ross Castle

Tá Caisleán an Rois suite i ngóilín ar Loch Léin. Is cosúil gur thóg an taoiseach Gaelach Ó Donnchú Mór é sa chúigiú haois déag.
De réir an tseanchais, tá Ó Donnchú ina chodladh fós faoi uisce an locha. Gach seacht mbliana, ar an gcéad mhaidin de Mhí na Bealtaine, éiríonn sé aníos ar a chapall breá bán. Má éiríonn leat spléachadh a fháil air, beidh rath ort ar feadh an chuid eile de do shaol.
Ba é Caisleán an Rois an áit deiridh i gCúige Mumhan a sheas an fód i gcoinne Chromail. Bhí a chuid cosantóirí, a bhí faoi cheannas Thiarna Mhúscraí ag an am, dóchasach de bharr tairngreachta a dúirt nach bhféadfadh ach long an caisleán a ghabháil. Bhí eolas ag an nGinearál Ludlow, ceannasaí arm Chromail, ar an tairngreacht agus chuir sé bád mór amach ar an loch. Nuair a chonaic na cosantóirí é, cuireadh dlús leis an ngéilleadh, agus fíoraíodh an tairngreacht.

Exterior of Ross Castle

An Post

Áirithe i Ról na Treoraithe Séasúracha/ Oifigigh Eolas beidh:

• Caomhnú an Láithreáin
• Cinntiú go gcloífear le pé rialacha atá ann do chuairteoirí.

• Bheith freagrach as slándáil agus sábháilteacht ag an láithreáin.

• Fáiltiú Roimh Chuairteoirí & na dualgais a bhaineann leis

• Fáilte a chur roimh cuairteoirí chuig an láithreán

• Cuntas ar an an láithreán agus na háiseanna a thabhairt do chuairteoirí

• Riarachán ticéid agus admhálacha

• Litríocht, cártaí poist agus póstaeir a dhíol

• Airgead a chomhaireamh agus na fáltais a réiteach

• Stoc a chomhaireamh

• An oifig fáiltithe agus áiseanna eile an láithreáin a choinneáil glan agus slachtmhar

• Gléas closamhairc nó fearas cuí eile a oibriú

• Déileáil le fiosrúcháin faoin gceantar agus na háiseanna do chuairteoirí ann

• Déileáil le fiosrúcháin fón

• Déileáil le háirithintí don láithreán

• Cur chun cinn agus léirmhíniú an Láithreáin

• Cur amach ar gach gné gach gné de thábhacht agus cúlra an láithreáin

• Do thráchtaireacht turais féin a fhorbairt i gcomhairle leis an stiúrthóir agus na treoraithe eile

• Turais treoraithe a stiúradh

• Turas treoraithe a chur in oiriúint do ghrúpaí ar leith

• Bainistíocht Imeachtaí

• Déileáil le mionfhiosrúcháin faoi ghnéithe ar leith den láithreán

• Dualgais lasmuigh lena n-áirítear Maoirseacht Páirce ach gan a bheith teoranta dóibh

• Dualgais feitheoir

Ina theannta sin, beidh ar an sealbhóir poist aon dualgas atá in oiriúint don phost, a thugtar dó/di ó am go chéile, a chomhlíonadh agus páirt a ghlacadh i bhforbairt an post an fhad agus atá sé/sí i seilbh oifige.

RIACHTANAIS

Ní mór d’iarratasóirí na nithe seo leanas a bheith acu:

• Feasacht ar an Oidhreacht agus tuiscint agus spéis sa Stair

• Tuiscint ar réasúnaíocht stairiúil agus modheolaíocht taighde

• Cumas dul i dteagmháil le agus cláir a dhéanamh do lucht féachana éagsúil, daoine aonair agus pobail, ar an láthair agus ar line.

• Ní mór d’iarrthóirí a bheith 18 mbliana d’aois ar a laghad ar 1 Eanáir 2024. Tá scor éigeantach nuair a shroicheann siad 70 bliain d’aois. Ní mór d’iarrthóirí teastas breithe bunaidh nó Pas a sholáthar chun críocha fíoraithe aoise mar chuid den phróiseas réamhfhostaíochta. Ní dhéanfar aon cheapachán chuig an bpost do na hiarrthóirí sin nach gcomhlíonann na critéir aoise

Taithí oibre iomchuí

• An cumas oibriú mar chuid d’fhoireann agus idirghníomhú le comhghleacaithe, bainisteoirí agus leis an bpobal ar bhealach tuisceanach, cúirtéiseach agus gairmiúil.
• An cumas cur le spiorad maith foirne agus é a chothabháil

• Toilteanas glacadh le treoir

• Scileanna idirphearsanta agus cumarsáide den scoth lena n-áirítear muinín agus cumas cuir i láthair a dhéanamh do ghrúpaí

• Dea-bhreithiúnacht agus scileanna cinnteoireachta go háirithe i gcásanna éigeandála

• Suim i leith soiléireacht agus caighdeán oibre

• Taithí ar chóras agus nósanna imeachta TFC

• Feasacht iomlán ar nósanna imeachta sláinte agus sábháilteachta. Ní mór an Obair ar fad a chur i gcrích ar bhealach éifeachtach agus sábháilte, de réir threoracha an mhaoirseora/bainisteora, maidir leat féin, lena chomhghleacaithe agus leis an bpobal trí riachtanais Sláinte agus Sábháilteachta a thuiscint, a urramú agus a chur i bhfeidhm

• Feasacht ar ghá an láithreán a chaomhnú

• Tiomantas do Sheirbhísí do Chustaiméirí ar Ardchaighdeán

Is dócha go mbeidh agallaimh ar siúl go pearsanta i rith mhí na Samhna.

Beidh fad na gconarthaí éagsúil óna chéile ach mairfidh siad idir 3 agus 9 mí.

Ceisteanna Coitianta

Fógróimid post de réir mar a bheidh siad ar fáil. Táimid ag súil lenár gcéad bhaisc láithreán eile a fhógairt thar mhíonna an gheimhridh, Samhain go hEanáir.

Is féidir. Mura bhfuil tú sa tír ag am an agallaimh, is féidir linn agallamh ar líne a éascú duit má éiríonn le d’iarratas.

Déanfar teagmháil le gach iarrthóir trí ríomhphost laistigh de mhí amháin ón dáta deiridh agus tabharfar cuireadh duit chun agallaimh nó gheobhaidh tú litir chun a rá nár cuireadh d’iarratas ar an ngearrliosta le haghaidh agallaimh an uair seo.

Níor chóir duit níos mó ná foirm iarratais amháin a chur isteach.

Iarrfar ort dhá láithreán a roghnú ar d’fhoirm iarratais. Déanfar iarrthóirí a mheas le haghaidh agallaimh dá gcéad rogha.

Ní bhreithneofar dara rogha iarrthóirí ach amháin i gcásanna nach féidir poist a líonadh.

Mar sin féin, ní chuirfear iarrthóir nár éirigh leo ag céim an agallaimh san áireamh don dara rogha láithreáin dá gcuid.

Is féidir, caitear le gach comórtas ar leithligh, áfach. Má éiríonn le hiarrthóir i gcomórtas amháin agus má thairgtear post dóibh, ní féidir aon tairiscint eile a dhéanamh.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol