Oifigeach Eolais um Treoraithe Séasúracha
- Suíomh
- Mainistir Shligigh
- Ráta pá
- €14.64 (Leibhéal Iontrála) – Tagair don leabharín don scála pá
- Cineál Poist
- Conarthaí Téarma Socraithe
Aighneachtaí: Dúnta
Cad a dhéanaimid
Is é an príomhchúram atá againn ná na foirgnimh stairiúla agus an oidhreacht is tábhachtaí in Éirinn a bhainistiú agus a chaomhnú. Tugaimid an-aire do na 780 láithreán oidhreachta atá faoinár gcúram. Anuas air sin, ag na 70 láithreán ina bhfuil seirbhísí do chuairteoirí ar fáil, oibrímid go dian chun iad a chur i láthair ar na caighdeáin is airde, ag cinntiú go dtugaimid an t-eispéireas is fearr is féidir linn do chuairteoirí ó Éirinn agus ó thíortha eile.
Ar mhaith leat oibriú chun ár láithreáin oidhreachta a chur chun cinn agus a chur i láthair don phobal? Tá Seirbhísí Cuairteoirí Oifig na nOibreacha Poiblí ag lorg daoine díograiseacha faoi láthair chun bheith mar chuid dá bhFoireann Treoraithe tiomnaithe.
Teistiméireachtaí
Is aghaidh phoiblí an OPW iad ár dTreoraithe, a chuireann suíomhanna oidhreachta is tábhachtaí na hÉireann os comhair an phobail. Tá ról ríthábhachtach ag an tSeirbhís Treorach maidir le caomhnú agus cur i láthair rogha suíomhanna, chomh maith le sábháilteacht agus sásamh na gcuairteoirí a chinntiú.
Tugann Treoraithe Oidhreachta taithí uathúil nach ndéanfá dearmad uirthi do chuairteoirí ó gach cearn den domhan. Is post é a mbainfeá sásamh agus sult as má thaitníonn sé leat do chuid saineolais agus díograise a roinnt le daoine eile.
Eolas Fúinn
Is í an phrióireacht Dhoiminiceach, a dtugtar Mainistir Shligigh uirthi, an ghné is suntasaí de cheantar thoir Shligigh ó bunaíodh an baile i lár an tríú haois déag. Tá codanna móra den séipéal, sacraistí agus teach caibidle caomhnaithe ón tréimhse sin, chomh maith leis an gclabhstra álainn ón gcúigiú haois déag agus na foirgnimh a bhaineann leis.
Mhair an Mhainistir trí go leor tubaistí, lena n áirítear tine thimpisteach in 1414, díchóimeáil croise móire adhmaid lena húsáid mar reithe cogaidh le linn léigir ar chaisleán an bhaile, agus scrios foréigneach a rinne tiarna talún Plandála, an tUasal Frederic ‘The Bragger’ Hamilton, in 1642. Le linn an ochtú haois déag, bhí an Mhainistir, atá tréigthe anois, ina príomhreilig sa bhaile. Bhí an-bhrú ar an reilig i samhradh 1832 mar gheall ar íospartaigh eipidéime calair. Cuireadh stop le hadhlacthaí sa Mhainistir in 1847 – ‘47 an Bhróin’ – an tréimhse ba mheasa den Ghorta Mór.
D’ainneoin scrios na staire, tá go leor snoiteán sa Mhainistir fós, lena n-áirítear dealbh chuimhneacháin Ghotach agus Renaissance, stuara an chlabhstra, a bhfuil bail mhaith air, agus an altóir ard dhealbhaithe ón gcúigiú haois déag – atá ar cheann den fhíorbheagán a mhaireann fós i séipéal mainistreach Éireannach. Is féidir le cuairteoirí iarsmaí an phroinntí agus na dórtúir ar an urlár uachtarach a fheiceáil, chomh maith leis an reilig stairiúil, atá thart timpeall ar an gcoimpléasc.
An Post
Áirithe i Ról na Treoraithe Séasúracha/ Oifigigh Eolas beidh:
• Caomhnú an Láithreáin
• Cinntiú go gcloífear le pé rialacha atá ann do chuairteoirí.
• Bheith freagrach as slándáil agus sábháilteacht ag an láithreáin.
• Fáiltiú Roimh Chuairteoirí & na dualgais a bhaineann leis
• Fáilte a chur roimh cuairteoirí chuig an láithreán
• Cuntas ar an an láithreán agus na háiseanna a thabhairt do chuairteoirí
• Riarachán ticéid agus admhálacha
• Litríocht, cártaí poist agus póstaeir a dhíol
• Airgead a chomhaireamh agus na fáltais a réiteach
• Stoc a chomhaireamh
• An oifig fáiltithe agus áiseanna eile an láithreáin a choinneáil glan agus slachtmhar
• Déileáil le fiosrúcháin faoin gceantar agus na háiseanna do chuairteoirí ann
• Déileáil le fiosrúcháin fón
• Déileáil le háirithintí don láithreán
• Cur chun cinn agus léirmhíniú an Láithreáin
• Cur amach ar gach gné gach gné de thábhacht agus cúlra an láithreáin
• Do thráchtaireacht turais féin a fhorbairt i gcomhairle leis an stiúrthóir agus na treoraithe eile
• Turais treoraithe a stiúradh
• Turas treoraithe a chur in oiriúint do ghrúpaí ar leith
• Bainistíocht Imeachtaí
• Déileáil le mionfhiosrúcháin faoi ghnéithe ar leith den láithreán
• Dualgais lasmuigh lena n-áirítear Maoirseacht Páirce ach gan a bheith teoranta dóibh
• Dualgais feitheoir
Ina theannta sin, beidh ar an sealbhóir poist aon dualgas atá in oiriúint don phost, a thugtar dó/di ó am go chéile, a chomhlíonadh agus páirt a ghlacadh i bhforbairt an post an fhad agus atá sé/sí i seilbh oifige.
Riachtanais
Ní mór d’iarratasóirí na nithe seo leanas a bheith acu:
- Tá líofacht i mBéarla riachtanach
• Feasacht ar an Oidhreacht agus tuiscint agus spéis sa Stair
• Tuiscint ar réasúnaíocht stairiúil agus modheolaíocht taighde
• Cumas dul i dteagmháil le agus cláir a dhéanamh do lucht féachana éagsúil, daoine aonair agus pobail, ar an láthair agus ar line.
• Ní mór d’iarrthóirí a bheith 18 mbliana d’aois ar a laghad ar 1 Eanáir 2024. Tá scor éigeantach nuair a shroicheann siad 70 bliain d’aois. Ní mór d’iarrthóirí teastas breithe bunaidh nó Pas a sholáthar chun críocha fíoraithe aoise mar chuid den phróiseas réamhfhostaíochta. Ní dhéanfar aon cheapachán chuig an bpost do na hiarrthóirí sin nach gcomhlíonann na critéir aoise
Taithí oibre iomchuí
• An cumas oibriú mar chuid d’fhoireann agus idirghníomhú le comhghleacaithe, bainisteoirí agus leis an bpobal ar bhealach tuisceanach, cúirtéiseach agus gairmiúil.
• An cumas cur le spiorad maith foirne agus é a chothabháil
• Toilteanas glacadh le treoir
• Scileanna idirphearsanta agus cumarsáide den scoth lena n-áirítear muinín agus cumas cuir i láthair a dhéanamh do ghrúpaí
• Dea-bhreithiúnacht agus scileanna cinnteoireachta go háirithe i gcásanna éigeandála
• Suim i leith soiléireacht agus caighdeán oibre
• Taithí ar chóras agus nósanna imeachta TFC
• Feasacht iomlán ar nósanna imeachta sláinte agus sábháilteachta. Ní mór an Obair ar fad a chur i gcrích ar bhealach éifeachtach agus sábháilte, de réir threoracha an mhaoirseora/bainisteora, maidir leat féin, lena chomhghleacaithe agus leis an bpobal trí riachtanais Sláinte agus Sábháilteachta a thuiscint, a urramú agus a chur i bhfeidhm
• Feasacht ar ghá an láithreán a chaomhnú
• Tiomantas do Sheirbhísí do Chustaiméirí ar Ardchaighdeán
Is dócha go mbeidh agallaimh ar siúl go pearsanta i rith mhí na Eanáir.
Beidh fad na gconarthaí éagsúil óna chéile ach mairfidh siad idir 3 agus 9 mí.
Ceisteanna Coitianta
Is féidir. Mura bhfuil tú sa tír ag am an agallaimh, is féidir linn agallamh ar líne a éascú duit má éiríonn le d’iarratas.
Déanfar teagmháil le gach iarrthóir trí ríomhphost laistigh de mhí amháin ón dáta deiridh agus tabharfar cuireadh duit chun agallaimh nó gheobhaidh tú litir chun a rá nár cuireadh d’iarratas ar an ngearrliosta le haghaidh agallaimh an uair seo.
Is féidir, caitear le gach comórtas ar leithligh, áfach. Má éiríonn le hiarrthóir i gcomórtas amháin agus má thairgtear post dóibh, ní féidir aon tairiscint eile a dhéanamh.