Skip to content

Oidhreacht Éireann

Caisleán Aircín

Caisleán a bhí mór le rá tráth den saol agus a mbaineann stair éagsúil leis

Unguided sites

Cill Éinne, Co. na Gaillimhe

Caisleán Aircín

Caisleán a bhí mór le rá tráth den saol agus a mbaineann stair éagsúil leis

Unguided sites

Cill Éinne, Co. na Gaillimhe

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Caisleán Aircín atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

*Ní cheadaítear ach breathnú seachtrach – tá aghaidh Caisleán Aircín i dtreo na farraige, agus is é an bealach is fearr lena fheiceáil trí bhreathnú siar ó Ché Chill Éinne. Bígí airdeallach go bhféadfadh báid a bheith ag obair ar an gcé agus nach bhfuil aon bhacainn ag an imeall*

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Caisleán Aircín

Is é an chiall atá leis an bhfocal ‘aircín’ cuan beag nádúrtha agus is cosúil gurbh é seo an bunainm a bhí ar an gceantar. Ba é príomhchuan an oileáin é roimh an 19ú haois, agus is cosúil gur bunaíodh an caisleán ar shuíomh cosanta ón 13ú haois. Tá Caisleán Aircín, ar tugadh Dún Chromail air níos déanaí, suite i sráidbhaile darb ainm Cill Éinne ar Árainn.

 Tógadh daingean luath-mheánaoiseach ar an suíomh sa 12ú haois do mhuintir Uí Bhriain agus bhí sé i seilbh an teaghlaigh sin go dtí 1565, nuair a chuir muintir Uí Fhlaithbheartaigh ó Iar-Chonnacht as a sheilbh é. In 1587, dhíshealbhaigh Eilís I Shasana óna gcuid talún Muintir Uí Fhlaithbheartaigh agus rinneadh sí Mainéar Ríoga d’Aircín.

Téann an déanmhas reatha siar chomh fada leis na 1650idí nuair a ghabh fórsaí buaiteacha Chromail contae na Gaillimhe agus nuair a dhaingnigh siad an t-oileán le garastún de 100 saighdiúir chun rochtain ar Chuan na Gaillimhe a chosaint. Bhí an daingean ina phríosún do shagairt Chaitliceacha choiscthe ar feadh tréimhse ghairid sna 1650idí, ach ní raibh sé in úsáid ach ó am go ham i ndiaidh 1700. Léiríonn sceitse den daingean ón 18ú gcéad ceithre thúr faire, dhá cheann acu sin cearnógach agus dhá cheann ciorclach. Níl fágtha anois ach ceann amháin acu sin. Is féidir doras a fheiceáil ar cheann thiar an imbhalla, a bhíodh ina bealach isteach chuig an daingean ón bhfarraige.

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol