Fógra
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Caisleán Dhroim Tharsna atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
*Ní Cheadaítear ach Féachaint air ón Taobh Amuigh; Ní Cheadaítear Dul Isteach Ann*
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Caisleán Dhroim Tharsna
Tá an túrtheach seo, a bhaineann leis an tréimhse idir tús agus lár an 16ú haois, suite 5 chiliméadar (3.11 míle) siar ó dheas ó shráidbhaile Ard Raithin i gContae na Gaillimhe. Struchtúr cúig stór is ea é. Tá sé daingean ach tá sé iontach dearóil. Muintir Mhic Giolla Cheallaigh, ar theaghlach Angla-Normannach iad, a thóg é. Ba le Seán Ballach, de mhuintir Uí Sheachnasaigh, é ní b’fhaide anonn; bhronn Eilís I, Banríon Shasana, an caisleán agus na tailte air sa bhliain 1574. Tháinig muintir Fhrinse i seilbh an chaisleáin sin go luath san 18ú haois.
Bhí an túr faoi chosaint bábhúin, nó imfhálú múrtha, a chéaduair. Dearadh é mar dhaingean cosantach. Tá an bealach isteach stuach sa bhalla thoir thuaidh. Tá ballaí tiubha ann agus tá fuinneoga arda caola ar gach urlár. Tá na stórtha istigh ceangailte ag staighre bíse sa choirnéal thoir theas agus tá ábhar pasáistí múracha sa chaisleán fosta. Tá an dara agus an ceathrú stór boghtach. Maidir leis an gcúigiú hurlár, tá áiléar ann a bhaineann le ré ní ba dhéanaí (tá balla binne amháin fágtha) mar aon le táibhle ina bhfuil poll lámhaigh, nó “poll an uafáis”, agus é suite go straitéiseach os cionn an bhealaigh isteach ar urlár na talún; bhaintí leas as chun clocha móra a chaitheamh anuas ar ionsaitheoirí nó chun uisce beirithe a dhoirteadh anuas orthu.
Bhíothas sa chaisleán go dtí tús an 20ú haois. Rinneadh athruithe éagsúla ar an struchtúr inmheánach. I measc na n‑athruithe sin, cuireadh tinteáin agus simléir isteach. Cé go bhfuil an mhórchuid de na hurláir inmheánacha ar shiúl, tá na coirbéil a chuir taca fúthu agus na síleálacha le feiceáil i gcónaí. Bhain Rannán Cúnta Chonstáblacht Ríoga na hÉireann leas as Caisleán Dhroim Tharsna le linn Chogadh na Saoirse (1919-1921); rinne siad ionad ceistiúcháin de i gcomhair reibiliúnaigh phoblachtánacha na hÉireann agus iad siúd a thaobhaigh leo.
Thit ceanna de na maruithe ba ghránna den choimhlint sin amach sa chaisleán. Tugadh beirt bhall d’Óglaigh na hÉireann — na deartháireacha Pádraig agus Anraí Ó Lachtnáin — ann an 26 Samhain 1920 lena gceistiú. Naoi lá ina dhiaidh sin, fuarthas a gcoirp i bhfolach i linn 5 chiliméadar ó thuaidh ó Ard Raithin agus iad ciorraithe, dóite agus ainimheach. Cuireadh na deartháireacha i Reilig Sheaneaglaise, an Gort, Contae na Gaillimhe. Tá na sonraí ar fad faoin eachtra le fáil i mbailiúchán Bhiúró na Staire Míleata den Chartlann Mhíleata ar www.militaryarchives.ie
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Chaisleán Dhroim Tharsna
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Caisleán Bhaile Átha an Rí
Suaitheantas de thiarnas na Normannach
Timpeall 18.6 km ón Caisleán Dhroim Tharsna
Mainistir na hInse
Féach le haoibhneas ar shnoiteáin fhíoráille na hAthbheochana
Timpeall 34.3 km ón Caisleán Dhroim Tharsna
Caisleán agus Gairdíní Phort Omna
Breáthacht ón seachtú haois déag ar bhruacha Loch Deirgeirt
Timpeall 42.0 km ón Caisleán Dhroim Tharsna
Caisleán Achadh na nIúr
Seoid stairiúil i gcroílár Chonamara
Timpeall 42.0 km ón Caisleán Dhroim Tharsna
Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh Conamara - Teach na bPhiarsaigh agus Ionad Cuairteoirí
Teachín ar maos sa stair réabhlóideach agus i gcultúr na nGael
Timpeall 58.3 km ón Caisleán Dhroim Tharsna
Láithreán Mainistreach Chluain Mhic Nóis
Mainistir shuntasach ar bhruach abhainn na Sionainne
Timpeall 60.5 km ón Caisleán Dhroim Tharsna