Fógra
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Dún Eochla atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
*Eolas Sábháilteachta: Tá féar ar an gcosán isteach chuig Dún Eochla soir ón Teach Solais, teach solais nach bhfuil in úsáid níos mó.*
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Dún Eochla
Tá Dún Eochla, caiseal ón luath-mheánaois, suite beagnach ag an bpointe is airde den oileán. Tá radhairc bhreátha as ar Chonamara ó thuaidh, agus ar Dhún Dúchathair agus ar chósta Chontae an Chláir ar an taobh thoir. Tá sé suite i mbaile fearainn Eochaille, mar sin caithfidh sé gur fhás crainn iúir anseo go luath i dtréimhse na meánaoise.
Is dóigh go ngabhann an dúnfort siar go dtí thart ar an mbliain A.D. 700 agus go raibh taoiseach rachmasach as an áit ag cur faoi ann, agus smacht aige ar an talamh máguaird. Tá sé suite leath bealaigh idir na páirceanna ísealchríche ó thuaidh áit ar chaith beostoc an samhradh, agus na haillte áit ar chaith siad an geimhreadh. D’fhéadfaí ainmhithe a bhailiú isteach san imfhálú lasmuigh in amanna contúirteacha. Seans gur dearadh ballaí móra an dúnfoirt chun naimhdí áitiúla an taoisigh a chur ó dhoras agus eagla a chur orthu, agus seans go ndearnadh é freisin chun cur suas d’ionsaí fisiceach ó naimhdí.
Tá dhá bhalla chiorclacha sa dún. Tá an balla is faide istigh mór millteach: 5m ar airde agus 3.5m ar tiús. Tá trí shraith sa bhalla, ceann taobh istigh den cheann eile agus tá cúpla ardán agus sraith céimeanna ann. Tugtar le fios ó sceitse a rinne an scoláire Breatnach Edward Lhuyd ó 1700 gurbh ann d’iarsmaí tí ag an am, ach nach bhfuil ach rian beag de sin ann inniu sa charnán cloch atá i lár na mainnre.
Cuidigh linn le do thoil an séadchomhartha seo a thabhairt slán le haghaidh na nglúnta oileánach agus cuairteoirí amach anseo – ná téigh in airde ar na ballaí agus ná bain aon chlocha.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Dhún Eochla
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Dún Aonghasa - Seandún Cloiche
Ceann de na dúnta is suntasaí in iarthar na hEorpa
Timpeall 4.5 km ón Dún Eochla
Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh Conamara - Teach na bPhiarsaigh agus Ionad Cuairteoirí
Teachín ar maos sa stair réabhlóideach agus i gcultúr na nGael
Timpeall 29.5 km ón Dún Eochla
Caisleán Achadh na nIúr
Seoid stairiúil i gcroílár Chonamara
Timpeall 43.0 km ón Dún Eochla
Mainistir na hInse
Féach le haoibhneas ar shnoiteáin fhíoráille na hAthbheochana
Timpeall 57.3 km ón Dún Eochla
Inis Cathaigh agus an tIonad Cuairteoirí
Faigh amach faoi Stair, Miotas agus Finscéal Inis Cathaigh
Timpeall 58.5 km ón Dún Eochla
Caisleán Bhaile Átha an Rí
Suaitheantas de thiarnas na Normannach
Timpeall 66.4 km ón Dún Eochla